Duaiseanna iriseoireachta buaite ag triúr scríbhneoirí óga Gaeltachta

Thug beirt as Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus duine amháin ó Choláiste Ghobtnatan i Múscraí an lá leo ag an gcomórtas náisiúnta Press Pass an tseachtain seo

Duaiseanna iriseoireachta buaite ag triúr scríbhneoirí óga Gaeltachta

Kate Ní Dhubháin,Pobalscoil Chorca Dhuibhne; Síofra O’Dwyer, Scoil Mhuire, Bun Cranncha; Jack Farrell, Causeway Comprehensive School, Ciarraí; Caitríona Ní Chonaill, Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Ire, agus Emma McGoey, Mean Scoil Mhuire, An Longfort. Pictiúr: Fennell Photography

Bhuaigh scríbhneoirí óga Gaeltachta trí dhuais ag comórtas náisiúnta iriseoireachta an tseachtain seo.

Bhuaigh Tomás Ó hUallacháin, ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, an mhórdhuais i gcomórtas Press Pass, a reáchtálann an eagraíocht NewsBrands Ireland, dá alt faoi Thomás Mac an tSaoir, a rothaigh trasna Mheiriceá anuraidh.

Dúirt cathaoirleach an choiste moltóireachta, an tOllamh John Horgan, go raibh caighdeán ag baint le halt Uí Uallacháin “a mbeadh meas ag go leor iriseoirí gairmiúla air”.

“Téann sé i bhfeidhm orainn agus ar ár samhlaíocht ó thús bréagréidh a scéil shuaithinsigh agus ropann na hailt ghairide sinn ar aghaidh go dtí an chonclúid a chuireann barr slachta ar gach rud ar bhealach a mbeadh meas ag go leor iriseoirí gairmiúla air,” a dúirt sé.

Bhí cúig fhorannóg sa chomórtas: Spórt, Tuairimíocht, Nuacht, Fóta-iriseoireacht, agus Gné-ailt, agus cuireann daltaí idirbhliana ó cheann ceann na tíre isteach air gach bliain.

Ba í Kate Ní Dhubháin, atá ag freastal ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne chomh maith, a bhain an duais don alt nuachta ab fhearr.

Thug Caitríona Ní Chonaill, atá san idirbhliain i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre, an chraobh léi ag an gcomórtas ‘Press Pass’ dá gné-alt faoi dhéagóirí agus an ceol traidisiúnta.

Ina halt, dar teideal ‘Set Dancing’, bréagnaíonn Ní Chonaill an t-áitiú gur spéis le gach uile dhéagóir an dioscó agus cuireann síos ar an éileamh mór a bhíonn ag a comhaoisigh ar cheol traidisiúnta na hÉireann, agus go mór mór ar an damhsa seit.

Dúirt moltóirí an chomórtais gur “díol suntais” a bhí in alt Ní Chonaill thar na hailt uile a cuireadh isteach ar an gcomórtas.

“Níor cheart go rachadh an damhsa seit i gcion orainn. Níor cheart go spreagfadh sé moltóirí atá sna 30idí agus sna 40idí, a bhfuil na scórtha aiste léite acu, ach tá éacht déanta ag an scríbhneoir buacach seo.

“Chuir an prós álainn, an réamhrá cliste agus an hagallaimh mhaithe, ábhartha faoi gheasa sinn, agus an léitheoir á thabhairt siar san am. Ba d’aon ghuth amháin, nach mór, a roghnaíomar Caitríona Ní Chonaill mar bhuaiteoir,” a dúradh i ráiteas na moltóirí.

Rinne Coláiste Ghobnatan comhghairdeas le Ní Chonaill ar na meáin shóisialta an tseachtain seo agus leis an múinteoir, Bean Uí Argáin, a thug cúnamh agus tacaíocht don chailín óg Gaeltachta agus í ag ullmhú don chomórtas.

Fág freagra ar 'Duaiseanna iriseoireachta buaite ag triúr scríbhneoirí óga Gaeltachta'