Duais na staire buaite ag ‘Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916’ ag Féile na Meán Ceilteach

TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann a choimisiúnaigh an clár faisnéise staire faoin údar agus athbheochanóir a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann

Duais na staire buaite ag ‘Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916’ ag Féile na Meán Ceilteach

Tá duais eile buaite ag clár Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach 2017 in Doolish, Oileán Mhanann agus an gradam don chlár staire is fearr buaite ag Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916.

TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann a choimisiúnaigh an clár faisnéise staire faoin údar agus athbheochanóir a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann agus a raibh baint mhór aige le ceann de na tréimhsí ba chinniúnaí i stair na hÉireann.

An comhlacht neamhspleách léiriúcháin, Doubleband Films a léirigh Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916 a fuair maoiniú freisin ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont,  gur “duais shuntasach” a bhí inti “do chlár substaintiúil faoi phearsa ildánach ar fánach an aird a thugtar air go minic”. 

Tá go leor scríofa, craolta agus ráite le cúpla bliain faoi cheannairí an Éirí Amach agus is ceart sin ach tugann an clár seo léargas na ‘súile eile’  ar dhuine a bhí lárnach sa nGluaiseacht agus san Athbheochan agus i mblianta tosaigh an tSaorstáit ina dhiaidh sin,” a dúirt Alan Esslemont.

Bronnadh an duais don chlár is fearr do pháistí ag Féile na Meán Ceilteach inné ar TG4 agus an comhlacht léirithe Gaeltachta, Meangadh Fíbín. Bronnadh an duais ar an tsraith eolaíochta Is Eolaí Mé.

Ba é Darach Ó Tuairisg, as An Lochán Beag i gConamara, ó Mheangadh Fíbín, a ghlac leis an ngradam inné agus má dhein bhí comhluadar Gaeltachta i measc na mbuaiteoirí eile aige.

Bhí beirt fhear eile as Carna ag ceiliúradh ag an bhFéile chomh maith inné – Seán Ó Cualáin, ón gcomhlacht Sónta, a thug leis an gradam don scannán faisnéise spóirt is fearr do Crash and Burn agus Cillian Fennell, léiritheoir agus cruthaitheoir Centenary, mórléiriú RTÉ do chomóradh 1916, a thug leis an gradam i rannóg na siamsaíochta.

Fág freagra ar 'Duais na staire buaite ag ‘Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916’ ag Féile na Meán Ceilteach'