Duais mhór buaite ag leabhar ina ndéantar iniúchadh ar thionchar mheath na Gaeilge ar an litríocht

Bhuaigh Languages of the Night le Barry McCrea, ‘Duais René Wellek’, mórdhuais a bhuaigh leithéidí Edward Said agus Umberto Eco

Untitled-1

I measc na mórscoláirí a bhfuil an duais seo buaite cheana acu, tá Edward Said agus Umberto Eco.

Tá duais mhór buaite ag leabhar le Barry McCrea ina ndéantar iniúchadh ar an rian a d’fhág meath teangacha agus canúintí in Éirinn agus i gceantair iargúlta san Eoraip ar an litríocht agus ar an smaointeoireacht.

Bhuaigh Languages of the Night le Barry McCrea, Ollamh leis an Léann Éireannach agus Ollamh leis an mBéarla agus na Teangacha Rómhánacha i Notre Dame, ‘Duais René Wellek’ don leabhar is fearr ag gradaim an American Association of Comparative Literature.

I measc na mórscoláirí a bhuaigh an duais seo, tá Edward Said agus Umberto Eco.

Áitítear sa leabhar gur spreagadh mór a bhí i “homaiginiú tobann teangeolaíoch thuath na hEorpa” ar dhul chun cinn an nua-aoiseachais sa litríocht.

“Seán Ó Ríordáin in Ireland and Pier Paolo Pasolini in Italy reshaped minor languages for use as private idioms of poetry; the revivalist idealization of Irish as a lost utopian language deeply affected the work of James Joyce; the disappearing dialects of northern France seemed to Marcel Proust to offer an escape from time itself,” a deir McCrea.

Seo é an chéad uair ar bhuaigh leabhar a bhaineann le cúrsaí na hÉireann duais don leabhar is fearr sa chomórtas seo.

Áirítear an duais Wellek ar cheann de na duaiseanna is mó gradam i saol léann na litríochta.

Mhol coiste an American Association of Comparative Literature saothar McCrea go hard agus an duais á bronnadh air an tseachtain seo caite.

Dúirt an coiste moltóirí go mbeadh “tionchar mór ag an imleabhar sách beag seo ar an taighde sa litríocht chomparáideach a dhéanfar amach anseo” agus gur “athdhearbhú” atá sa leabhar “ar an tábhacht a bhaineann leis an gné áitiúil de shaol na cathrach”

Dúradh go raibh an leabhar scríofa go hálainn agus go samhlaíoch.

‘”Is tour de force atá ann ó thaobh na modheolaíochta de,” a dúirt na moltóirí.

Fág freagra ar 'Duais mhór buaite ag leabhar ina ndéantar iniúchadh ar thionchar mheath na Gaeilge ar an litríocht'