Droichead nua ‘a mhairfidh 100 bliain’ tógtha i nGaoth Dobhair

Bhí imní ar bhunadh na háite faoi shábháilteacht an droichid ar an Ghlaisigh do pháistí agus do dhaoine fásta a bheadh ag siúl air

Droichead nua ‘a mhairfidh 100 bliain’ tógtha i nGaoth Dobhair

Tá droichead nua tógtha i nGaoth Dobhair “a mhairfidh céad bliain”, dar le comhairleoir contae as an gceantar.

Dúirt an comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh le Tuairisc.ie tráthnóna gur “infheistíocht mhaith don cheantar” a bhí sa €70,000 a cheadaigh an Chomhairle Contae don droichead nua ar an Ghlaisigh sa cheantar Gaeltachta agus go ndearnadh “jab proifisiúnta” le seachtain anuas ar an droichead.

“Bhí an droichead a bhíodh ann i ndrochstaid ar feadh blianta, agus ní dhearnadh aon infheistíocht ann. Bhí imní ar mhuintir an cheantair maidir le sábháilteacht, páistí agus daoine fásta, a bhíodh ag siúl ar an droichead. D’amharc an Chomhairle Contae ar an droichead agus chonaic siad nach raibh sé láidir go leor agus gur tógtha ar chlocha a bhí sé,” a mhínigh Ó Fearraigh.

Bhí an bóthar ar ’chaon taobh den droichead dúnta ar feadh 6 lá ach tá an trácht ceadaithe ar an droichead anois arís. Meastar go dtógfaidh sé seachtain nó dhó eile leis an obair ar fad a chríochnú, tá ballaí cosanta ar thaobh an droichid ar chuid den obair atá fós le déanamh.

Fág freagra ar 'Droichead nua ‘a mhairfidh 100 bliain’ tógtha i nGaoth Dobhair'