‘Drochthús don Ghaeilge’ – post nua ceadaithe do ghnóthaí tuaithe ach folúntas Gaeilge sa Roinn le sé mhí anuas

Post sinsearach breise ceadaithe do Roinn nua ach gan aon chinneadh fós faoin bhfolúntas don státseirbhíseach is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de

Rionn4

Comhartha ‘drochmheasa’ ar an nGaeilge é go bhfuil post nua mar cheannasaí ar ghnóthaí tuaithe fógartha cheana féin ag an Roinn chéanna ina bhfuil folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge inti le nach mór sé mhí anuas.

D’fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Dé hAoine folúntas do ‘Ceann Rannán na Forbartha Réigiúnaí agus Gnóthaí Tuaithe’.

Rachaidh an té a cheapfar sa phost nua seo i mbun oibre sa Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta, an roinn nua atá le teacht in áit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is ag leibhéal rúnaí cúnta, an dara grád is sinsearaí i roinn stáit, a bheidh an té a cheapfar sa phost nua.

Dúirt iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie aréir gur “iontach” agus gur “aisteach” leis an scéal go gceadófaí post nua nuair nach bhfuil an folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge líonta go fóill agus nuair nach bhfuil “a fhios ag aon duine fós fiú céard atá ag tarlú sa Roinn nua”.

Is i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a tuairiscíodh go raibh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram agus tá an folúntas ann i gcónaí don phost an státseirbhísigh is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur “drochthús” a bhí ann don Rialtas nua fad is a bhain sé le cúrsaí Gaeilge.

“Léiríonn sé go bhfuil an cur chuige céanna fós ann a bhí ann le cúig bliana, agus go bhfuil an easpa measa céanna ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ann i gcónaí. Taispeánann sé freisin na dúshláin a bheidh roimh Aire Stáit nua na Gaeltachta Seán Kyne sa Roinn nua,” a dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil.

Ba é Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an státseirbhíseach ba shinsearaí a bhíodh ag plé go seasta le polasaí teanga an Stáit nó gur éirigh Killoran as.

Thug iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil ag tús na míosa seo caite nach raibh aon chinneadh déanta fós maidir le ceapachán Stiúrthóir na Gaeilge.

Thug McHugh le fios an uair sin go raibh líonadh an fholúntais á phlé go fóill leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Dúirt an Teachta Dála Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh eolas faighte aige nach raibh dualgais na Roinne nua, a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, fiú amháin aontaithe fós agus go mbeadh dhá mhí eile ann sara mbeadh eagar ar an Roinn nua agus foireann nua i mbun oibre inti.

Tá Tuairisc.ie ag fanacht ar ráiteas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin bhfolúntas do Stiúrthóir na Gaeilge.

 

Fág freagra ar '‘Drochthús don Ghaeilge’ – post nua ceadaithe do ghnóthaí tuaithe ach folúntas Gaeilge sa Roinn le sé mhí anuas'

  • TG Lurgan

    Má tá aon seans ann ar chor ar bith go mbeidh rath ar an nGaeltacht, caithfear an “Roinn” seo a chur amach ar féarach. Ag iarraidh daoine a bhreabadh le híocaíóchtaí an t-aon cur chuige a bhí ariamh acu. D’fheilfeadh Údarás athchóirithe ag obair le bord Oideachais Gaeltachta i bhfad níós fearr. ‘Sé an t-oideachas an t-aon dóchas do thodhchaí na Gaeltachta, más ann di.