Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…

Tá fianaise eolaíoch ann anois a léiríonn go bhfuil drochmheas ar chanúintí áitiúla san Ísiltír, rud a bhí a fhios ag ár gcolúnaí le fada an lá

Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…

Ceann de na difríochtaí is mó a thug mé faoi deara riamh idir muintir na hÉireann agus muintir mo thíre dúchais, an Ísiltír, ná an meas a bhíonn ag an gcéad dream ar chanúintí áitiúla, agus an drochmheas a bhíonn ag an dara dream orthu.

B’fhacthas dom riamh, nuair a bhí cónaí orm in Éirinn, go mbíodh muintir na hÉireann mórtasach as a gcanúint féin, cuma cén taobh den tír arbh as iad. Béarla nó Gaeilge, bhídís chomh dílis chéanna do chaint a gceantar dúchais agus a bhídis d’fhoireann pheile a gcontae.

Scéal eile ar fad a bhí ann san Ísiltír, áit a gcuirtear fotheidil orthu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu leagan réigiúnach den teanga a labhairt ar an teilifís.

Rinne mo mháthair féin tréaniarracht, nuair a bhí sí óg, fáil réidh leis an mblas iarthuaisceartach ar a cuid cainte. Bhí ranganna foghraíochta i gceist; ach an oiread le mórán daoine as an gceantar arb as di ó dhúchas ní raibh sí in ann an fhuaim ‘sch’ – carn consan atá sách lárnach san Ísiltíris – a rá. (Bain triail as: abair ’s’ na Gaeilge agus ‘ch’ na Gaeilge i ndiaidh a chéile, mar a bheadh foghar amháin ann, agus beidh sé agat.) Ach bhí níos mó ná sin i gceist. Bhí liosta fada focal réigiúnach le ruaigeadh as a cuid cainte aici freisin, mar aon leis an gcaoi a ndéantar na briathra a infhilleadh ina ceantar dúchais.

D’éirigh le hiarracht mo mháthar, agus lena chois sin, chuaigh sí chun cónaithe níos faide ó dheas, i réigiún a bhfuil caint mhuintir na háite i bhfad níos gaire don Ísiltíris chaighdeánach.

Ní dhearna a deirfiúr iarracht fáil réidh lena canúint, agus chaith m’aintín a saol ar fad sa bhaile beag ar tháinig sí féin agus mo mháthair ar an saol ann. An toradh: bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil dhá theanga éagsúla á labhairt acu nuair a bhíonn siad i mbun comhrá lena chéile inniu.

‘Algemeen Beschaafd Nederlands’ – ‘Ísiltíris Ghinearálta Shibhialta’ – a thugtar ar leagan caighdeánach na hÍsiltírise le fada an lá, téarma a thugann le tuiscint nach caint shibhialta aon leagan eile den teanga. Murar leor sin mar léiriú ar dhrochmheas mhuintir na hÍsiltíre ar an gcaint áitiúil, tá fianaise eolaíoch ann anois.

Léiríonn staidéar ó Ollscoil Tilburg i ndeisceart na tíre go saothraíonn daoine a bhfuil blas láidir réigiúnach ar a gcuid Ísiltírise idir a cúig agus a 15 faoin gcéad níos lú, ar an meán, ná daoine a labhraíonn an leagan caighdeánach den teanga. Dar le Jan van Ours, ollamh le heacnamaíocht fostaíochta ag Ollscoil Tilburg, nach bhfuil cúis ar bith eile ann a mhíneodh an bhearna phá sin. “Ní aois, oideachas ná áit chónaithe – sa chathair nó faoin tuath – is cúis léi,” a deir Van Ours sa nuachtán AD.