Drochdheireadh seachtaine d’fhoirne Gaeltachta na Gaillimhe

Níor bhuaigh ach péire de na foirne Gaeltachta a bhí san iomaíocht i gcraobhacha idirmheánacha agus sinsear an chontae agus bhí torthaí idir mhaith agus olc ag foirne eile i Maigh Eo agus Corcaigh

Imreoir Mhícheál Breathnach, Fiontán Ó Curraoin, a bhí ag imirt lena chumann thar an deireadh seachtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Imreoir Mhícheál Breathnach, Fiontán Ó Curraoin, a bhí ag imirt lena chumann thar an deireadh seachtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Imríodh an dara babhta de chraobhacha peile idirmheánach agus sinsear na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus, tríd is tríd, is drochdheireadh seachtaine a bhí ann d’fhoirne Gaeltachta. Bhí deich bhfoireann Gaeltachta ag imirt thar an deireadh seachtaine agus níor bhuaigh ach péire acu, an Cheathrú Rua sa chraobh sinsear agus Maigh Cuilinn sa chomórtas idirmheánach.

Thug fir na Cheathrún Rua taispeántas dochreidte uathu i gcoinne tánaistí craoibhe na bliana seo caite, Naomh Mícheál. Cuireadh imreoir na Ceathrún Rua den pháirc taobh istigh den chéad cúpla nóiméad ach bhí siad 2-5 chun cinn tar éis ceathrú huaire, gan scór ar bith aimsithe ag Naomh Mícheál. D’aimsigh fir Sheán Uí Dhomhnaill dhá chúl eile taobh istigh den chéad deich nóiméad den dara leath agus bhí farasbarr de scór pointí acu ar deireadh, 4-14 in aghaidh 1-3.

Is i Staid an Phiarsaigh níos déanaí ar an Domhnach sin a bhí fir Indreabháin, Mícheál Breathnach agus iad i gcoinne seaimpíní na hÉireann, Cora Finne. Bhí cúpla imreoir in easnamh ar churaidh na bliana seo caite agus bhain Mícheál Breathnach leas as sin agus iad chun tosach ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-4. Faraor do chumann Chois Fharraige, bhí cóir na gaoithe le Cora Finne sa dara leath agus thug siad an lá leo, a bhuíochas le cúl ó Joe Canney agus ceann eile ó imreoir na Gaillimhe, Gary Sice.

Rinneadh an tarraingt don chéad bhabhta eile sa chraobh sinsear ar an Domhnach agus beidh cath lán-Ghaeltachta ann idir an Cheathrú Rua agus Carna-Caiseal d’áit sna cluichí ceathrú ceannais tar éis do Réalta Thuama an ceann is fearr a fháil ar Charna ag an deireadh seachtaine. Tabharfaidh Cill Aithnín aghaidh ar Chill Fhir Iarainn i mBabhta 3 chomh maith agus imreoidh na Breathnaigh i gcoinne Anach Cuain, a bhuail Bearna ar an Satharn. Tá trí cinn de na foirne a bhí i gcluichí leathcheannais an chontae anuraidh, Bearna san áireamh, anois sna babhtaí dícháilithe i mbliana. Is iad Naomh Mícheál agus Baile an Mhuilinn na foirne eile atá tite siar go mór ó 2014.

Sa chraobh idirmheánach, tar éis dóibh na blianta a chaitheamh ag iarraidh teacht aníos ón ngrád sóisear, tá Oileáin Árainn i mbaol titim anuas láithreach ann arís. Tá fir na n-oileán anois sna babhtaí dícháilithe idirmheánach tar éis dóibh cailleadh in aghaidh Mhionlaigh, 2-9 i gcoinne 2-6, i bPáirc Uí Chionnaith ar an Satharn. Caithfidh Oileáin Árainn an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Gaeltachta eile, an Fhairche, má siad ag iarraidh cluiche dícháilithe i gcoinne Bhéal Átha na Sluaighe nó Gleann na Madadh a sheachaint.

Sa chraobh chéanna, chlis an Spidéal i gcoinne na foirne céanna a dhíbir as an gcraobh anuraidh iad, Muine Mheá-An Mhainistir. Caithfidh siad Béal Átha an Rí a shárú sa chéad bhabhta eile má siad ag iarraidh na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Tá Maigh Cuilinn cáilithe do na cluichí sin cheana féin tar éis dóibh Baile Chláir na Gaillimhe a bhualadh an Aoine seo caite.

I Maigh Eo, bhuaigh Cill tSéadhna a ndara cluiche i nGrúpa 4 de chraobh sinsear peile an chontae i gcoinne an Gharraí Mhóir, 1-10 in aghaidh 1-9. Imreoidh siad Baile Chathail sa chluiche deireanach sa ghrúpa an tseachtain seo chugainn. Sa ghrád idirmheánach, bhí bua maith ag Béal an Mhuirthead in aghaidh Chill Mheáin ach chaill Tuar Mhic Éadaigh den dara uair i nGrúpa 3 nuair a fuair Béal Átha na Muice an ceann is fearr orthu.

I mBabhta 2 de chraobh sinsear peile Chorcaí, ní raibh aon rath ar fhoireann Mhúscraí i gcoinne Dhúiche Ealla an tseachtain seo caite. Chríochnaigh an cluiche 2-17 in aghaidh 1-14 agus an lá le fir iarthuaisceart Chorcaí. Bhí cúrsaí níos deacra fós ag fir Mhúscraí nuair ab éigean do Noel O’Leary an pháirc a fhágáil le gortú sa chéad leath agus rinne an t-imreoir idirchontae Donncha O’Connor scrios do Dhúiche Ealla, agus 0-10 aimsithe aige.

I gCiarraí an deireadh seachtaine seo, rinneadh an tarraingt chomh maith do Bhabhta 3 do chraobh sinsear an chontae. Imreoidh an Daingean i gcoinne Ciarraí Theas. Tá cluiche Chiarraí Thiar i gcoinne Chiarraí Lár i mBabhta 2 fós le n-imirt ach rachaidh buaiteoir an chluiche sin isteach díreach sna bhabhtaí ceathrú ceannais. Imreofar cluichí an Daingin agus Chiarraí Thiar ar an deireadh seachtaine tar éis cluiche ceannais peile na Mumhan ar an 5 Iúil.

Fág freagra ar 'Drochdheireadh seachtaine d’fhoirne Gaeltachta na Gaillimhe'