Drochbholadh ó ‘Identity Ireland/Aitheantas Éire [sic]’

Tá scéal ag ár gcolúnaí do Identity Ireland: Níl aon ‘oll-inimirce’ chun na tíre seo agus ní féidir deireadh a chur le rud éigin nach bhfuil ar siúl

Irish Flag

Ba dhóigh leat go raibh ár ndóthain páirtithe polaitíochta againn cheana féin. Fara a bhfuil againn ó aimsir chogadh na gcarad agus gach scoilt dár lean, tá Renua anois againn, agus na Daonlathaigh Shóisialta, agus na Rossies agus munglam manglam den eite chlé bhocht silte nach féidir cur le chéile. Ach an mhí seo caite féin, aniar ón uaigh, d’éirigh dream eile fós, cailemhineog thríochaidí na haoise seo caite ina slaoda uathu, buataisí ramhra leathair orthu réidh ullamh chun satailte ar an té atá lag, atá éagsúil, agus go háirithe a bhfuil dath na gréine air ó dhúchas.

‘Identity Ireland/Aitheantas Éire [sic]’ an t-ainm atá orthu faoi láthair; bastard oíche an ICP, nó an Immigration Control Platform a fuair bás nádúrtha le déanaí ceal grásta Dé agus aer úr na sibhialtachta. Gan amhras, tá focail bhreátha bhinne acu mar gheall ar ‘fhéiniúlacht’ na tíre, agus slándáil agus saibhreas an phobail, agus is beag duine a chuirfeadh ina gcoinne sin. Ach ní gá druilire leictreach a chur ag obair sara dtagann tú ar an drochbholadh. Is leor scrimh na hiongan leis an mbréantas agus leis an tsailicheacht a nochtadh. Dá ráite féin tá siad ag iarraidh deireadh a chur le ‘oll-inimrce’, agus le ‘ilchultúrachas’.

Scéal liom dóibh: níl aon ‘oll-inimirce’ chun na tíre seo. Glacaimid le deoir bheag bhídeach de na milliúin sin atá á ndíbirt as a bhfearainn chearta is córa ar fud an domhain, agus braon báistí díobh siúd atá ag lorg dídin nó saoil níos fearr san Eoraip. Ní féidir deireadh a chur le rud éigin nach bhfuil ar siúl.

Maidir leis an ilchultúrachas, ní léir cén ghné de ar mian leo fáil réidh léi. Seans maith gur ith siad pizza éigin le déanaí, nó go bhfaca siad scannán Francach, nó gur bhlais siad d’fhíon na hAirgintíne, nó gur chuala siad jazz gorm ar chlár Gay Byrne, nó gur ghluais ceol le Dvorak thar a gcluasa, nó go raibh piobar ón Afraic ar an mbord, nó gur chaith siad éadaí a deineadh sa Téalainn, nó gur áirigh siad cuntas bainc le huimhreacha Arabacha, nó gur cheannaigh gléas Karaoke dá gclann mhac nó iníon… Níl tú ag iarraidh orm dul ar aghaidh.

Peter O'Loughlin
Peter O’Loughlin

Ach an oiread leis an gcaipitleachas domhanda, níl aon fhadhb le hearraí a bheith ag gluaiseacht ar fud na cruinne, ach tá deacracht mhór acu le daoine. Comhartha an mheatacháin déileáil leis an rud balbh, ach an duine beo daonna, bhuel, caithfear é siúd a sheachaint ar eagla do chraicinn. Agus is eagla faoi chraiceann atá ann.

An dream inimirceach is mó sa stát, is Sasanaigh iad. Ní chloisim aon éileamh go gcuirfí cosc leo, ná gur chóir a ndíbirt. Níor cheart, gan amhras. Tá stráicí de chontaetha áirithe i ndeisceart na tíre, go háirithe, ina seilbh ag Gearmánaigh agus Dúitsigh, agus fág go mbíodh monabhar ann anois is arís maidir le cearta siúil agus slí, ní heol dom go bhfuil páirtí ar bith ag moladh an loch amach dóibh. Breis agus 12,000 Meiriceánach de chuid na Stát Aontaithe atá anseo, méadú níos mó ná 10% ar an áireamh deireanach. Gíocs ní airím nár cheart fáilte a chur rompu.

Is é atá i gceist, mar a bhíonn i gcónaí ag páirtithe dá leithéid – an ghluaiseacht Nationalsocialistiske sa Danmhairg, Fáinne Óir an Lae sa Ghréig, Bloed, Bodem, Eer en Trouw i bhFlóndras – íonghlaine na fola gile ó thruaillchró na ndaoine gorma is na neachanna dorcha aneas.

Migrants

Tá íoróin bhreise thruamhéalach á leanúint seo sna seachtainí faoi láthair ina bhfuil cabhlach iontach an stáit seo ag piocadh daoine ón bhfarraige agus á dtabhairt ar lámh shábhála. Tá gach cuma ar na snámhacháin dhorcha seo gur baol do chultúr íonghlan neamhthruaillithe ón iasacht na hÉireann iad! Tá breis agus 60 milliún duine ar fud na cruinne saghas daonna seo ina dteifigh, agus a thrí oiread sin atá díbeartha ar chúiseanna nach mbaineann leo féin. Seo an méid díbeartach is mó riamh ón dara mórchogadh barbartha.

A bhformhór ag gluaiseacht leo ó thír bhocht scriosta go tír bhocht scriosta eile. Dúnphort compordach is ea an Eoraip bheag chúng sprionlaithe i gcoinne na faidhbe is mó atá le freagairt ag rialtais agus ag gnáthmhuintir na dtíortha faoi phribhléid. Scannal é seo a éilíonn go sracfaí gruaig neimhe anuas le fórsa. Mar mhalairt air sin, faighimid an suarachas beag lofa seo agus aer á thabhairt dó. Tá breis agus 750 milliún duine san Eoraip impiriúlach seo. Cén nath dúinn cúpla céad míle dorchánach chun ár n-aigne dhúnta a oscailt de bheagán éigin? Scaoiltear isteach iad. Níl aon eagla ormsa. An bhfuil ortsa? Cén fáth?

Is ea. Tá boladh bréan ón bpáirtí nua seo. Diúltaítear dóibh gan leithscéal, gan fhaiteadh na súl, gan chasadh ribe. Diúltaítear dóibh le seacht gcéad míle mallacht agus thairis.

Fág freagra ar 'Drochbholadh ó ‘Identity Ireland/Aitheantas Éire [sic]’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuige a bhfuil fógra mór Béarla ag Peter O’Loughlin i lár an gcolún seo?

    An bhfuil an Front Nationale sa Fhrainc ar chomhintinn leis na páirtithe atá luaite thuas?

    …’munglam manglam den eite chlé bhocht silte nach féidir cur le chéile.’ – nach bhfuil pobal na Gaeilge mar seo fosta?

    Cá bhfuair tú an uimhir de 750 milliúin duine san Eoraip impiriúlach? Ní fheicimse ach 503 milliúin duine san Aontas Eorpach.

    Tá na daoine bochta seo ag teitheadh as a dtíortha féin de thairbhe foréigean/contúirt/cogadh – do bharúil an bhfuil cás le freagairt ag Stáit Aontaithe Mheireceá maidir leis na huafáis seo?

  • shane

    Cad chuige a bhfuil fógra mór Béarla ag Peter O’Loughlin i lár an gcolún seo?
    mar “chárta AITHEANTAIS” is dóigh …..
    Táim ag súil go mór leis an chéad phreasráiteas as GA acu maidir le “ciúnas bóthar cailín baine”.

    Ach é sin ráite: tá timpeall ar 750 milliúin duine san Eoraip iomlán agus 500 milliúin san AE.