‘Droch-chaighdeán uisce’ ag Trá na bhForbacha i nGaeltacht na Gaillimhe

Bhí Trá na bhForbacha i measc na sé thrá ba mheasa caighdeán uisce anuraidh agus tugadh stádas “droch-chaighdeán” don uisce snámha ann

‘Droch-chaighdeán uisce’ ag Trá na bhForbacha i nGaeltacht na Gaillimhe

Theip ar Thrá na bhForbacha i nGaeltacht na Gaillimhe an caighdeán is ísle uisce a bhaint amach i dtástáil a rinne an An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

De réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland — A Report for the Year 2016, bhí Trá na bhForbacha i measc na sé thrá ba mheasa caighdeán uisce anuraidh agus tugadh stádas “droch-chaighdeán” don uisce snámha ann.

De réir an rangaithe sin, tá an baol ann go mbeadh truailliú ann san uisce a chuirfeadh gríos ar cholainn snámhaí nó a chuirfeadh isteach ar an mbolg.

Caithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe comharthaíocht a chrochadh sna Forbacha anois ar a dtabharfar rabhadh don phobal gan snámh ag an trá. Sa chás go mbeadh truailliú tromchúiseach i gceist, d’fhéadfaí cosc iomlán snámha a chur i bhfeidhm ann.

Rinneadh tástáil ar 140 trá in Éirinn an bhliain seo caite. D’éirigh le 93% acu an bunchaighdeán uisce a bhaint amach. Bhain 73% an stádas “caighdeán den scoth” amach, agus bhain 13% an stádas “caighdeán maith” amach.

Cé go bhfuil trí thrá i gcontae na Gaillimh i measc na sé thrá nár bhain an bunchaighdeán uisce amach, ba í Trá na bhForbacha an t-aon trá Ghaeltachta sa tír ar theip uirthi sa tástáil.

Ba iad na tránna eile sin Trá Bhaile an Locháin (Gaillimh), Trá Mhuirfean (Baile Átha Cliath), Trá Loch Sionnaigh (Baile Átha Cliath), Trá Phort Reachrann (Baile Átha Cliath), agus Trá an Chlocháin (Gaillimh).

Seo í an chéad bhliain ar tugadh an stádas “droch-chaighdeán uisce” do Thrá na bhForbacha. Bhain an trá an bunchaighdeán amach in 2015 agus in 2014. Maítear sa tuarascáil a d’eisigh an EPA gur ábhar ó na haibhneacha atá gar don trá agus na dabhcha séarachais sa cheantar ba chúis leis an truailliú.

An mhí seo caite, foilsíodh torthaí tástálacha a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag an Spidéal, cúpla ciliméadar siar an bóthar ó na Forbacha. Aimsíodh sa staidéar sin an frídín contúirteach NDM, an chéad uair ar thángthas ar a leithéid riamh ar láthair phoiblí shnámha san Eoraip.

Mhaígh an fhoireann eolaithe a rinne an staidéar go bhfuil an baol ann go mbeadh a leithéid de fhrídín in  áit ar bith a scaoiltear séarachas neamhchóireáilte amach san fharraige.

Dúradh sa staidéar gur séarachas daonna is cúis leis an truailliú ag na tránna sa cheantar Gaeltachta. Aimsíodh an t-ábhar truaillithe sin i samplaí uisce a fuarthas ag na tránna an samhradh seo caite.

Fág freagra ar '‘Droch-chaighdeán uisce’ ag Trá na bhForbacha i nGaeltacht na Gaillimhe'