Dream ar leith iad saoránaigh Sheastán na dTreabh na laethanta seo

An bheocht agus an pléaráca ar ais go láidir i Seastán na dTreabh ar an mBóthar Beag tráthnóna Dé Sathairn seo caite

Dream ar leith iad saoránaigh Sheastán na dTreabh na laethanta seo

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí an bheocht agus an pléaráca ar ais go láidir i Seastán na dTreabh ar an mBóthar Beag tráthnóna Dé Sathairn seo caite le linn do Chonnachta an bua a fháil ar Toulouse i gComórtas Chorn na Seaimpíní.

Ní hé gur mheas muintir na háite sin gur fhág éachtaí an tséasúir seo caite go mbeidís ag gabháil fhoinn chuile uair a ritheann John Muldoon agus a leathbhádóirí amach ar an bpáirc agus tá oiread dá gcuid imreoirí gortaithe go raibh leithscéal maith ar fáil nuair a bhuaigh na Warriors ar Chonnachta 34-16 sa gcéad bhabhta de Pro 12 an tséasúir seo thall i nGlaschú.

In olcas a chuaigh an scéal áfach leis an gcliseadh 11-32 in aghaidh na Ospreys ar an mBóthar Beag agus na Scarlets 17-8 i Llanelli. Dia féin a shábháil ar thubaiste eile iad nuair a d’oscail na spéartha agus iad sna seomraí feistis ag leath ama i Stadio Sergio Lanfranchi, áit a raibh Zebre 22-10 chun cinn. B’fhearr ná sin arís é nuair a chinntigh sé go mba in olcas a chuaigh an doineann agus go gcaithfí cúrsaí a chaitheamh i dtraipisí.

Ach mura raibh an t-ádh ag siúl le mo chomhghleacaithe i Seastán na dTreabh na laethanta sin, tá athrú poirt anois acu. Más glórach, callánach a bhíodar ansiúd cúpla seachtain ó shin nuair a bhuaigh siad ar na hUltaigh, is féidir na haidiachtaí ‘clamprach’ agus ‘fiáin’ a chur ina leith freisin agus duine ag cur síos ar a mbua ar Toulouse.

Sa mbliain agus fiche ó cuireadh bonn gairmiúil faoin rugbaí in Éirinn is é Pro 12 an tséasúir seo caite an t-aon chomórtas a bhuaigh na Connachtaigh. San achar sin tá Corn Heineken buaite ag Toulouse ceithre huaire (agus iad in dhá chluiche ceannais eile), mar aon le Sraith na Fraince ocht n-uaire.

Buiséad €31 milliún atá acu i mbliana – 6 oiread a bhfuil le caitheamh ag Pat Lam agus bhí triúr de na himreoirí is cáiliúla dá raibh geansaí dearg an chumainn orthu agus iad ina neart, Thierry Dussatoir, Immanol Harinordoquy agus Fabian Pelous, ina gcaptaein ar an bhFrainc.

Dream ar leith iad saoránaigh Sheastán na dTreabh na laethanta seo agus is beag nach bhfuil aithne acu ar a chéile. An chéad rud a fhoghlaimíonn siad gur beag seans a bheidh ann go gcaithfidh siad mórán ama ar a suaimhneas, mar ní hin an bealach atá le Connachta. Bíodh do chroí láidir, nó is beag gnó atá agat ag breathnú orthu.

In aghaidh na nUltach, bhí siad 22-8 chun cinn ag leath ama, ach ghéilleadar dhá úd ag tús an dara leath. Le hallas, agus iad ar an dé deiridh, chuaigh siad chun cinn arís agus fógraíodh a mbua.

An scéal céanna a bhí arís ann in aghaidh Toulouse, chun deiridh faoi dhó, ansin chun cinn agus idir dhá cheann na meá sna nóiméid dheireanacha.

Agus an clog ag tabhairt le fios go raibh dhá nóiméad fanta, bhí na Connachtaigh i bhfoisceacht 15 méadar dá líne féin, an liathróid ina seilbh agus gan ina n-intinn ach gan an cic éirice a thabharfadh an bua do na Francaigh a ghéilleadh – rud nach mbíonn éasca ina leithéid de chás.

Rinne siad athchúrsáil ar an liathróid ceithre huaire agus bhain cosamar nóiméid den chlog – contúirt an phionóis ag dul i méid chuile uair acu sin. Agus 40 soicind fanta chuireadar bonn fúthu féin arís tuairim 20 méadar ón áit a raibh mé i mo sheasamh.

Chuaigh imreoirí na clibirte i ngleic lena chéile. Rug Kieran Marmion ar an liathróid, bhreathnaigh sé sall ar a chuid cosantóirí agus thuig sé láithreach nach raibh seans faoin spéir go mbuafaí ar a fhoireann.

Ní raibh ann ach an comhartha ba lú agus bhí an t-ádh ormsa go bhfaca mé féin é, mar bhí a fhios agamsa mé féin freisin anois nach raibh aon bhaol orthu.

Ronan Loughney, ar a ghogaide, a thug an comhartha. Ógánach Bhiorra, Shane Delahunt lena ais, JP Conney ar an taobh eile dó, iad triúr faoi réir le seilbh a ghlacadh agus séala daingean a chur timpeall na liathróide.

An meangadh beag gáire a bhí ar bheola fhir Bhearna a d’inis an scéal. “Ná bíodh aon imní ort, scaoil chugainn í agus má tá orainn fanacht ar an obair seo go dtráfaidh Dug na Gaillimhe, ní leagfaidh aon Fhrancach a mhéar uirthi.”

B’in scléip an tSathairn. Ag am lóin lá arna mhárach a fuair mé glaoch teileafóin ag rá go raibh Anthony Foley imithe uainn, trócaire air.

Scéalta mar sin a léiríonn fírinní loma an tsaoil do dhuine.

Fág freagra ar 'Dream ar leith iad saoránaigh Sheastán na dTreabh na laethanta seo'