Dramatúlacht curtha ag Eastwood i ‘Miorúilt an Hudson’ ach is trua nár deineadh tuilleadh tochailte

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: D’fhág Tom Hanks go leataoibh an tsoineantacht agus acmhainn grinn a bhíonn aige de ghnáth le carachtar ciúin, tomhaiste, macánta a chur os ár gcomhair

Dramatúlacht curtha ag Eastwood i ‘Miorúilt an Hudson’ ach is trua nár deineadh tuilleadh tochailte

‘Brace for impact.’ Sin iad na focail nach dteastaíonn uait a chlos agus tú ar bord eitleáin. Ar an drochuair b’shin iad na focail a bhí le clos ar eitilt US Airways ó La Guardia go Charlotte i mí Eanáir 2009. Ní rabhthas san aer ach cúpla nóimint nuair a bhuail an t-eitleán faoi scata géanna agus gur cuireadh an dá inneall ó mhaith. Chinn an captaen Chesley “Sully” Sullenberger nach raibh dóthain ama acu filleadh ar an aerfort, nó ar aon aerstráice go deimhin, agus dhein sé an t-aerárthach a thuirlingt ar an Hudson. An chéad bhabhta riamh gur deineadh a leithéid le hábhalscaird. Is mar gheall air sin a baisteadh ‘The Miracle on the Hudson’ ar an eachtra.

Ní nach ionadh ghin an gníomh gaisce úd, agus an tslí gur thug gach duine den 155 a bhí ar bord a gcosa leo, ceannlínte ar fud an domhain. Fágann sin go bhfuil cur amach ag anachuid den lucht féachana ar eachtraí an tsaothair seo.

‘Séard a chuireann an seanchat Clint Eastwood roimhe ná drámatúlacht a chur sna bhfiosrúcháin a lean, léargas de shaghas a thabhairt ar an bhfear agus ar an tionscal mar aon le cúpla bligeard geamaireachta a sholáthar fan na slí.

Rogha shoiléir ba ea Tom Hanks a earcú don phríomhról. Sin ráite d’fhág sé go leataoibh an tsoineantacht agus acmhainn grinn a bhíonn aige de ghnáth le carachtar ciúin, tomhaiste, macánta a chur os ár gcomhair. Chaith sé formhór an scannáin agus roic ina éadan agus dath an bháis air.  Tá a chéad oifigeach, Jeff Skiles níos deisbhéalaí agus níos tiarnúla, comhghleacaithe iad mar sin féin seachas comrádaithe. Siad an t-aon dá charachtar gur fiú trácht orthu agus tá Laura Linney curtha amú i ról gan chúiteamh mar bhean chéile Sully. 

Gan amhras ní leor an laochadhradh gan an bithiúnach agus is iad lucht fiosraithe an NTSB (National Transportation Safety Board) na bithiúnaigh a soláthraíodh agus ba léir sin ón gcéad luí súl. De réir tuairiscithe tá muc ar gach mala ag an NTSB mar gheall ar an léiriú diúltach a deineadh orthu. Taibhsíodh dúinn go minic i rith an scannáin gurbh fhusa do gach éinne (aerlíne, lucht déanta eitleáin, údaráis srl) dá bhféadfaí an mhéar a shíneadh ón tionscal chuig an duine daonna. B’ábhar díomá nár deineadh a thuilleadh tochailte ar an drochíde a tugadh do ghairm an phíolóta, ábhar a bhí idir chamáin ag Sully féin nuair a labhair sé os comhair na Comhdhála.

Is de réir a chéile, agus ó dhearcthaí difriúla, a deineadh an tuirlingt féin a shamhlú dúinn. Bhí slachtmhaireacht agus réalachas nótálta ag baint leis na míreanna seo cé ná fuaireas aon bhlas ar an mbuaileam sciath agus moladh as cuimse do na seirbhísí éigeandála.

Tugadh sin go críoch shásúil, mhéaldrámata. An mheá á crochadh i gcoinne na mbithiúnach. Teannas ann chomh maith ar a shon sin. Is fada roimis sin go raibh tine ar an gcraiceann ag féachaint ar ionsamhluithe ar ríomhairí.

Ba dheas leis an mhír a soláthraíodh tar éis na teidil chreidiúna; cúpla soicind do Sully, a chriú agus na paisinéirí ag caint is ag comhrá.

Scannán beag deas.

Fág freagra ar 'Dramatúlacht curtha ag Eastwood i ‘Miorúilt an Hudson’ ach is trua nár deineadh tuilleadh tochailte'