Drámaí i dteangacha seachas an Ghaeilge le bheith ar chlár Amharclann Ghaoth Dobhair

Cé gur léiríodh corrdhráma san amharclann Ghaeltachta i dteangacha eile roimhe seo, seo an chéad uair a bheidh siad ar chlár na hamharclainne ‘ar bhonn rialta’. Deir an coiste gur don Ghaeilge a thabharfar tús áite i gcónaí, áfach

Drámaí i dteangacha seachas an Ghaeilge le bheith ar chlár Amharclann Ghaoth Dobhair

Tá drámaí agus léirithe i dteangacha eile seachas an Ghaeilge le bheith ar chlár Amharclann Ghaoth Dobhair “ar bhonn rialta” den chéad uair ó osclaíodh an amharclann Ghaeltachta in 1961.

Dheimhnigh Pól Mac Cumhaill, cathaoirleach na hamharclainne, do Tuairisc.ie gurb í an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach an rud is tábhachtaí leis ann amharclann agus go dtabharfar tús áite i gcónaí do dhrámaí Gaeilge inti, ach go nglacfaidh an amharclann le drámaí a bheidh á léiriú i dteangacha eile freisin.

Tá an dráma Béarla Green and Blue leis an drámadóir Laurence McKeown á léiriú san amharclann mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Earagail an mhí seo. Dúirt Mac Cumhaill go bhfuil drámaí i gcúpla teanga eile beartaithe don amharclann don chuid eile den bhliain freisin.

Ní hé seo an chéad uair a léiríodh drámaí i dteangacha seachas an Ghaeilge san amharclann Ghaeltachta, a athosclaíodh i mbliana tar éis deich mbliana, ach is é an chéad uair a bheidh siad á léiriú “ar bhonn rialta”.

“Bhí drámaí i nGàidhlig, Béarla agus teangacha Eorpacha eile againn roimhe, ach ní raibh siad ann ar bhonn rialta. A fhad is go bhfuil téama ann a oireann dúinne, agus mura bhfuil imeacht ar siúl againn féin, imeacht Ghaeilge, amharcfaidh muid ar léirithe eile go tchífidh muid an bhfuil siad ealaíonta, an bhfuil siad cultúrtha agus achan rud eile mar sin.

“Má tá téama cultúrtha ann, go háirithe téama Gaelach, beidh fáilte rompu má tá an spás ar fáil againn. Tá na healaíona difriúil ó achan rud eile, agus má tá cultúr ag baint le rud, is furasta cúrsaí teanga a fhorbairt timpeall air. Is cainteoir Gaeilge an fear a scríobh an dráma Béarla atá mar chuid d’Fhéile an Earagail agus beidh sé ag tabhairt léacht i nGaeilge i ndiaidh an dráma, mar shampla,” a dúirt Mac Cumhaill.

Dúirt Eoghan Mac Giolla Bhrighde, iontaobhaí de chuid na hamharclainne, leis an nuachtán Donegal Democrat nach mbeidh ach céatadán fíorbheag de na drámaí a léireofar in Amharclann Ghaoth Dobhair i dteangacha eile, ach nach ndéanfar leithcheal ar aon dráma mar gheall ar an teanga inar scríobhadh é.

Thug sé le fios gur i nGaeilge a dhéantar gnáthobair na hamharclainne agus go bhfuil an lucht féachana in ann ticéid agus sólaistí a cheannach i nGaeilge.

“Níor cheart dúinn a bheith faiteach roimh an mBéarla, is féidir linn an Ghaeilge a chur chun cinn tríd na healaíona agus trí theangacha eile, agus fáilte a chur roimh dhaoine eile agus blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt dóibh. Is iad na healaíona atá á gcur chun cinn againn. Ach caithfidh an céatadán a bheith i bhfabhar na Gaeilge,” a dúirt Mac Giolla Bhríghde.

Thagair sé freisin do leithéidí TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, stáisiúin lánGhaeilge a chraolann céatadán áirithe dá n-ábhar i mBéarla agus i dteangacha eile.

Dúirt Pól Mac Cumhaill le Tuairisc.ie nach bhfuil aon socrú oifigiúil déanta ag an amharclann faoin méid Gaeilge a chaithfidh a bheith ar chlár na hamharclainne ach thug le fios gur céatadán an-ard Gaeilge a bheidh ann.

“Níl aon socrú oifigiúil ann, má tá an spás saor, agus má tá muidinne sásta go bhfuil maitheas ann dúinne, agus go rachaidh sé chun tairbhe do phobal na Gaeltachta, glacfar leis,” a dúirt sé.

Athosclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair den chéad uair ó bhí 2007 ann i mí Mhárta na bliana seo. Dúnadh an amharclann tuairim is deich mbliana ó shin ar chúinsí sláinte agus sábháilteachta agus bhí an complacht ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ gan aon cheannáras ó shin.

Dúirt Mac Cumhaill le Tuairisc.ie go bhfuil an coiste iontach sásta leis na trí mhí atá imithe tharainn ó shin agus leis an gclár imeachtaí atá leagtha amach don chuid eile den bhliain. Dúirt sé go bhfuil ag éirí go maith leis na himeachtaí atá á reáchtáil ansin agus go bhfuil an-éileamh ar bhialann na hamharclainne, Ard na gCeapairí.