Dráma cumhachtach sa Daingean faoi na neachtlanna Maighdilíneacha

Tá léiriú ceannródaíoch ar dhráma corraitheach atá i ‘Faoi Scáth’ atá ar siúl faoi láthair in An Lab sa Daingean, a deir Ceaití Ní Bheildiúin

Exposesd

Nuair a threoraítear sinn, an lucht féachana, ó sheomra feithimh in amharclann An Lab go dtí doras shuíomh an léirithe Faoi Scáth, leagan Gaeilge de dhráma Patricia Burke Brogan Eclipsed, buailtear balbh sinn. Tá cailín óg ina seasamh romhainn. Leanaimid í isteach go neachtlann, trí fhoirgneamh a bhfuil atmaisféar diamhair ann. Déantar finnéithe dínn láithreach ar na himeachtaí a nochtar anseo. Tuigeann na cailíní a mhaireann agus a oibríonn anseo go bhfuil siad ina ngéibheannaigh ann. Tá deis ag bean óg cabhrú leo ach ar cheart di é sin a dhéanamh agus malairt treoracha fachta aici? Tá croíbhriseadh anseo ach an dóchas de shíor ag iarraidh briseadh tríd. Iarrtar orainn gach taobh den scéal a mheá, féachaint cá luíonn an ceart, an chóir is an fhírinne.

Léiriú cumhachtach, cumasach agus thar a bheith ceannródaíoch atá anseo, scéal a bhaineann deora agus gáire araon asainn ón gcéad nóiméad de, is é suite i neachtlann Mhaighdilíneach sna seascaidí. Ní gnáthstáitsiú atá i gceist ach léiriú i sainsuíomh, áit a mbaintear macalla as seanfhallaí na seaninstitiúide. Áit é a bhfuil bá ag na fallaí féin le bunsuíomh an scéil – site-specific mar a deirtear. Is cuid d’fhoirgneamh níos mó é An Lab, foirgneamh a bhíodh ina mhéanscoil ag na Bráithre Críostaí sa Daingean.

Is obair uaillmhianach í seo d’fhoireann mhór aisteoirí, i sainláthair, i mbaile beag, sa Ghaeltacht. Éiríonn thar barr leis. Éiríonn leis mar gur deineadh na roghanna cearta ó thús deireadh. Tá aisteoireacht den chéad scoth ann tríd agus tríd, aisteoireacht go mbeadh sé deacair í a shárú ar aon stáitse ar domhan: ochtar ban, idir óg agus aosta – dílleachtaí, máithreacha óga, bean chríonna is rian de shaol na hinstitiúide uirthi, nóibhíseach agus máthair oirmhinneach. Ní haon chompántas seanbhunaithe atá sa bhfoireann ach grúpa aisteoirí a tarraingíodh le chéile d’aon ghnó chun an seó áirithe seo a stáitsiú – gach duine an-oiriúnach dá ról féin agus nádúrtha ina pháirt féin. Imríonn ceol agus amhránaíocht páirt nach beag tríd an dráma ar fad. Tá amhráin ag Bernie Pháid ó cheantar Chorca Dhuibhne le clos ann, i dteannta le hamhráin de chuid Elvis Presley agus Kathleen Ferrier.

Níl aon ghné den seó nach bhfuil tomhaiste agus nochtaithe le scil dhochreidte. Is seiftiúil acmhainneach í Áine Moynihan mar stiúrthóir ar gach leibhéal. Is léir a misneach arís nuair a dhírímid ar shoilsiú an dráma. Úsáidtear solas nádúrtha an lae gan tacaíocht ó shoilse stáitse eile d’fhonn atmaisféar réalaíoch a chruthú. Smachtaíonn na haisteoirí féin an solas seo de réir mar is gá. Tá sé seo éifeachtach sa suíomh áirithe ina bhfuil sé agus sinn i gcroílár an tsamhraidh. Braithimid leochaileach sa solas seo, chomh leochaileach agus atá na cailíní féinig, b’fhéidir.

Is í Patricia Burke Brogan a scríobh Eclipsed, bunleagan Béarla an dráma seo, sna nóchaidí luatha agus í féin tar éis tréimhse ghairid dá hóige a chaitheamh ina nóibhíseach ag obair i neachtlann Mhaighdilíneach. D’éirigh sí as na mná rialta agus í fós óg. Tá blas na fírinne le fáil ar a saothar. Helen Ní Shé a d’aistrigh an script go Gaeilge.

Léireofar an dráma ar 8.00 i.n. in An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí ar na dátaí seo:; 22ú agus 23ú Mí Iúil; 5ú agus 6ú Lúnasa; 19ú agus 20ú Lúnasa

Fág freagra ar 'Dráma cumhachtach sa Daingean faoi na neachtlanna Maighdilíneacha'