Dóthain daoine a bhfuil an chuma orthu ‘go bhfuil siad ag fáil bháis leis an ocras’ aimsithe do scannán i gConamara

Cuireadh glaoch amach le déanaí i gcomhair aisteoirí breise, nó ‘extras’ do mhórscannán nua faoin nGorta Mór a mbeidh cuid de á thaifeadadh i gConamara an tseachtain seo chugainn

Dóthain daoine a bhfuil an chuma orthu ‘go bhfuil siad ag fáil bháis leis an ocras’ aimsithe do scannán i gConamara

Is cosúil go bhfuil dóthain daoine ‘a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad ag fáil bháis leis an ocras’ aimsithe sa Ghaillimh ag lucht déanta scannáin nua a mbeidh cuid de á thaifeadadh i gConamara an tseachtain seo chugainn.

Cuireadh glaoch amach le déanaí i gcomhair aisteoirí breise, nó ‘extras’, don scannán nua faoin nGorta Mór agus tóir ag lucht a dhéanta ar “gaunt, famished-looking men, women and children living in the Galway area”.

Beidh an taifeadadh ar bun i gConamara ar an 21-23 Lúnasa agus thug urlabhraí ó Fastnet Films, an comhlacht léirithe atá i mbun an scannáin, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil dóthain daoine aimsithe cheana acu a bheadh oiriúnach “to appear in the background of scenes”.

“We have received our fill of extras for now,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ní raibh sé sásta aon eolas breise a thabhairt faoin gcuid den scannán atá le taifeadadh i gConamara an tseachtain seo chugainn, ach tuigtear gur athscannánú atá i gceist.

Tuairiscíodh cheana go bhfuil an scannán bunaithe ar an ngearrscannán Gaeilge An Ranger.

Cuireadh tús anuraidh le scannánú an tsaothair nua, scéinséir atá  suite i gConamara aimsir an Ghorta Mhóir. Is é Lance Daly, a rinne an scannán Kisses, atá ar an stiúir agus tá Hugo Weaving, Jim Broadbent, Stephen Rea, Moe Dunford agus Barry Keoghan i measc na bpríomhaisteoirí a bheidh le feiceáil ann.

Fág freagra ar 'Dóthain daoine a bhfuil an chuma orthu ‘go bhfuil siad ag fáil bháis leis an ocras’ aimsithe do scannán i gConamara'