D’oscail an talamh deich méadar ó chúldoras na dtithe i ngleannta na Breataine Bige…

Caoga bliain ó shin ó tharla tubaiste mhór Aberfan nuair a shlog an sliabh bunscoil na háite sin, tá maidhmeanna sléibhe ag cothú deacrachtaí móra i nDeisceart na Breataine Bige

D’oscail an talamh deich méadar ó chúldoras na dtithe i ngleannta na Breataine Bige…

I ndeisceart na Breataine Bige, deich míle nó mar sin ó thuaidh den chósta, is sna gleannta cúnga atá cónaí ar chuid mhór de na daoine. Cwm an focal Breatnaise ar na gleannta seo, agus bhí cáil orthu an lá ab fhearr iad de bharr trí ní: amhráin chroíúla a gcuid cór, feabhas a gcuid clubanna rugbaí, agus feabhas agus flúirse a gcuid guail. Lenár linn féin, áfach, is ceantar iarthionsclaíochta faoi mhíbhuntáiste sóisialta atá i bhformhór na ngleannta seo, ón Rhondda agus Merthyr Tudful san oirthear go Cwm Tawe agus Cwn Nedd san iarthar.

Is cuid den oidhreacht a d’fhág tionscal an ghuail ina dhiaidh sa gceantar na carnáin mhóra dríodair agus smionagair a fágadh ar bhéil na seanmhianach. Is ollmhór na carnáin iad, agus bíonn an chosúlacht ar an scéal ar an gcéad amharc gur cnocáin nádúrtha atá iontu. Faoin am seo, ó tharla sceacha agus tomacha ag fás orthu, nó crainnte agus coillte go deimhin, is deacair a mhalairt a aithint orthu. Ach níl aon bhunchloch faoi na carnáin seo, agus nuair a bhíonn an bháisteach mhór ann, bíonn baol maidhme ann – an mhaidhm shléibhe.

Le mí anuas, de bharr a fhliche is a bhí an samhradh, tharla maidhmeanna puitigh agus maidhmeanna sléibhe in áiteacha éagsúla sa tír. Ní rud neamhghnách é amach is amach, ach in áit amháin go mór mór, tharla an mí-ádh san áit a bhfuil daoine ina gcónaí. Ystalyfera is ainm don áit sin, baile beag i mbarr an ghleanna deich míle ó Castell Nedd (Neath). Ní maidhm amháin ach ceithre mhaidhm shléibhe a bhí in Ystalyfera i mbliana. Tá aon teach déag ann ar shráid darb ainm Heol Gyfyng (An tSráid Chúng). D’oscail an talamh deich méadar ó chúldoras na dtithe sin. Tá sé fógartha ag an gComhairle Chontae go gcaithfear na tithe a leagan. Tá cónaí fós i bpéire acu.

An t-aon teach déag sin, ní hiad amháin atá i mbaol a scriosta. Tithe a síleadh a bheith slán go dtí seo, tá an carnán dríodair ag bagairt orthu anuas. Tuairim is céad caoga teach atá i gceist. Tá An Chomhairle Chontae i mbun suirbhéireachta ar na tithe sin faoi láthair, agus déanfar athrangú orthu de réir mar is dóigh iad a bheith i mbaol anois. Tharlódh go mbeidh ar an gComhairle ceannacht éigeantach a dhéanamh ar chuid acu. Ach tá an pobal ag cur cosa i dtaca. Ag labhairt di ar Radio Cymru, dúirt bean amháin go bhfuil cónaí uirthi ann ó 1950. “Is iomaí maidhm shléibhe a bhí anseo riamh,” ar sí, “ach níor imigh muid fós, agus ní imeoidh mise go deo, is cuma céard a tharlós.”

Ag deireadh na míosa seo caite, bhí cruinniú poiblí ann in Ystalyfera de bharr na tubaiste. Labhair an comhairleoir Alun Llywelyn i mBreatnais mar gheall ar an scéal, agus rinne sé cur síos ar an mbuaireamh intinne agus ar an gcrá croí atá ar na daoine. Bhí cuid de mhuintir an bhaile i láthair, adhairteanna agus pluideanna sa gcarr acu, faitíos orthu codladh sa mbaile, agus iad ag súil le malairt dídine. Tá an Bhreatnais láidir in Ystalyfera, agus má tharlaíonn díshealbhú éigeantach ar an mbaile, tharlódh go scaipfí an pobal óna chéile.

Ag labhairt dó leis na meáin, dúirt an Bainisteoir Contae Rob Jones go dteastaíonn cúnamh airgid ó Rialtas na Breataine Bige ón gComhairle Chontae le déileáil leis an tubaiste. I measc rudaí eile, dhearbhaigh sé nach féidir le lucht innealtóireachta an scéal a chur ina cheart. Ná ní fios cén uair a bheas maidhm shléibhe ann arís san áit. Idir an dá linn, tá an dara cruinniú poiblí in Ysyalyfera socraithe don lá inniu, an 7 Meán Fómhair. Caoga bliain ó shin is ea a comóradh tubaiste mhór Aberfan nuair a shlog an sliabh bunscoil na háite sin. Ní rachaidh na húdaráis sa seans arís.