Dorothy Day – tiocfaidh a lá

Tá feachtas ar bun chun Dorothy Day a áireamh mar naomh á chur chun cinn le blianta; dá n-éireodh leis, bheadh cuid mhór seanscoilteanna a bhí san Eaglais tráth cneasaithe

Dorithy Day

Bean renaissance ab ea an t-iriseoir Meiriceánach, Dorothy Day (1897-1980), bean ar foilsíodh a dírbheathaisnéis dar teideal The Long Loneliness sa bhliain 1952.

D’fhoilsigh an New York Times míreanna as mar shraith alt a phléigh fealsúnacht agus gníomhartha an Catholic Worker Movement sna Stáit Aontaithe. Rugadh Day i Nua-Eabhrac agus ba iriseoir é a hathair freisin. Níor bhain sí le clann a raibh mórán spéise acu i gcúrsaí reiligiúin ná cúrsaí spioradálta ach is léir go mba smaointeoir domhain í Dorothy Day fiú agus í go hóg.

Thaitin scéalta ón mBíobla go mór léi. Ba léitheoir cíocrach í mar dhéagóir agus thaitin scríbhneoirí dála Jack London, Herbert Spencer agus Huxley léi. D’iompaigh sí ina Caitliceach agus í ina bean óg, tréimhse a raibh lé faoi leith aici leis an eite chlé.

Ag tosú i mbun na hiriseoireachta di, scríobh sí do chuid mhór foilseachán a raibh fealsúnacht na heite clé á craobhscaoileadh acu, leithéidí The Sentinel, The Masses agus The Call. Tharraing Day trioblóid uirthi féin i gcéaduair nuair a ghlac sí seasamh láidir i gcoinne rannpháirtíocht SAM sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí spéis faoi leith ag Day sa chur chuige fealsúnach eacnamaíoch ar tugadh ‘Distributism’ nó Dáileachas air, smaointeoireacht a raibh bá faoi leith ag intleachtaigh Chaitliceacha mar na scríbhneoirí Sasanacha Belloc agus Chesterton léi.

Is fealsúnacht é an Dáileachas a chuireann i gcoinne caipitleachas gan srian agus an sóisialachas stáit ag an am céanna; cur chuige atá mar leath bealaigh idir an dá threocht sin atá i gceist i ndáiríre, ceann a bhfuil go leor cosúlachtaí idir é agus an ghluaiseacht chomhoibritheach, mar a bhunaigh Horace Plunkett in Éirinn í.

Bhí saol sách boithéimeach thart faoi Greenwich Village, Nua-Eabhrac, ag Dorothy Day mar ógbhean; bhí iriseoirí na heite clé agus scríbhneoirí aitheanta mar dhlúthchairde aici, an drámadóir Gael-Mheiriceánach Eugene O’Neill ina measc.

Ach ghoill Titim Wall Street agus an lagtrá tubaisteach a tháinig ar a sála go mór ar Day. Chaill a hathair a phost agus bhí orthu slán a fhágáil ag Nua-Eabhrac. Chuireadar fúthu i gCathair na Gaoithe, Chicago, mar a raibh fios bunaidh ag Dorothy agus a muintir ar an mbochtaineacht agus an cruatan a d’fhulaing na milliúin Meiriceánach de dheasca na Tubaiste agus an Spealadh Mór a lean.

© Copyright 2010 CorbisCorporationSna 1930í, d’oibrigh Day go dlúth le gníomhaí sóisialta eile darbh ainm Peter Maurin agus bhunaíodar Gluaiseacht an Lucht Oibre Chaitlicigh, gluaiseacht a raibh móraidhm laistiar di – agóidíocht shíochánta a dhéanamh i gcoinne na gcogaí a raibh SAM agus an domhan thiar páirteach iontu san fhichiú haois agus cúnamh agus comhoibriú díreach (an cur chuige gnímh dhírigh, ‘direct action’) le daoine bochta, daoine gan dídean agus leis an gcuid mhór de lucht oibre Mheiriceá a bhí thíos leis ag an tréimhse sin.

Tá fealsúnacht na frithchogaíochta i nGluaiseacht Chaitliceach na
nOibrithe (gluaiseacht atá beo beathach i gcónaí). Tá sí go mór faoi thionchar smaointeoireacht na Fraince agus an fhealsúnacht ar a dtugtar an Pearsantachas (Le Personnalisme), cur chuige a bhí ag scríbhneoirí na Fraince mar Emmanuel Mounier agus Jacques Maritain agus fealsúnacht a ndearna an Pápa Eoin Pól II forbairt air ina chuid scríbhinní.

Chuir an nuachtán The Catholic Worker béim ar a gcás siúd a bhí thíos leis mar thoradh ar an Spealadh Mór agus rinne agóidíocht ar a son, ag tacú le stailceanna na n-oibrithe. Thugadar tacaíocht do thionscnaimh áitiúla a chabhraigh chun deiseanna oibre nua  a spreagadh dóibh siúd a bhí dífhostaithe agus grúpaí a rinne agóidíocht friththionsclaíochta, go háirithe nuair a bhí cearta an lucht oibre á sárú ag na corparáidí móra.

Díol spéise go bhfuil an feachtas chun Dorothy Day a áireamh mar naomh á chur chun cinn le blianta anuas ag grúpaí éagsúla i speictream na heaglaise, lena n-áirítear grúpaí a mbeadh lé láidir go traidisiúnta acu leis an eite chlé agus leis an eite dheis araon. 

Nuair a dhéanfar naomh de Dorothy Day, beidh cuid mhór seanscoilteanna a bhí san Eaglais tráth cneasaithe faoi dheireadh. An ní is tábhachtaí faoi scéal Dorothy Day, seans, ná nach mbeidh deis acu siúd a dtaitníonn “rangú” éasca leo – na meáin, abair – Caitlicigh a chur i mbosca a thuilleadh.


Ní feidir Dorothy Day a chur i mbosca ach an oiread. “Creidimse go diongbháilte go bhfuil ár slánú ag brath ar na boicht,” a dúirt sí. Is cuma cad deir daoine, ar sise, ná bac le caint; déan daoine a mheas ar a ngníomhartha seachas ar a gcuid cainte.

Léirigh leithéidí Martin Sheen agus Thomas Merton a gcuid tacaíochta do Ghluaiseacht na nOibrithe Caitliceacha i gcaitheamh na mblianta. Fiú agus í scothaosta agus an drochshláinte ag cur isteach uirthi, ghlac Dorothy Day páirt shuntasach i bhfeachtas Cesar Chavez (nach maireann) ar mhaithe le cearta oibrithe feirme i gCalifornia tá tamall de bhlianta ó shin.

Fág freagra ar 'Dorothy Day – tiocfaidh a lá'

  • Fearn

    Nach gá dhá mhiorúilt a bheith curtha síos do “naomh” fosta?

    Níor luaigh tú a taobh sin.