‘Don’t instinctively blame others…’ – Dearmad déanta ag Trump ar a chomhairle féin

Teannas ag teacht, cibé iarrthóir a bhuafaidh toghchán uachtaránachta na Stát

‘Don’t instinctively blame others…’ – Dearmad déanta ag Trump ar a chomhairle féin

Toghfar Hillary Clinton mar uachtarán, an chéad bhean riamh, más fíor an méid atá á thabhairt le fios ag formhór na bpobalbhreitheanna a foilsíodh le gairid. Ní beag an ‘má’ é, áfach, breithiúnas na bpobalbhreitheanna a mheá.

Seo a leanas dhá chúis amhrais, an dá chúis a luaigh an saineolaí pobalbhreitheanna Frank Lunz Déardaoin nuair a dúirt gur shíl sé gur ag Trump a bheadh an bua ar an 8 Samhain, de réir a léamh ar an bhfianaise go dtí seo.

Uimhir a haon, tá sciar den phobal thall nach n-admhaíonn go bhfuil sé ar intinn acu tacú le Trump nuair a chuireann foireann phobalbhreithe an cheist: cé dó nó di a vótálfaidh tú?

Uimhir a dó, níor vótáil ach 57% de thoghthóirí na Stát sa toghchán uachtaránachta in 2012.

Meastar go mbeidh an céatadán níos airde i mbliana, ach ní féidir a bheith lánmhuiníneach riamh as an bhfreagra a thugtar ar cheist mar seo: an vótálfaidh tú?

Léirigh toradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe an tslí ina mbaineann an pobal an bonn uaireanta de thairngreacht na bpobalbhreitheanna. Thug formhór na suirbhéanna sa Bhreatain le fios díreach roimh ré go raibh an dá thaobh gob ar ghob nó nach raibh ach bearna bheag eatarthu.

Léirigh toradh an reifrinn faoi bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach (Fág: 51.9%. Fan: 48.1%) nach féidir tuairimí an phobail a thuar go cruinn i dtír dhaonlathach ina bhfuil cúlú eacnamaíochta ag brú go trom ar mhórán. Tá an léargas polaitiúil athraithe i mórán tíortha ar dhóigh nach dtuigtear i gceart fós mar gheall ar (1) fearg (2) fuath (3) míshásamh (4) éadóchas agus (5) drochmheas ar ghnáthpholaiteoirí.

Má éiríonn le feachtas eagraithe Hillary Clinton an lámh in uachtar a fháil ar fheachtas aonair Donald Trump, ní bheidh deireadh leis an achrann eatarthu, ná idir a lucht leanúna.

Léirigh drogall Trump a rá go ngéillfeadh sé dá mbuafaí air (féach thíos) nach mian leis an gnáthshos comhraic a fhógraítear tar éis toghcháin sna Stáit Aontaithe a thairiscint an babhta seo. Is contúirtí fós a ndúirt sé faoi rigeáil an toghcháin.

Má bhuann Clinton an toghchán, beidh uirthi déileáil le Páirtí Poblachtach atá easaontaithe agus lag. Beidh uirthi aghaidh a thabhairt freisin ar cheannaire nach gcuirfidh faltanas nimhiúil an toghcháin i leataobh, agus nach bhfuil dílis do ghnáthrialacha ná do ghnáth-chomhthuiscint an daonlathais. Bua agus buairt atá roimpi, agus teannas contúirteach i réim sa tír.

D’imigh sin agus tháinig seo…

Cáineadh Donald Trump go forleathan sna Stáit nuair a dhiúltaigh sé a rá, le linn díospóireacht dheireanach an toghcháin uachtaránachta, go ngéillfeadh sé do Hillary Clinton dá dtoghfaí mar uachtarán í ar an 8 Samhain.

Chuaigh an cáineadh i dtreise an lá dár gcionn nuair a dúirt sé go nglacfadh sé le toradh an toghcháin… dá mbeadh an bua aige féin.

Tá an dearcadh dainséarach seo ag teacht salach, ní hamháin ar thraidisiún daonlathach na Stát Aontaithe, ach ar thuairimí a nocht Trump féin i leabhar a scríobh sé in 2007.

Bí freagrach i gcónaí, a mhol sé do léitheoirí Trump 101: The Way to Success, má bhíonn rath ar thogra nó mura mbíonn. Bhí sé féin freagrach, dar leis, as buanna iontacha, ach chlis air uaireanta eile. Cén ceacht a d’fhoghlaim sé?

‘When things go wrong, look at yourself first. Don’t instinctively blame others or the circumstances… Be the leader, stand tall and take the hit.’

Ba léir an tseachtain seo nach n-aontaíonn sé níos mó leis an gcomhairle a thug a leabhar do dhaoine eile naoi mbliana ó shin.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE

 

Fág freagra ar '‘Don’t instinctively blame others…’ – Dearmad déanta ag Trump ar a chomhairle féin'