DONAL CAIRD: 1925-2017: Iar–Ardeaspag a raibh ‘grá mór’ don Ghaeilge aige imithe ar shlí na fírinne

Bhí sé mar aidhm ag an Iar-Ardeaspag i gcaitheamh a shaoil ‘an Ghaeilge a chur chun cinn i saol na hEaglaise agus sa saol náisiúnta chomh maith’

DONAL CAIRD: 1925-2017: Iar–Ardeaspag a raibh ‘grá mór’ don Ghaeilge aige imithe ar shlí na fírinne

Tá Iar–Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an Dochtúir Sár-Oirmhinneach Donal Caird imithe ar shlí na fírinne.

Cainteoir Gaeilge líofa a bhí i Donal Caird agus dúirt an té atá anois ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath ag Eaglais na hÉireann, Michael Jackson, go raibh sé mar aidhm ag ag an iareaspag i gcaitheamh a shaoil “an Ghaeilge a chur chun cinn i saol na hEaglaise agus sa saol náisiúnta chomh maith”.

Dúirt Ardeaspag Bhaile Átha Cliath an Dochtúir Sár-Oirmhinneach Michael Jackson inniu go raibh “cion gan sárú” ag Donal Caird “do mhuintir na hÉireann agus d’Eaglais na hÉireann” agus go raibh “grá mór aige don Ghaeilge, agus líofacht inti dá bharr”.

Bhíodh sé le cloisteáil faoi agallamh go minic ar na meáin Ghaeilge agus leagadh béim ina bheathaisnéis, Donald Caird: Church of Ireland Bishop, Gaelic Churchman, A Life le  Aonghus Dwane, ar an tsuim mhór a bhí aige i gcur chun cinn na teanga agus an éacúiméineachais

Chaith Donal Caird tréimhsí chomh maith ina Easpag ar Luimneach agus Cill Dalua agus ina Easpag ar an Mhí agus Cill Dara, agus dúirt an tArdeaspag Jackson gur “dlúthchara” é “leo siúd lena raibh sé i dteagmháil i rith a shaoil”.

“Ghabh sé go díograiseach le gach a dtáinig chuige i réimsí pearsanta, spioradálta agus intleachtúla, sna gnéithe fairsinge a bhaineann leis an saol, ina measc – an creideamh, an cultúr, an tsochaí agus an saol polaitiúil. 

“Ba mhór leis daoine i rith a shaoil, agus is i dteannta daoine a tháinig a shainiúlacht bhríomhar chun cinn. Beidh cuimhne i gcónaí air mar dhuine a rinne plé ionraic agus fadbhreathnaitheach ar chúrsaí oideachais chomh maith le gnáthchúrsaí an tsaoil,” a dúirt an Dochtúir Sár-Oirmhinneach Michael Jackson.

Dúirt Jackson go raibh “fíor–bhrón ar dhaoine faoin scéala go raibh Donal Caird imithe ar shlí na fírinne agus rinne sé comhbhrón lena bhean chéile Nancy agus a mhuintir go léir.

Dúirt an tArdeaspag Jackson go mbeadh an “iliomad cuimhní mánla agus barrúla” ag daoine ar Caird. 

“B’ansa leis aibíocht tallainne agus éirime gach duine. Guímis inniu ar son a mhná chéile Nancy agus gach duine de mhuintir Caird. Thar na blianta fada dá shaol is go fial a roinn sé a chuid ama linn agus ba mhór an sonas agus tairbhe dúinn é,” a dúirt an tArdeaspag Jackson.  

Rugadh Donald Arthur Richard Caird ar an 11 Nollaig 1925 i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Wesley, mar a raibh sé ar fhoireann rugbaí na scoile, agus i gColáiste na Tríonóide. Ba leis an bhfealsúnacht a chuaigh sé agus bronnadh go leor duaiseanna air le linn a thréimhse san ollscoil, ina measc duais a bhain leis an nGaeilge.

Rinneadh sagart de i 1951 agus rinneadh easpag de i 1970. Phós sé Nancy Ballantyne Sharpe i 1963 agus bhí triúr clainne orthu, Ann, John and Helen.

Fág freagra ar 'DONAL CAIRD: 1925-2017: Iar–Ardeaspag a raibh ‘grá mór’ don Ghaeilge aige imithe ar shlí na fírinne'