Dónal Abú sa Teach Bán agus Briogáid na bhFilí Réabhlóideacha ina ndúiseacht!

Agus Dónal Abú le bheith sa Teach Bán i mí Eanáir, an am maith é seo chun an tríú himleabhar ilteangach sa tsraith Overthrowing Capitalism a fhoilsiú?

Dónal Abú sa Teach Bán agus Briogáid na bhFilí Réabhlóideacha ina ndúiseacht!

Jack Hirschman agus Neelie Cherkovski

Agus Dónal Abú le bheith sa Teach Bán i mí Eanáir, an am maith é seo chun an tríú himleabhar ilteangach sa tsraith Overthrowing Capitalism a fhoilsiú? Is ea, a déarfadh Briogáid na bhFilí Réabhlóideacha (Jack Hirschman, John Curl agus a gcairde). 

Overthrowing CapitalismSa Réamhrá, meabhraíonn Hirschman dúinn go bhfuil 700 bunáit mhíleata ag na Stáit Aontaithe ar fud an domhain – seacht gcéad! Is mór an méid é sin. Níl a fhios againn go fóill, ach seans go mbeadh fonn ar Dhónal Abú cuid acu sin a dhúnadh níos sciobtha ná mar a dhéanfadh na Daonlathaigh é. Feicfimid a bhfeicfimid, is dócha. Táim díreach tar éis The Reluctant Fundamentalist le Mohsin Hamid a léamh, úrscéal iontach a thugann léargas dúinn ar an ngráin atá ag an-chuid daoine ar fud an domhain ar Mheiriceá – ní ar Mheiriceá per se ná ar Mheiriceánaigh ach ar Mheiriceánú an domhain, cúrsaí tomhaltais agus cúrsaí cultúrtha san áireamh.

A ladar polaitiúil/míleata a bheith i ngach scéal a chuireann as do dhaoine. Léiríonn Hamid, cuir i gcás, go raibh cúiseanna ag Meiriceá chun an India a ghríosú in aghaidh na Pacastáine.

Tráth den saol ba í Impireacht na Breataine a bhí i gceannas agus iad ag iarraidh an domhan a shibhialú (!); inniu is é Meiriceá an chumhacht impiriúil is forleithne a bhí riamh ann, ach ní bheidh sé mar sin go deo, gan amhras.

Tá Teamhair ina féar is féach an Traí mar atá.

Tá eagarthóirí na díolama nuafhoilsithe seo ar buile faoin gcóras caipitlíoch agus na milliúin gan áireamh a caitheadh ar an toghchán uachtaránachta fad is a bhí an oiread sin de Mheiriceánaigh gan dídean.

Ball de bhrainse Albuquerque de Bhriogáid na bhFilí Réabhlóideacha é Benjamin Alcalá a chleachtann an Spáinnis agus an Béarla agus seo dán leis dar teideal Antes Que (Roimhe seo) agus leagan próis i nGaeilge thíos faoi:

Comíamos la carne asada,
Antes que McDonald’s estaba.

Comprábamos en el mercado,
Antes que usábamos el teclado.

Cambinábamos a nuestro destino,
Antes que el carro robó el camino.

Cultivábamos nuestra comida,
Antes que  la tierra fue podrida.

Construíamos las casas y oficinas,
Antes que todo fue hecho en China.

Corrompíamos a nuestras economías,
con estos tratodos de puras mentiras.

Para rescatar a nuestra nación,
Hay que sobrevivir esta invasion!

[D’itheamar feoil ghriollta sula raibh McDonalds ann. Dheineamar siopadóireacht sa mhargadh sular úsáideamar méarchláir. Bhaineamar ceann scríbe amach sular sciob an gluaisteán an bóthar. D’fhásamar ár mbia féin sular éirigh an talamh lofa. Thógamar tithe is oifigí sular deineadh gach aon rud sa tSín. Thruaillíomar ár ngeilleagair le glan-bhréaga. Chun ár náisiún a tharrtháil, ní mór dúinn teacht slán ón ionradh seo!]

Tá an díolaim seo ag cur thar maoil le fearg. I ndán Iodáilise le Paolo Battista, deir sé la poesia è morta (tá an fhilíocht marbh) agus la speranza fottuta (an dóchas focáilte).

Arsa Marco Cinque i ndán Iodáilise leis:
dormiamo in sogni di vomito
e in pozze di piscio marcito

[codlaímis i mbrionglóidí aisig

is i linnte de mhún bréan]

Deir Neelie Cherkovski i ndán leis a bhfuil blas an ainrialachais air:

Molaimse deireadh
le bratacha agus deireadh le tírghrá –
deireadh go deo le hacadaimh mhíleata
agus laochra cogaidh agus
an galar ar a dtugtar “an fíor-chreideamh . . .”

Bhuel, a Neelie, Áiméan, go deimhin, a dhuine.

(Tá beathaisnéis na bhfilí Lawrence Ferlinghetti, Bob Kaufman agus Charles Bukowski scríofa ag Neelie, dála an scéil).

Ball de Bhrainse Los Angeles de Bhriogáid na bhFilí Réabhlóideacha é Majid Naficy. Béarla agus a theanga dhúchais Fairsis a chleachtann sé. Cuireann gunnaí le gealaigh é:

Á, táim bréan den rud ar fad.
Dá mbeadh gunna láimhe agam
seans go maróinn mé féin
in áit an dán seo a scríobh …

Is cinnte go bhfuil go leor leor Meiriceánach bréan den fhoréigean, foréigean na ngunnaí beaga sa bhaile agus foréigean na ngunnaí móra i gcéin.

Ball fuinniúil de bhrainse Pháras de Bhriogáid na bhFilí Réabhlóideacha é Francis Combes a bhfuil dán spéisiúil anseo aige faoi Antonio Gramsci:

Pour l’empêcher de penser
Mussolini le fit enfermer dans un tombeau
mais il ne parvint pas àle priver de lumière
ni à empècher que cette lumière  voyage jusqu’à nous.

[Chun cosc a chur ar a mhachnamh,
Chuir Mussolíní faoi ghlas i dtuama é,
Ach níor éirigh leis an solas a choimeád uaidh
Ná an solas sin ar a aistear chugainne a chosc.]

Bhí Francis Combes freagrach as dánta a chur ar fáil don Metro i bPáras. Ba chóir do dhream éigin dánta Gaeilge a chur ar fáil i bhfoirm greamán agus iad a ghreamú d’fhuinneoga traenacha, busanna etc. – ach seachain na ceamaraí frith-fhilíochta sin, tá siad gach áit!

Bhí fomhuireán de chuid NATO i gCorcaigh le déanaí ach níor chuala mé go raibh filí Chorcaí amuigh i mbun agóide. Deir Silvana (aka Dinka) ball de Bhriogáid na Sicile:

Io fuori dalla NATO
Tu fuoiri da casa mia!

[Tá deireadh agamsa le NATO
Amach as mo theach leat!]

Áiméan arís, a dhuine chóir. Ní inniu ná inné a thosaigh coipeadh seo na feirge i bhfilí Mheiriceá agus cloistear macalla Ginsberg i línte ar nós ‘I’ve smelled the best preserved corpses of my generation…’ de chuid Lew Rosenbaum, ball de Bhriogáid Chicago.

Ball de Bhriogáid Nua-Eabhrac é Carlos Raúl Dufflar agus i ndán leis meabhraíonn sé dúinn –agus an ceart ar fad aige –  nach fuath ach grá a spreagann a lán réabhlóidithe:

Cumhacht do na Daoine!
Gaoth shíoraí, malairt bhisigh,
sách dána chun streachailt a dhéanamh,
sách dána chun bua a bhaint amach
mar is neacha daonna sinn
agus teanga chomónta á canadh againn:
A la murte el capitalism!
Si señor!

Agus ní hiad bochtáin na cruinne amháin atá faoi bhois an chait, tá ansmacht á imirt orainn go léir, a deir Jack Foley, file agus craoltóir nótáilte:

Tá “an nuacht” faoi chois
Tá popréaltaí faoi chois

Is maith liom clabhsúr an dáin aige:

A oibrithe an domhain, aontaígí
Níl faic le cailliúint agaibh ach bhur gcuid slabh

I bhfocail eile, tá an focal ‘slabhraí’ briste aige. Ba mhaith liom Jack a chlos á rá uair éigin; is léitheoir an-éifeachtach é ó na taifeadtaí atá cloiste agam.

Cuid de na dánta sa díolaim seo déarfadh daoine áirithe nach bhfuil iontu ach racht bolscaireachta; mar sin féin, ní haon dochar é filí aitheanta a bheith i dteannta a gcomh-neacha daonna nach bhfuil uathu dáiríre ach liú a ligean san fhásach.

Ball eile de Bhriogáid na Sicile í Michele Teresi (nó Momo) a lorgaíonn aitheantas do dhínit an oibrí:

Non voglio il potere
Voglio il rispetto
Per il mio lavoro
Perché sudo
Produco
Creo cibo per la vita

Nei campi
Nelle fabbriche
Nella distribuzione

Non sono un ramo secco
Che produce carta scritta
Dentro un ufficio climatizzato
Per ogni operaio che schiatta
Dieci impiegati scrivono il nulla
(col triplo della mia paga).

[Ní cumhacht atá uaim, urraim atá uaim as ucht mo shaothair mar go gcuirim allas, táirgeoir mé, cruthaímse bia na beatha, sna goirt, sna monarchana, sa slabhra soláthair, ní géag fheoite mé a chuireann páipéir bhreaca ar fáil in oifig aer-oiriúnaithe. In aghaidh gach oibrí a chailltear, scríobhann deichniúr fostaithe faic na ngrást (ar thrí oiread mo phása).

Cén teanga í seo, an bhfuil a fhios agat?

Alumpihit sa umaatikabong trapiko, wala ka pang trabaho ilang buwan na’t pasabit-sabit …Is é E. San Juan, Jr an file agus an teanga ná Tagálaigis. Tuilleadh mar gheall ar an teanga sin anseo:

https://en.wikipedia.org/wiki/Tagalog_language

Tuilleadh eolais faoi Bhriogáid na bhFilí Réabhlóideacha anseo:

https://revolutionarypoetsbrigade.org/

Cá bhfios, faoin am a mbeidh Imleabhar 4 réitithe ag Hirschman agus a chairde go mbeidh Briogáid na hÉireann ar an bhfód!

Fág freagra ar 'Dónal Abú sa Teach Bán agus Briogáid na bhFilí Réabhlóideacha ina ndúiseacht!'