Don scríbhneoir, is cara agus namhaid araon é an ceol

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: an dlúthcheangal idir ceol agus an fo-chomhfhios

Don scríbhneoir, is cara agus namhaid araon é an ceol

Tá neart scríbhneoirí ann a bhíonn ag éisteacht le ceol agus iad ag scríobh. Is maith leo Beethoven a bheith ar siúl sa chúlra agus peann á chur le pár acu, nó támhcheol tréan ón Rúis a bheith ag pléascadh ón gcóras fuaime agus a gcuid méar ag bualadh ar an méarchlár.

Níl mise ar dhuine acu.

Ach ní hin le rá nach mbainim úsáid as ceol ar bhealaí eile agus mé i mbun scríbhneoireachta.

Ní éistim le ceol nuair a chuirim peann le páipéar nó nuair a bhím i mbun eagarthóireachta ar an ríomhaire. Ach éistim le ceol agus mé amuigh ag siúl, ag rith, nó ag rothaíocht. Agus is nuair a bhím amuigh ag siúl, ag rith nó ag rothaíocht a bhíonn m’fho-chomhfhios ag obair.

Gan dabht, bíonn tionchar ag an gcineál ceoil lena n-éistim ag an am sin ar obair m’fho-chomhfheasa, agus, dá bharr sin, ar pé scéal a bheadh idir lámha agam.

Le fada an lá, bíonn seinnliosta ar leith agam do gach togra scríbhneoireachta. Bím cúramach go leor nuair a bhíonn na liostaí seo á gcur i dtoll a chéile agam, mar fágfaidh chuile thraic a lorg ar an togra ar bhealach éigin. Ó am go chéile, tharlódh go sleamhnódh abairt nó dhó as amhrán isteach i scéal, ach den chuid is mó, is iad na mothúcháin, na cuimhní agus na smaointe úra a mhúsclaíonn an ceol i m’aigne is tábhachtaí. 

Tá an dara feidhm ag na seinnliostaí seo, áfach. Go minic, bíonn níos mó ná togra scríbhneoireachta amháin idir lámha ag scríbhneoir ag an aon am amháin. Chuile sheans go scríobhfadh duine slám colún, cúpla léirmheas agus dán nó gearrscéal nó dhó san am a thógfaidh sé air úrscéal a chríochnú.

Anuraidh, agus cnuasach gearrscéalta á chur i dtoll a chéile agam, thug mé faoi deara gur mhór an chabhair dom seinnliostaí na ngearrscéalta éagsúla agus mé ag dul ó scéal go scéal sa phróiseas eagarthóireachta. Ba leor seinnliosta scéil áirithe a chur ar siúl, agus thumfaí isteach i ndomhan an scéil sin mé ar an bpointe boise.

Mar a dúirt mé thuas, caithfear a bheith cúramach leis na seinnliostaí seo toisc go bhfágfaidh siad a lorg ar pé saothar a bheadh idir lámha ag duine. Ach caithfidh scríbhneoir a bheith cúramach, leis, faoin gceol lena mbíonn sé ag éisteacht ina chuid ama saor. Is é an chaoi nach mbíonn am saor ag an bhfo-chomhfhios, agus d’fhéadfadh tionchar a bheith ag pé abairt fhánach a chloisfeadh scríbhneoir ina chuid ama saor ar a chuid scríbhneoireachta.

Ar an gcúis sin, is le ceol uirlise den chuid is mó a bhím ag éisteacht i mo chuid ama saor – nó sin, le ceol i dteanga éigin nach dtuigim.

Saineolaí mé ar phopcheol i bhFionlainnis faoin am seo!

Fág freagra ar 'Don scríbhneoir, is cara agus namhaid araon é an ceol'

  • R

    An-spéisiúil. Is cuimhin liom abairt ghearr a bheith ráite iomlán i mBéarla agam, sular airigh mé é, le cara liom agus muid ina carrsa ar an bhealach áit éigin. Baineadh geit as an bheirt againn, óir ní mar sin atáimse. Ach bhí stáisiún raidió Béarla ar siúl sa chúlra agus is doigh liom gurb é sin an fáth ar tharla sin dom! Tá an chomhfhios chomh láidir sin d’ainneoin a ndeirimid.