‘Doirteadh daoine’ na hAfraice

Ar feadh trí chéad bliain go leith, bhí airgead mór á íoc ar mhuintir na hAfraice lena dtabhairt anall. Anois, tá airgead mór á íoc chun iad a choinneáil ann. Níor mhiste do cheannairí na hEorpa roinnt tuisceana a fháil ar an stair, a scríobhann ár gcolúnaí

EU Brussells

Tá 1.8 míle milliún euro á thairiscint ag an Aontas Eorpach don Afraic mar chuid d’iarracht deireadh a chur le sruth na n-inimirceach as an mór-roinn sin. Rinneadh an tairiscint sin ag cruinniú mullaigh i Malta, oileán Eorpach amach ó chósta na hAfraice, áit ar chas níos mó ná seasca ceannaire Eorpach agus Afraiceach lena chéile i lár na seachtaine chun sruth na n-inimirceach trasna na Meánmhara a phlé.

Fan soicind.

Gabhaimis siar sa stair ar feadh nóiméid. Ní gá dúinn dul siar rófhada. Cuirimis roth an ghléas taisteal ama ar an mbliain 1850. Oileán ar chósta na hAfraice. Eorpaigh ag casadh le hAfraicigh. Afraicigh á mbrú i mullach a chéile i mbáid seoil. An bhfeiceann tú an pictiúr?

Ar feadh trí chéad bliain go leith, rinne muintir na hEorpa creach ar mhuintir na hAfraice agus thugadar iad go dtí an taobh eile den Atlantach ina sclábhaithe. Anois, agus muintir na hAfraice ag trasnú na Meánmhara ina mbáidíní beaga féin, níl fáilte rompu.

Fan soicind tú féin, a deir tú. Cén bhaint atá ag an dá scéal lena chéile? Cén fáth gur gá scéal na sclábhaíochta a tharraingt anuas ar chor ar bith? Tháinig deireadh leis céad caoga bliain ó shin.

Cinnte, tháinig deireadh leis an trádáil sclábhaíochta thrasatlantach (an chuid is mó di, pé scéal é) céad caoga bliain ó shin. Ach d’fhág sí lorg ar an Afraic a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Go deimhin, tá sí ar cheann de na cúiseanna go bhfuil an Afraic sa riocht ina bhfuil sí inniu: mór-roinn a theastaíonn ó chuid mhór dá sliocht a fhágáil.

Le linn ré na sclábhaíochta, a mhair trí chéad bliain go leith, chuaigh daonra an domhain mhóir i méid. Ach laghdaigh daonra na hAfraice taobh ó dheas den Sahára mar a bheadh doirteadh leanúnach fola. Tháinig fás agus forbairt ar an Eoraip agus ar Mheiriceá Thuaidh, ach níor tháinig fás agus forbairt ar bith ar an Afraic. Ceal daoine!

Ceann de na himpleachtaí a bhí ag an easpa dul chun cinn a rinne an Afraic i gcomparáid leis an gcuid eile den domhan ná go leanann an ‘doirteadh daoine’ sa lá atá inniu ann: trasna na Meánmhara. Ar scála níos lú a tharlaíonn sé, ar ndóigh, ach is cinnte go mbeidh tionchar ag eisimirce an lae inniu ar an Afraic mar a bhí ag trádáil sclábhaíochta an lae inné.

Óir is féidir talamh slán a dhéanamh de gurb iad an dream atá ag imeacht – iad sin a chuireann a mbeatha i mbaol i mbáidíní beaga ar an Meánmhuir – an dream is misniúla dá bpobail éagsúla, na ceannródaithe a thógfadh sochaí níos fearr ina dtír féin dá gceapfaidís go mbeadh a leithéid indéanta.

Mar bharr ar an donas, má bhíonn baint ag an Aontas Eorpach leis an scéal, ní hiad na hAfraicigh is misniúla amháin a bheidh ag tréigean na hAfraice, ach na hAfraicigh is cliste freisin. Le cois an 1.8 míle milliún euro atá á thairiscint ag ceannairí na hEorpa do cheannairí na hAfraice lena gcuid bochtán a choinneáil ann, tá scéim á moladh ag an Aontas Eorpach a thabharfadh tús áite d’imircigh oilte.

Ní gá céim ollscoile a bheith agat chun an toradh a thuar. Agus an chuid is misniúla agus an chuid is oilte dá clann ag fágáil slán leis an Afraic, fanfaidh an mhór-roinn sin sa riocht ina bhfuil sí go deo agus ní thiocfadh deireadh go brách leis an sruth inimirceach a bhfuil oiread faitís roimhe ag an Eoraip.

Níor mhiste do cheannairí na hEorpa roinnt tuisceana a bheith acu ar an stair.