Doire i 1968 agus an Chatalóin in 2017, is soiléir na cosúlachtaí…

An mbeidh tionchar i dTuaisceart Éireann agus in Albain ag imeachtaí sa Chatalóin?

Doire i 1968 agus an Chatalóin in 2017, is soiléir na cosúlachtaí…

An bhfuil rud ar bith níos scanrúla nó níos gránna ná stát ag úsáid fornirt in aghaidh a chuid saoránach? Saoránaigh atá an stát sin ag iarraidh a choinneáil mar chuid dhílis dá mhuintir féin.

Díchéillí i gceann na héagóra, agus ceacht nár fhoghlaim rialtas na Spáinne ó stair na tíre seo.

Bhí sé deacair an chomparáid a sheachaint. Póilíní ag ionsaí daoine a bhí ag glacadh páirte in agóid shíochánta. Ar bhallaí ársa Dhoire crochadh dathanna na Catalóine, buí agus dearg faoi sholas gléineach. Bhí go leor i nDoire ag caint ar an gcosúlacht idir an chéad lá de Dheireadh Fómhair 2017 sa Chatalóin agus an 5 Deireadh Fómhair 1968 i nDoire nuair a d’ionsaigh an RUC léirsiú síochánta lucht chearta sibhialta.

Ba í an eachtra i nDoire agus na huafáis a nocht pictiúir teilifíse Gay O’Brien ar RTÉ a tharraing aird an domhain ar pholaitíocht Thuaisceart Éireann. Dé Domhnaigh bhí na híomhánna teilifíse ó Girona, Barcelona agus go leor bailte eile scanrúil freisin agus vótáil á cur faoi chois go brúidiúil. Deirtear gurb é an 5 Deireadh Fómhair 1968 i nDoire tús na dTrioblóidí (cé gur údar argóna é). Caithfear a bheith ag súil nach gcothófar a thuilleadh foréigin sa Chatalóin, ach is cinnte gur neartaigh iompar antoisceach Mariano Rajoy na Spáinne feachtas neamhspleáchais na Catalóine cuma céard a deir éinne i Madrid ná sa Bhruiséil faoi stádas dlíthiúil an reifrinn.

D’éirigh le 2.2 milliún de mhuintir na Catalóine a vóta a chaitheamh, a bhformhór mór i bhfabhar scaradh ón Spáinn. Seans gur éirigh leis an Spáinn daoine a bhí i gcás idir eatarthu a choinneáil sa bhaile ach an mar a chuir sí a bhainfidh sí lá is faide anonn? Tá cur amach agam féin ar bhaile beag tuaithe soir ó thuaidh ó Girona, ceantar sáthach coimeádach. Seo mar a chláraigh an ajuntament (comhairle) an toradh :

REFERÈNDUM 1 D’OCTUBRE

RESULTATS REFERÈNDUM MIERES | 299 vots emesos:

– 280 SI
– 6 NO
– 10 BLANCS
– 3 NULS

Fearacht go leor áiteacha eile chorraigh an foréigean an pobal agus rinne siad agóid De Luain chomh maith le páirt a ghlacadh sa stailc ghinearálta Dé Máirt. Pobal gríosaithe; macalla ó Thuaisceart Éireann. Díol suntais ab ea é nach ndearna Rajoy ná Madrid argóint ná díospóireacht le Barcelona –an toirmeasc an t-aon fhreagra a bhí acu, cosúil leis an gcur chuige aontachtach i 1968.

Ar ndóigh ta difríochtaí móra idir an dá chás. N’fheadar an mbeadh Madrid ag iarraidh an Chatalóin a choinneáil dá mba réigiún bocht é nó dá mbeadh sé ag ídiú an sparáin phoiblí in áit a bheith á ramhrú? Cé gur chinn údarás Stormont i 1968 go raibh an léirsiú i nDoire mídhleathach agus gur chinn údarás Madrid in 2017 gurbh amhlaidh an reifreann sa Chatalóin, níorbh ionann an freagra póilíneachta. Ba iad na póilíní logánta, an RUC, a d’ionsaigh lucht agóide i nDoire ach níor ghlac póilíní logánta na Catalóine, an Mossos dEsquadria, páirt sna hionsaithe ar vótóirí. Ba iad Guardia Civil na Spáinne a bhain leas as bataí, piléir rubair agus gas chun daoine a chur faoi chois.

Munar leor sin mar aincheart mhaígh Príomh-Aire Rajoy na Spáinne go raibh iompar a chuid póilíní cuí agus ceart. Bhí freagra leamh an Aontais Eorpaigh, an Taoiseach Leo Varadkar san áireamh, truamhéalach. Ta dualgais ar stáit a saoránaigh a chosaint agus ba cheart smachtbhannaí a ghearradh ar stáit a dhéanann a saoránaigh a ionsaí. Tá gá le freagra polaitiúil i bhfad níos treise gan mhoill. I bhfianaise a bhfuil feicthe againn go dtí seo ba dheacair a bheith ag brath air Rajoy chun déileáil go heifeachtach le Carlos Puigdemont, Uachtarán na Catalóine, agus na húdaráis in Barcelona. Ní mór don Bhruiséil dúiseacht.

I dTuaisceart Éireann cáineadh foréigean an Guardia Civil go forleathan ach ní nach ionadh is mór idir dhearcadh na n-aontachtach agus leagan amach náisiúnaithe agus poblachtánaithe. Poblachtánaithe óga i nDoire a chuir dathanna na Catalóine in airde, beart a tharraing diancháineadh ón DUP. Dúirt an Comhairleoir David Ramsey, DUP, gur náire ab ea é na soilse buí agus dearg a lasadh ar bhallaí Dhoire agus theastaigh uaidh go ngabhfaí leithscéal le rialtas na Spáinne.

Níor cheart ladar a chur i gcás faoi reifreann mídhleathach ar sé agus imní air go gcuirfeadh tacaíocht don Chatalóin isteach ar thurasóireacht ón Spáinn.

Mheas eagarfhocal leaseagarthóir an Newsletter, an páipéar aontachtach, go ngríosfadh feachtas neamhspleáchais láidir sa Chatalóin lucht na ‘scarúna’ in Albain agus abhus. Is léir go bhfuil an ceart aige faoin nasc idir na gluaiseachtaí neamhspleáchais. Nach maith is cuimhin linn na sluaite ón gCatalóin a bhí in Albain aimsir an reifrinn ansin. Mhaígh an Newsletter go ndéanfadh Sinn Féin dícheall chun an deis a sholáthar scéal na Catalóine a thapú agus go mbainfí leas as feachtais eachtracha chun tacú les an éileamh ar reifreann faoin teorainn anseo. Sin í an pholaitíocht!

Fág freagra ar 'Doire i 1968 agus an Chatalóin in 2017, is soiléir na cosúlachtaí…'

  • MacAnRí

    Gan dabht, maidir le Rajoy (agus a Rialtas) rinne sé a bhotún agus íocfaidh sé an praghas le cuidiú Dé (i dtoghchán sa todhchaí). Ach níl na heachtra foréigin a tharla Dé Domhnaigh sa Chatlóin díreach mar an gcéanna ar chor ar bith ná brúidiúlacht na RUC/B Specials agus Rialtas Stormont 1968….foréigean seicteach a tharla i nDoire tar éis blianta faoi chos …tá an anailís sa píosa seo an simplí le fadhb go mór seo…chorraigh na hiomhaí ar an teilfís an phoiblí amach is amach agus tá comhbhá agam leis na daoine bocht agus a gcúis.. ach tá suil gur dtuigtear tá dhá thaobh de gach scéal

  • Mise Áine

    @ Tá gá le freagra polaitiúil i bhfad níos treise gan mhoill.

    Aontaím. Cibé faoin bpolaitaíocht í fhéin, caithfear labhairt amach faoi bhrúidiúlacht agus ansmacht, i gcónaí.