Dóchas go dtiocfar ar réiteach faoi chead an bhealaigh go hÁirse Mhór Phollaide

An tseachtain seo caite, cuireadh clocha sa gheata ar an mbóithrín a théann suas chuig an Áirse agus cuireadh cóin agus comharthaíocht nua suas san áit le tabhairt le fios gur talamh príobháideach atá ann agus go bhfuil cosc ar pháirceáil ann

Dóchas go dtiocfar ar réiteach faoi chead an bhealaigh go hÁirse Mhór Phollaide

Tá dóchas i measc an phobail i bhFánaid i nGaeltacht Thír Chonaill go dtiocfar ar réiteach faoin aighneas atá sa cheantar maidir le cead an bhealaigh a bheith ag cuairteoirí chuig Áirse Mhór Phollaide.

An tseachtain seo caite, cuireadh clocha sa gheata ar an mbóithrín a théann suas chuig an Áirse agus cuireadh cóin agus comharthaíocht nua suas san áit le tabhairt le fios gur talamh príobháideach atá ann agus go bhfuil cosc ar pháirceáil ann.

Bhí bunadh an cheantair ag maíomh cead an bhealaigh a chuaigh siar na glúnta agus dúradh go raibh an cosc seo ag cur as don turasóireacht i gceantar Fhánada. Bhíodh sé de nós, mar shampla, ag cuairteoirí a théadh go Teach Solais Fhánada an tsiúlóid trí chiliméadar a dhéanamh chuig an Áirse.

Áirítear an Áirse ar cheann de bhuaiceanna Thír Chonaill ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus tá imní anois ar mhuintir na háite go mbeidh drochthionchar ag an gcinneadh cosc a chur ar chuairteoirí ansin ar earnáil na turasóireachta sa cheantar.

Bhí beagnach 50 duine i láthair ag siúlóid agóide a tharla Dé Sathairn, polaiteoirí áitiúla ina measc. Shiúil lucht na hagóide go dtí an Áirse lena míshásamh faoin gcosc nua a léiriú.

Deirtear go bhfuil na daoine ar leo an talamh atá i gceist ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go bhfuil ráite cheana acu nach maith leo go mbíonn daoine ag siúl ar an talamh le dul chuig an Áirse. Bhí úinéirí na talún ann Dé Sathairn agus ghlac siad pictiúir óna dteach den phobal ag dul thar bráid ach níor tháinig siad amach le labhairt le lucht na hagóide.

Tógadh na clocha a cuireadh sa gheata le linn an deireadh seachtaine ach ní fios cé a rinne sin. Tá an chomharthaíocht in airde go fóill ach thug urlabhraí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall le fios gur tógadh na cóin a bhí ann ó tharla “nach raibh baint ná páirt ag an Rannóg Bóithre” leis an scéal.

Dúirt Eimear Ní Mhathúna, bainisteoir Theach Solais Fhánada, ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go dtuigtear do mhuintir Fhánada “go mbeidh réiteach áitiúil ar an gceist” faoi chead an bhealaigh agus go ligfear do chuairteoirí siúl ar an talamh “ar shiúl ó theach na Meiriceánach”.

Fág freagra ar 'Dóchas go dtiocfar ar réiteach faoi chead an bhealaigh go hÁirse Mhór Phollaide'