‘Dóchas’ ag lucht a heagraithe go gcuirfear an ‘Ravelóid’ i gcrích agus cinneadh le déanamh amárach faoin bhféile ceoil

Tús curtha le mórfheachtas bolscaireachta don fhéile Ravelóid ar na meáin shóisialta agus ar stáisiúin teilifíse agus raidió agus lucht a heagraithe ag súil le 1,000 ticéad eile a dhíol chun an fhéile nua Ghaeilge a shábháil ón tsáinn airgid

concert-768258_1920

Tá dóchas ag lucht eagraithe na féile Ravelóid go rachaidh an fhéile ar aghaidh mar atá beartaithe agus feachtas mór poiblíochta ar bun faoi láthair chun í a thabhairt slán ón mbearna bhaoil.

Táthar in amhras faoina bhfuil i ndán don fhéile nua Ghaeilge ó tháinig an scéala chun solais go raibh lucht a heagraithe faoi bhrú mór airgid agus go gcaithfí go leor ticéad eile a dhíol ar bhonn práinne le go mbeifí in ann an ócáid a chur ar bun.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “dóchas ag an eagraíocht i gcónaí” go dtabharfar an fhéile slán, ach nach mbeifí cinnte faoina bhfuil i ndán di go dtí amárach.

“Táimid fós á mheas, ceannaíodh go leor ticéad ag an deireadh seachtaine ar bhealaí éagsúla. Ceannaíodh a bhformhór acu ar líne ach cheannaigh roinnt daoine ticéad thar ríomhphost agus bealaí eile freisin, agus mar sin ní bheidh a fhios againn go dtí Dé Céadaoin,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Beidh Ravelóid ar siúl ag Caisleán Ard Giolláin i mBaile Brigín i gContae Átha Cliath ar an 10-11 Meitheamh. Tá an fhéile á heagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Nós agus Oireachtas na Gaeilge.

Cuireadh tús le mórfheachtas bolscaireachta don fhéile ar na meáin shóisialta agus ar stáisiúin teilifíse agus raidió ag an deireadh seachtaine. Eisíodh físeán ar na meáin shóisialta inar impíodh ar an bpobal tacú leis an bhféile agus an ‘500 ticéad’ a shábhálfadh í a cheannach.

Scríobh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, alt ar an suíomh seo inar iarr sé ar chainteoirí Gaeilge tacú leis an bhféile.

I measc na mbannaí atá le bheith ar ardán na féile tá Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Hothouse Flowers agus Kila. I measc na gceoltóirí Gaeltachta  a bheidh ann tá: Altan, Clann Mhic Ruairí, agus Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Fág freagra ar '‘Dóchas’ ag lucht a heagraithe go gcuirfear an ‘Ravelóid’ i gcrích agus cinneadh le déanamh amárach faoin bhféile ceoil'

  • Seán Ó Drisceoil

    B’fhearr i bhfad liom dá mbeadh an conradh ag díriú ar ghnáthshaol an duine agus ag cuir brú ar chomhlachtaí móra tráchtála na tíre freastal ar dhaoine sa dá theanga oifigiúil. Nach léiriú é ar staid na teanga go bhfuil fógraíocht don ócáid seo i mbéarla (agus i ngaeilge).

  • Seanán Ó Coistín

    A Sheáin, aontaím go huile is go hiomlán leat. Déan teagmháil liom le do thoil agus déanfaimid beart chun brú a chur ar na cuideachtaí freastal orainn i nGaeilge.

  • Cuairteoir

    Is smaoineamh iontach é Ravelóid ach bíonn an iomarca daoine i saol na Gaeilge drogallach a lámha a chur ina bpócaí ar son na teanga. Is cosúil gurb amhlaidh an scéal arís eile.

  • Deirdre

    Tuigim gur rud nua atá i gceist ach chun a bheith lán dáiríre faoi, níl cuma ró-iontach ar na ceoltóirí! Is duine óg mise agus seachas Kíla, ní spéis liom grúpa ar bith eile! Ní féidir a bheith ag súil le go mbeadh daoine i saol na gaeilge sásta a lámha a chur ina bpócaí díreach ar son na gaeilge, ní imeacht carthanachta atá ann, nó an ea?

  • Country Joe McDonald

    Téann daoine chuig féilí ceoil don cheoil agus ní dá gcultúr a cheilliúradh.

  • Daire Ní Laoi

    Slim féin gut botún go bhfuil seo le tarlú ag tús Mhí an Mheithimh. Ticéidí agamsa, ach bheinn sásta cinn a fháil do mo mhac agus cara leis freisin, ach go mbeidh siad ag déanamh na hArdteiste ag an am.