‘Dochar as cuimse don Ghaeilge’ – toradh an chinnidh fáil réidh le ‘scrúdú cainte’ an Teastais Shóisearaigh

Tá Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le hiarraidh ar an Aire Oideachais teacht ina láthair leis an gcinneadh deireadh a chur le scrúdú cainte an Teastais Shóisearaigh a phlé

‘Dochar as cuimse don Ghaeilge’ – toradh an chinnidh fáil réidh le ‘scrúdú cainte’ an Teastais Shóisearaigh

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu gur ‘botún’ mór é fáil réidh le scrúdú cainte an Teastais Shóisearaigh, botún a dhéanfaidh “dochar as cuimse d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chleachtadh na Gaeilge”.

Mhaígh ball amháin de thoscaireacht, Máire Clár Nic Mhathúna, Príomhoide Scoil Naomh Cholmcille, Oileán Thoraí, a bhí i láthair ag cruinniú de chomhchoiste Oireachtais tráthnóna inné go n-imeodh “Gaeilge dhúchasach” na Gaeltachta as “iontach gasta” mura dtugtar aitheantas don teanga labhartha sa chóras.

“Sa Ghaeltacht, mar atá, bíonn trácht mhinic ar ‘Ghaeilge na Leabhar’ seachas an ‘Ghaeilge cheart dhúchasach”.

“Mura dtugtar deiseanna labhartha do na daoine óga chomh minic agus is féidir, agus mura n-aithníonn siad go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an teanga labhartha, imeoidh an Ghaeilge dhúchasach, atá sna ceantair seo, iontach gasta, agus an chumarsáid idir óg agus aosta léi,” a dúirt Máire Clár Nic Mhathúna.

Máire Clár Nic Mhathúna, Príomhoide Scoil Naomh Cholmcille, Oileán Thoraí

Dúirt Nic Mhathúna chomh maith go  raibh an cinneadh fáil réidh leis an scrúdú cainte ag teacht salach ar chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht, agus go mbeadh sé rómhall dul siar ar an gcinneadh faoin scrúdú cainte faoi cheann trí bliana.

“Creideann muidne go mbeidh dochar as cuimse déanta d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chleachtadh na Gaeilge mura mbíonn scrúdú cainte mar chuid den scrúdú Gaeilge, agus go mbeidh sé rómhall (nuair a dhéanfar achomharc faoi cheann trí bliana), an tsuim agus an meas atá ar an teanga labhartha a fháil ar ais.

Dúirt Orla Ní Cheallaigh ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, scoil Ghaeltachta arb í an Ghaeilge  an teanga teagaisc inti, gur botún a bhí sa chinneadh a d’fhágfadh gur scrúdú scríofa a bheadh i 90% de scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.

“Creidimse agus na múinteoirí Gaeilge eile ar fad ar labhair mé leo gur botún é seo. Ní raibh an scrúdú gan locht ach b’fhiú go mór é a bheith ann,” a dúirt Orla Ní Cheallaigh.

Orla Ní Cheallaigh ó Choláiste Pobail Ráth Chairn

Dúirt Ní Cheallaigh, arb as Maigh Eo ó dhúchas di, go mbeadh impleachtaí ag an gcinneadh fáil réidh leis an scrúdú cainte don oideachas Gaeltachta agus don Ghaeltacht féin.

“Cá bhfuil tobar na teanga? Sa nGaeltacht. Gan scrúdú cainte ní bheidh freastal á dhéanamh ar an tobar a thuilleadh. Ní fheicfidh tuismitheoirí gur fiú míle euro a chaitheamh ar a gcuid páistí chun freastal ar chúrsa [samhraidh]. €1000, is mór an méid airgid é. Cén fáth go gcuirfeadh tuismitheoirí a ngasúir go dtí an Ghaeltacht mura mbeadh aon scrúdú cainte ann?

“Beidh tionchar ag an laghdú seo ar ioncam mhuintir na Gaeltachta. Bíonn tuismitheoirí an lae inniu ag díriú ar phointí agus grádanna scrúduithe. Agus tuige go gcuirfeadh múinteoirí aon bhéim ar an gcumarsáid sa rang mura bhfuil aitheantas á thabhairt di. Is ag snámh in aghaidh easa a bheidh muid,” a dúirt Orla Ní Cheallaigh. 

Dúirt Mícheál Ó Súilleabháin múinteoir Gaeilge as Ráth Chairn atá ag múineadh i gColáiste Beaufort, scoil DEIS san Uaimh, go gcruthódh an cinneadh fáil réidh leis an scrúdú cainte agus ‘cur i láthair’ ranga a chur ina áit go leor deacrachtaí do scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

“Beidh sé thar a bheith deacair ar dhaltaí seasamh os comhair a gcuid piaraí nó a gcuid comhscoláirí i dteanga nach bhfuil siad compordach inti.

Micheál Ó Súilleabháin, Coláiste Beaufort

“Tá Béarla líofa ag formhór na tíre ach ní hamhlaidh an cás leis an nGaeilge. Beidh náire, imní, agus gnóthachtáil íseal i gceist agus céard is fiú é, ach abairt ar pháipéar: ‘thar barr ar fad’, ‘os cionn na n-ionchas’, ‘ag teacht leis na hionchais’; ‘ionchais le baint amach fós’,” a dúirt Micheál Ó Súilleabháin agus é ag tagairt don chóras meastúcháin a bheidh ann don chur i láthair a dhéanfar sa seomra ranga a thiocfaidh in áit an scrúdú cainte.

Thug Ó Súilleabháin le fios go mbíodh an scrúdú cainte roghnach ar bun ag daltaí Choláiste Beaufort le blianta beaga anuas agus gur bhain na daltaí an-leas as.

“Tháinig feabhas ar thorthaí na ndaltaí agus suim sa teanga agus grá di dá réir,” a dúirt Micheál Ó Súilleabháin.

Mhaígh an múinteoir Gaeilge as Coláiste Beaufort go bhfágfadh an cinneadh maidir leis an scrúdú cainte go mbeadh daltaí “ag imeacht ón teanga” agus “ag cuartú díolúine ón nGaeilge”.

Cathaoirleach an choiste Oireachtais, Catherine Connolly

D’aontaigh Cathaoirleach an choiste Oireachtais, Catherine Connolly, le baill an choiste go n-iarrfaí ar an Aire Oideachais teacht ina láthair leis an gceist a phlé. Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir go rithfí rún a d’éileodh ar an Aire an cinneadh a chur siar ar feadh bliana le go bhféadfaí an cás a phlé, agus thacaigh baill eile leis an rún sin.

Ní bheidh aon scrúdú cainte sa Ghaeilge, ná i dteanga ar bith eile, le déanamh ag aon scoláire a bheidh ag tosú ar an mheánscoil i bhfómhair na bliana seo.

Scrúdú roghnach a bhí sa scrúdú cainte a chuirtí ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach agus b’fhiú 40% den scrúdú iomlán é don té a rinne é.

Is é a thiocfaidh in áit an scrúdú cainte ná measúnú rangbhunaithe a dhéanfar sa dara bliain agus sa tríú bliain. Don mheasúnú seo déanfaidh an dalta cur i láthair sa rang ar ghné éigin den saol a bhfuil spéis aige ann agus déanfaidh a mhúinteoir ranga breithiúnas ar a chumas cur i láthair bunaithe ar cheithre rogha.

Is ionann an cur i láthair ranga seo agus 10% don scrúdú iomlán.

Fág freagra ar '‘Dochar as cuimse don Ghaeilge’ – toradh an chinnidh fáil réidh le ‘scrúdú cainte’ an Teastais Shóisearaigh'

  • BB

    Aontaim go láidir go ndéanfar dochar doleigheasta do dhul chun cinn na teanga labhartha ní hé amháin sna scoileanna ach sa sochaí go ginearálta mar gheall ar an gcinneadh gan chiall seo. Cén fáth go mbacfadh múinteoirí agus daltaí a bheith ag iarraidh an teanga labhartha a shealbhú mura bhfuil marcanna ar fáil dá leithéid. Ní leor a rá go musclófar suim sa teanga mar gheall ar an litríocht. Mar mhúinteoir atá ag treabhadh an ghoirt sa Ghalltacht le ós cionn deich mbliana fichead níl aon dabht i m’intinn ach gurb é a mhalairt ar fad a thárlóidh. Ní bhacfar leis an gcaint. Beidh an ghrain ag daltaí ar an ábhar agus tiocfaidh laghdú ar an líon daltaí a dhéanfaidh an t-Ardleibhéal. Buille marfach don teanga!!

  • Áine

    Feicfear an Ghaeilge mar theanga marbh, teanga na leabhar mura mbeidh gá ann í a chleachtadh ó bhéal…tá an Roinn Oideachais ag déanamh a ndícheall cinniúint na laidine a chinntiú don Ghaeilge….is olc an mhaise don Roinn Oideachais é seo… éist leis na múinteoirí atá ag déanamh a ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn…. ní bhacfaidh mná tí na Gaeltachta go mbeidh géarchéim ann go dtí nach mbeidh na scoláirí ag teacht ar chúrsaí Gaeilge,….ní fheictear go mbaineann cás oideachas na Gaeilge leo ach é a fhágáil ag daoine eile lena chinneadh agus mar a deir na príomhoidí thuas má leantar leis an gcinneadh seo anois… beidh an dochar déanta agus ní rachfar siar air…. an seanscéal céanna arís,…. rómhall a fheictear an leas don Éireannach…faraor…ach dá n-éistfeadh an tAire Oideachais agus gníomhú láithreach…. bheadh deis fós ann rudaí a chur ina gceart…ach cé a chuirfidh an brú sin air…. an mbeidh Aire Gaeltachta a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige/ar a toil aici théis an lá inniu…. sin tuilleadh dhó….

  • Mánus

    Is é an plean neamhráite atá ag Státín Deisceartach ná go mbeidh teanga na tíre seo fágtha mar phabhsae oidhreachta cosúil leis an Mhannanais. Is mar cuid den díchoimisiúnú ar an Ghaeilge atá ar siúl ag an Stáitín le cead Rialtais FFFG a ba chóir breathnú ar an churaclam nua seo dos na foghlaimeorí. “Defunding” a ghlaofadh Noam Chomsky ar an chur chuige seo. An toradh ar an “defunding”seo ná ná nach néiríonn le seirbhísí agus cuirtear deireadh leo. Is chun an bóthar a réiteach don ísliú céime don Ghaeilge (í a bheith roghnach sna scoileanna agus á mhúineadh ar éigean ) an cúis go bhfuil deireadh leis an bhéalscrúdú don Teastas Sóisearach. Níl bheidh seans á thabhairt do dhaoine óga an teanga a shealbhù mar theanga bheo. Is mar teanga marbh ar nós an Laidin a bheidh teanga na tíre á mhúineadh feasta. Nach aisteach go bhfuil Confadh na Gaeilge, Feachtas, Misneach, Teacht Aniar, coistí Pleanála teanga srl. comh ciúin faoin éagóir seo.

  • Cillian Ó Braonáin

    Litreacha seolta agam chuig an ncca, an jct, na ceardchumainn agus roinnt mhaith polaiteoirí ar an ábhar seo. Is mór an leas atá á bhaint as an scrúdú cainte roghnach. Is beag meas a bheidh ag daltaí ar an leagan amach nua ó thaobh measúnú ar scil na cainte de. D’fhéadfaí leasaithe fiúntacha a dhéanamh ar an scrúdú roghnach; ba chóir an bhéim sa ghrád agus an gné seachtrach a choimeád áfach.