‘Do Ghairm le Gaeilge’ seolta ag Foras na Gaeilge ag Aonach Gairmeacha Grad Ireland

Seoladh an feachtas feasachta i mBaile Átha Cliath inné agus súil ag Foras na Gaeilge fochéimithe a mhealladh i dtreo na Gaeilge i ndiaidh na hollscoile

‘Do Ghairm le Gaeilge’ seolta ag Foras na Gaeilge ag Aonach Gairmeacha Grad Ireland

Seoladh ‘Do Ghairm le Gaeilge’ inné ag Aonach Gairmeacha Grad Ireland san RDS. Is é Foras na Gaeilge, i gcomhar le Grad Ireland, a sheol an feachtas feasachta agus tá súil ag an eagraíocht teanga aird a tharraingt ar na deiseanna oibre atá ann do chainteoirí Gaeilge.

Is ar fhochéimithe atá ‘Do Ghairm le Gaeilge’ dírithe agus tá sé mar aidhm aige aird a tharraingt ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as an dátheangachas agus an líofacht sa Ghaeilge san ionad oibre.

Ba mhaith le Foras na Gaeilge mic léinn tríú leibhéal a spreagadh a gcumas sa Ghaeilge a lua agus iad ag cur isteach ar phoist, an Ghaeilge a labhairt nó a úsáid sa phost atá acu faoi láthair, nó cuimhneamh ar chúrsaí iarchéime a dhéanamh i nGaeilge.

Chuige sin tá leabhrán eolais agus sraith físeáin foilsithe ag an bhForas ina dtugtar léargas agus comhairle maidir le cúrsaí oiliúna agus deiseanna oibre trí Ghaeilge. Tá ‘ambasadóirí gairme’ ó réimsí éagsúla oibre roghnaithe ag an bhForas le cur síos ar a gcuid oibre,  Siún Ní Dhuinn ó RTÉ agus Seán Ó Baoill ó Mheon Eile ina measc.

Fág freagra ar '‘Do Ghairm le Gaeilge’ seolta ag Foras na Gaeilge ag Aonach Gairmeacha Grad Ireland'