Dlúthchuid dár gcultúr an ciníochas i gcónaí. É sin a aithint, sin í an chéad chéim…

Léirigh pobalbhreith san Ísiltír le gairid go measann dhá dtrian de mhuintir na tíre sin nach bhfuil rud ar bith cearr le ‘próifíliú ar bhonn cine’ sa troid i gcoinne na coiriúlachta. Faraor géar, ní san Ísiltír amháin atá an dearcadh sin coitianta…

Typhoon

Stopadh an rapálaí Ísiltíreach Typhoon ag na póilíní an tseachtain seo caite nuair a bhí sé ag tiomáint timpeall ina chathair dhúchais, Zwolle. Ní raibh rud ar bith déanta as bealach aige; ní raibh ann ach gur mheas na póilíní a stop é ‘nach raibh an cineál gluaisteáin a bhí á thiomáint aige ag teacht lena phróifíl’.

SUV mór nua a bhí sa charr. Duine gorm is ea Typhoon.

Níorbh é an chéad uair ar tharla a leithéid don rapálaí agus an iarraidh seo, tharraing sé aird ar an scéal ar na meáin shóisialta. 

Sna sála ar an raic a lean, rinneadh pobalbhreith faoi cheist chonspóideach an ‘phróifílithe ar bhonn cine’ (racial profiling), drochnós a chuirtear i gcoinne phóilíní go minic, agus ní san Ísiltír amháin.

An toradh: measann 64 faoin gcéad de mhuintir na hÍsiltíre go bhfuil a leithéid inghlactha más ar mhaithe leis an troid i gcoinne na coiriúlachta é, fiú mura mbíonn fianaise ar bith ann go bhfuil rud déanta as bealach ag an té a bhfuil an ‘próifíliú ar bhonn cine’ á dhéanamh air.

Is ionann sin is a rá go gceapann nach mór beirt as gach triúr Ísiltíreach go bhfuil ciníochas ceart go leor.

Ach an ionann sin is a rá go bhfuil an ciníochas níos forleithne san Ísiltír ná i dtíortha eile?

Ní dóigh liom é.

Is dóigh liom nach bhfuil ann ach gurb é an neamhbhailbhe a shamhlaítear le muintir na hÍsiltíre go minic is cúis leis an bhfreagra macánta a tugadh ar an gceist. Níl dabht ar bith orm ach go bhfuil an dearcadh seo faoin bpróifíliú ar bhonn cine chomh coitianta céanna i dtíortha eile.

Sampla ón mBrasaíl. Tá ionad seiceála (go hiomlán neamhoifigiúil, ach sin scéal eile) ag cumann na n-áitritheoirí ag an mbealach isteach go dtí an ceantar mar a bhfuil cónaí orm i gcathair Salvador. Is iomaí carr a scaoiltear isteach gan stró, ach gach uile uair a thagann cara áirithe de mo chuid ar cuairt chugam, stopann na gardaí slándála é. Lá i ndiaidh lae.

Rinne mé gearán faoi sin le comharsa béal dorais liom, atá ar bhord chumann na n-áitritheoirí.

‘Ná habair é seo leis féin,’ a dúirt sí, ‘ach ar ndóigh dath a chraicinn is cúis leis go stoptar é i gcónaí.’

Duine gorm is ea mo chara. Ní le gardaí slándála príobháideacha amháin a bhíonn fadhbanna aige, ach leis na gnáthphóilíní freisin. ‘Nuair a stoptar bus ag ionad seiceála chun drugaí a chuardach is féidir talamh slán a dhéanamh de go bpiocfar mise amach don ‘chuardach randamach’.

Agus ní san Ísiltír ná sa Bhrasaíl amháin a bhíonn próifíliú ar bhonn cine ar siúl ag na húdaráis. Nuair a sheas leathchéad duine amach as eitleán as Amsterdam ag aerfort na Gaillimhe (bhí a leithéid d’eitilt ann) cérbh é an t-aon duine a stopadh ag an lucht custaim? M’iarfhear céile gorm. Nuair a bhí mé i mo sheasamh sa scuaine ag an seicphointe slándála in aerfort Columbus, Ohio an mhí seo caite cé a piocadh amach don ‘dianscrúdú randamach’? An lánúin Mhoslamach a bhí díreach romham sa scuaine agus a raibh leanbh nach raibh ach cúpla mí d’aois á iompar lena hucht ag an mbean.

Ós ag caint ar na Stáit Aontaithe muid, ar ndóigh ba thoradh iad na círéibeacha a tharla in Ferguson, Missouri agus in Baltimore, Maryland le blianta beaga anuas ar an bpróifíliú ar bhonn cine a bhíonn ar bun ag póilíní Mheiriceá.

Sna Stáit a bunaíodh an feachtas #BlackLivesMatter, ach is feachtas idirnáisiúnta é agus faraor tá géarghá lena leithéid. 

‘Dlúthchuid iad ciníochas agus idirdhealú dár gcultúr i gcónaí. É sin a aithint, sin í an chéad chéim. Tá bealach fada romhainn,’ a scríobh an rapálaí Typhoon ar na meáin shóisialta tar éis na heachtra ina ndearnadh próifíliú ar bhonn cine air.

Aontaím leis.