Dlús le córas nua coimisiúnaithe TG4 — cuireadh chun cainte ag comhlachtaí áirithe ach an t-eiteach tugtha do chomhlachtaí eile

Tuairiscítear gur chuir 40 léiritheoir isteach ar chonradh le TG4 ach nár éirigh ach le céatadán beag de na hiarratasóirí dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas

Dlús le córas nua coimisiúnaithe TG4 — cuireadh chun cainte ag comhlachtaí áirithe ach an t-eiteach tugtha do chomhlachtaí eile

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cuireadh faighte ag roinnt léiritheoirí teacht go ceannáras TG4 le plé a dhéanamh ar na h-iarratais a rinne siad faoi scéim nua coimisiúnaithe an stáisiúin.

I measc na gcomhlachtaí sin ar éirigh lena n-iarratais, agus a bhfuil an cuireadh chun cainte faighte acu, tá na comhlachtaí Gaeltachta Meangadh Fíbín, Sónta, Magamedia, agus Sibéal Teo, agus Big Mountain Productions, comhlacht atá lonnaithe i nDún Dealgan agus a bhíonn ag plé leis an ‘teilifís réaltachta’.

Idir an dá linn, fuair roinnt comhlachtaí eile an drochscéal ó TG4 an tseachtain seo caite nár éirigh lena n-iarratas faoin gcóras coimisiúnaithe nua.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cuid de na comhlachtaí sin, ar comhlachtaí beaga Gaeltachta go leor acu, anois i mbun machnaimh faoina bhfuil i ndán dóibh agus faoinar fiú dóibh leanúint ar aghaidh in earnáil na teilifíse.

D’fhógair Alan Esslemont, Ardstiúrthóir an stáisiúin, ag tús na bliana seo córas nua coimisiúnaithe a d’fhág gur comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin a bheidh ag soláthar beagnach gach uile chlár a chraolfar ar an stáisiún feasta.

Faoin straitéis nua, beidh babhtaí coimisiúnaithe ann i réimsí éagsúla, agus táthar ag lorg ábhar ginearálta i seacht réimse — sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir drámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.

Dúirt Esslemont leis an 200 léiritheoir teilifíse a d’fhreastail ar chruinniú eolais faoin gcur chuige nua i mí Eanáir go gcaithfear 80% den mhaoiniú atá curtha ar leataobh do choimisiúnú na gclár ar na conarthaí fada “ilbhliana” a bheidh á dtairiscint feasta. Conarthaí iad seo a mhairfidh ceithre bliana. Is ar chonarthaí do chláir “aonair” a chaithfear an 20% eile.

Tá luach €400,000 sa bhliain ar na conarthaí ilbhliana nua i bhformhór na réimsí agus mairfidh na conarthaí ceithre bliana, rud a fhágann gur fiú €1.6m an conradh don chomhlacht a n-éireoidh leis i réimsí na faisnéise, na siamsaíochta, na siamsaíochta do ghasúir agus an cheoil. €3.4 milliún in aghaidh na bliana atá i gceist don chonradh nua do shobalchlár.

Dúirt Esslemont ag an gcruinniú céanna ag tús na bliana “nach mbeidh aon chonradh ann go dtí go mbíonn conradh ann” agus é ag tabhairt le fios nach mbeadh aon rud socraithe ná cinntithe leis na léiritheoirí neamhspleácha go dtí go síneofaí na conarthaí.

Dúirt léiritheoir amháin le Tuairisc.ie go bhfágann sé sin nach raibh  i scéal na seachtaine seo caite ach “an chéad chéim eile” sa phróiseas agus cé gur údar áthais do chomhlachtaí áirithe an scéala a fháil go bhfuil cuireadh chun cainte faighte acu, dúradh le Tuairisc.ie nach bhfuil aon chinnteacht ann fós go mbronnfar conradh ar na comhlachtaí ar tugadh an cuireadh sin dóibh.

Tuairiscítear gur chuir 40 léiritheoir isteach ar na conarthaí seo, ach nár éirigh ach le céatadán beag de na hiarratasóirí dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Dúirt urlabhraí ó TG4 nach raibh aon ráiteas le déanamh ag an stáisiún faoin bpróiseas faoi láthair.

Fág freagra ar 'Dlús le córas nua coimisiúnaithe TG4 — cuireadh chun cainte ag comhlachtaí áirithe ach an t-eiteach tugtha do chomhlachtaí eile'

  • Seán

    Feabhas mór, buíochas le Dia.