‘Tá níos mó i gceist leis an sacar ná cluiche’ – mná Diyar Bethlehem na Palaistíne ar camchuairt

Tá Diyar Bheithil i measc na bpríomhfhoirne ar an mBruach Thiar. D’fhreastail ár gcomhfhreagraí ar chluiche dá gcuid i Learpholl le déanaí

‘Tá níos mó i gceist leis an sacar ná cluiche’ – mná Diyar Bethlehem na Palaistíne ar camchuairt

Tá camchuairt ar Shasana ar siúl faoi láthair ag Diyar Bheithil, foireann shacar na mban ón bPalaistín, agus d’fhreastail mé ar chluiche dá gcuid i Learpholl le déanaí.

Bunaíodh Diyar Bheithil in Ollscoil Bheithil sa bhliain 2008. Tá an fhoireann i measc na  bpríomhfhoirne ar an mBruach Thiar agus tá cuid mhaith dá n-imreoirí ar fhoireann náisiúnta na mban ag an bPalaistín.

Tá Honey Thaljieh ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Diyar agus is í atá ina captaen ar fhoireann na Palaistíne. Míníonn :

“Tá níos mó i gceist leis an sacar ná cluiche. Tá an t-ionchuimsiú sóisialta i gceist agus tá cúrsaí féiniúlachta agus mórtas tíre i gceist. Baineann sé leis an bPalaistín a chur ar an mapa.”

Is é a comhairle d’ imreoirí ban eile ná: “Bíodh muinín agat as an mbua atá ionat agus bí diongbháilte – ach tacaíocht a bheith agat éireoidh leat”.

In 2014 rinne dhá fhoireann ban ó Shasana, Easton Cowgirls ó Bristol agus Republica Internationale ó Leeds, camchuairt ar an mBruach Thiar agus d’imir siad in aghaidh Diyar agus foirne eile.

Chonaic siad an sórt saoil a bhí ag daoine sna bailte agus sna sráidbhailte atá faoi sheilbh mhíleata an Iosrael. Fuair siad léargas go háirithe ar na fadhbanna atá ag mná atá ag iarraidh sacar a imirt sa Phalaistín.

Rinne siad scannán faoin turas Balls, Barriers and Bulldozers, scannán a léirigh gurbh ábhar machnaimh a bhí sa chamchuairt a raibh idir ghliondar, dhúshlán agus bhrón ag baint léi in amanna.

De bharr an turais sin, tá Diyar Bheithil anois ar chamchuairt i Sasana agus d’éirigh go maith leo ar dtús. Bhí siad sa dara háit i gcomórtas a d’eagraigh Eastern Cowgirls i mBristol agus chríochnaigh siad ar comhscór, 3-3, in aghaidh Purnells of Midsomer Norton an tseachtain seo caite.

Ach tá muintir Learphoill, idir fhir is mhná, andáiríre faoin sacar, agus bhí cluiche deacair ag na Palaistínigh in aghaidh Mossley Hill Ladies.

Foireann fíorláidir a bhí iontu, agus bhain a gcur chuige fisiciúil geit as imreoirí Diyar. Cé go bhfuil imreoirí sciliúla ag na Palaistínigh, bhí mná Learphoill eagraithe go maith. 1-0 an scór a bhí ann ag leath-am, agus beirt as Diyar gortaithe. Fuair Mossley Hill cúl eile leathbhealaigh tríd an dara leath, rud a bhain an ghaoth de sheolta Diyar. Scóráil na Scousers cúl eile i dtreo dheireadh na himeartha.

Chroith na himreoirí lámha lena chéile ag an deireadh agus bhí béile breá acu i dteannta a chéile sa chlubtheach, mar a raibh bia traidisiúnta na Palaistíne ar fáil.

Beidh ócáid fáiltithe don fhoireann as an bPalaistín in Kennington, Londain, anocht.

Fág freagra ar '‘Tá níos mó i gceist leis an sacar ná cluiche’ – mná Diyar Bethlehem na Palaistíne ar camchuairt'

  • tonybirtill

    Hi Maureen
    Can you please print of 6 copies of this article for my class tonight?
    B&W is OK
    Tony