Diúltú d’iarratas ‘Conn O’Mara’ a chlárú mar thrádmharc

Mhaígh lucht Cooley Distillery go gcuirfeadh ‘Conn O’Mara’ isteach ar a ngnó toisc go mbíonn an t-uisce beatha ‘Connemara’ á dhíol acu

Diúltú d’iarratas ‘Conn O’Mara’ a chlárú mar thrádmharc

PICTIÚR: Facebook

Dhiúltaigh Oifig na bPaitinní d’iarratas ar ‘Conn O’Mara’ a chlárú mar thrádmharc i ndiaidh do lucht déanta ‘Connemara Whiskey’ cur i gcoinne an iarratais ó fhear gnó sa Chlochán.

Ag labhairt dó leis an Irish Times, mhaígh Leo Mansfield, ar leis an siopa The Outdoor Shop sa Chlochán, gur “maistíneacht chorparáideach” a bhí ar bun ag an drioglann i gContae Lú, ar le Beam Suntory í, comhlacht ón tSeapáin atá lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Carachtar cartúin cipíneach é ‘Conn O’Mara’ atá á úsáid ó 2001 ag Mansfield in ábhar brandáilte agus margaíochta. Bhí beartaithe ag an bhfear gnó an lógó ‘Conn O’Mara’ a bhíonn le feiceáil ar t-léinte agus ábhar brandáilte eile a úsáid ar earraí eile, buidéil bheorach ina measc.

Mhaígh lucht Cooley Distillery go gcuirfeadh ‘Conn O’Mara’ isteach ar a ngnó toisc go mbíonn an t-uisce beatha ‘Connemara’ á dhíol acu.

Mhaígh an comhlacht leis gurbh amhlaidh go mbeadh “mearbhall” ar thomhaltóirí dá gceadófaí trádmharc do ‘Conn O’Mara’, go mbeidh a leithéid “mífhéaráilte” agus gurbh í íomhá “shainiúil” uisce beatha ‘Connemara’ a bheadh thíos leis.

Agus é i mbun comhfhreagrais le hOifig na bPaitinní, dúirt Leo Mansfield gur mór an “náire” é go raibh iarratas déanta ag Cooley go leagfaí costais ar a ghnó teaghlaigh dá rachadh an cás chun cúirte.

Dúirt urlabhraí ó Beam Suntory leis an Irish Times go raibh an comhlacht sásta go raibh an “seasamh ceart” acu ar an scéal.

Fág freagra ar 'Diúltú d’iarratas ‘Conn O’Mara’ a chlárú mar thrádmharc'

  • Glór Í Eo

    Ná bí ag caint ar fuisce, céard faoi ár gcara dhíl Craic O’Kane ?