Diúltú d’achainí sráidainmneacha

D'fhéadfadh sé go ndeanfaidh Glór na Móna achomharc ar an gcinneadh a rinneadh sa chúirt le gairid diúltú d’achainí i dtaobh sráidainmneacha Gaeilge.

large_gabble

Tá dlíodóirí de chuid Ghlór na Móna i mBéal Feirste ag smaoineamh ar achomharc dlí a iarraidh i ndiaidh do bhreitheamh diúltú d’achainí go gcuirfí sráidainmneacha Gaeilge in airde ar shráid in iarthar na cathrach.

Tá an grúpa thar a bheith míshásta cionn is gur vótáil 52 as 53 duine a d’fhreagair ceistiúchán ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar son na n-ainmneacha Gaeilge.

Ach 92 duine a bhí i dteideal vótála agus ghlac an Chomhairle nár vótáil an 39 duine eile an ceistiúchán cionn is go raibh siad in éadan an athraithe.

“Tá comharthaíocht Ghaeilge ar na sráideanna cheana féin, iad curtha suas ag gníomhaithe teanga ach beidh muid ag iarraidh an comharthaíocht oifigiúil fríd an chomhairle. Maidir leis an chás chúirte, bhí sé in éadan polasaí chomhairle Bhéal Feirste de bharr gur próiseas ciotach atá i gceist.”

“I mbunús na comhairlí eile, is leor toil thromlach na gcónaitheoirí ach ní sin an cás atá againn i mBéal Feirste ar an drochuair,” arsa Brónagh Fusco, Oifigeach Forbartha Ghlór na Móna.

Ach sa chás a thug an grúpa Gaeilge an tseachtain seo caite, dúirt an Breitheamh Mark Horner nach raibh sé “míréasúnta go gcinnteodh an Chomhairle go bhfuil cónaitheoirí sráide ina n-iomláine i bhfách le hathrú ainm sráide go teanga eile.”

Níor chuir an Breitheamh fiacail ann agus é ag cáineadh na Cairte um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, á rá go raibh sí “míshoiléir, débhríoch agus gan mhaith.”

Maidir le ráitis an bhreithimh, dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAIL, “go gcruthaíonn sé arís chomh tábhachtach is atá reachtaíocht intíre leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn.”

“Cáineann an breitheamh rialtas na Breataine as gan míreanna na Cairte a reachtú sa dlí intíre, agus tá an ceart ar fad aige. Ach níor cheart dó féin neamart iomlán a dhéanamh sa Chairt.”

“Is ionstraim idirnáisiúnta í a leagann dualgais ar leith ar an stát anseo. Ar na dualgais seo, tá cur chun cinn úsáid na Gaeilge scríofa sa saol poiblí, agus cúraimí eile maidir le húsáid logainmneacha traidisiúnta.”

“Faraor, ní théann an Chairt féin isteach go mion ar cheist na sráidainmneacha agus mar sin de, dhírigh an breitheamh ar an bhearna áirithe sin, in áit léamh níos leithne a dhéanamh ar chuspóirí na Cairte cur le feiceálacht na Gaeilge sa ghnáthshaol,” arsa Janet.

Mura ndéanfar achomharc, beidh ar Ghlór na Móna tús a chur leis an fheachtas arís sa bhliain úr.

“Beidh orainn toiseacht ón fhíorthús maidir le léiriú suime na gcónaitheoirí srl ach an iarraidh seo, tá muid ag súil le dea-thoradh,” arsa Brónagh.