Diúltaithe do litir Bhreatnaise ó ollscoil i mbanc sa Bhreatain Bheag

Dhiúltaigh Banc Lloyds glacadh le litir oifigiúil ó Sheirbhís Iontrála na nOllscoileanna agus na gColáistí (UCAS) toisc í a bheith i mBreatnais,  a deir Mike Hedges, feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre

Diúltaithe do litir Bhreatnaise ó ollscoil i mbanc sa Bhreatain Bheag

Ní mó ná sásta atá cainteoirí Breatnaise faoin gcaoi ar chaith banc Lloyds le Feisire Parlaiminte, agus custaiméir de chuid an bhainc, nuair a rinne sé iarracht cuntas a oscailt dá iníon.

Dúirt Mike Hedges, feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, gur dhiúltaigh an chraobh glacadh le litir ghlactha ó Sheirbhís Iontrála na nOllscoileanna agus na gColáistí (UCAS) mar gheall gur sa Bhreatnais a bhí sí, teanga oifigiúil de chuid na tíre.

Chuaigh Hedges isteach i gcraobh Lloyds TSB in Abertawe le cuntas mic léinn a oscailt dá iníon atá le tosú san ollscoil in Bangor an mhí seo chugainn. Nuair a iarradh ar Hedges cruthúnas a thabhairt gur éirigh lena iníon áit a fháil san ollscoil, thaispeáin sé an litir ghlachta ó UCAS, ach diúltaíodh don litir.

“Dúradh linn gurb é polasaí an chomhlachta [gan glacadh le litreacha i mBreatnais] agus nach bhféadfaí glacadh léi. Tá sé mícheart agus ní féidir glacadh lena leithéid. Dá ndéarfaí liom nach raibh cainteoir Breatnaise sa chraobh an lá sin, nó go gcaithfí an litir a chur ar aghaidh áit eile ar feadh cúpla lá, thuigfinn a gcás, ach tá sé mícheart gan glacadh leis an gcáipéis ar chor ar bith,” a dúirt Hedges leis an BBC.

Moladh dó, ar chuntas oifigiúil an bhainc ar Twitter, cóip den litir a fháil i mBéarla agus go mbeifí in ann an cuntas a oscailt ansin. Dúirt Hedges nach bhféadfaí glacadh lena leithéid de fhreagra ón mbanc.

D’aontaigh Aire Breatnaise na Breataine Bige, Alun Davies, le seasamh Hedges agus dúirt gur chóir don bhanc caitheamh leis an mBéarla agus  leis an mBreatnais “go cothrom”.

“Ní féidir glacadh leis an gcineál seo iompair ó mhórchomhlachtaí idirnáisiúnta ar chor ar bith,” a dúirt Davies.

Tá cáineadh déanta ag an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaiths ar iompar an bhainc freisin. Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta go léiríonn an eachtra seo an gá atá ann an reachtaíocht teanga a leathnú amach go dtí comhlachtaí príobháideacha.

Tá leithscéal gafa ó shin ag Banc Lloyds faoin eachtra.

“Gabhaimid leithscéal as an mbotún a rinneamar sa chás seo. Aithnímid tairiscintí ó UCAS sa Bhreatnais agus tá go leor oibrithe againn a bhíonn ag plé leis an bpobal a labhraíonn an Bhreatnais.

“Tá céimeanna á nglacadh againn láithreach lena chinntiú go dtuigeann gach fostaí dár gcuid an treoir cheart,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an banc.

Fág freagra ar 'Diúltaithe do litir Bhreatnaise ó ollscoil i mbanc sa Bhreatain Bheag'