Diúltaithe d’achomharc fhear as an gCeathrú Rua a ciontaíodh in éigniú

Caitheadh amach sa Chúirt Achomhairc achomharc i gcoinne a chiontaithe a rinne iarmhúinteoir as Conamara

Diúltaithe d’achomharc fhear as an gCeathrú Rua a ciontaíodh in éigniú

Diúltaíodh sa Chúirt Achomhairc inniu d’achomharc i gcoinne a chiontaithe a rinne iarmhúinteoir bunscoile as Conamara, a bhfuil téarma príosúin á chur isteach aige maidir le cúiseanna a bhain le mí-úsáid agus éigniú a dheirféar céile.

Ní ceadmhach an fear, atá 65 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige ar an gCeathrú Rua i gConamara, a ainmniú mar chosaint don té a d’ionsaigh sé.

Ciontaíodh an fear sa Phríomh-Chúirt Choiriúil as 115 cúis a bhain le hionsaithe mígheanasacha agus gnéis a dhéanamh ar a dheirfiúr céile idir 1981 agus 1993.

Shéan an fear as Conamara na cúiseanna a cuireadh ina leith.

Fuarthas neamhchiontach é as 29 cúis faoi threoir an bhreithimh agus fuair an giúiré neamhchiontach é as 27 cúis eile, ach, ar an 19 Nollaig 2014, ghearr an Breitheamh Paul Butler deich mbliana príosúin air as éigniú agus dhá thréimhse cúig bliana ar comhthráth as na cúiseanna eile.

Sa Chúirt Achomhairc inniu, chaith an Breitheamh George Birmingham amach an t-achomharc ar an mbonn nár cheap sé go raibh triail an fhir “míchothrom ná míshásúil”.

Dúirt an Breitheamh go raibh an bhreith a tugadh sa triail slán.

Mar chuid d’achomharc an fhir, maíodh go raibh breitheamh na trialach in earráid nuair a cheadaigh sé fianaise a bhain lena ndúirt an bhean le beirt chairde faoin mí-úsáid agus go raibh sé in earráid freisin nuair a ceadaíodh fianaise ó sheisear finnéithe.

Thug an Breitheamh Birmingham le fios inniu go mbíodh an fear mór le deirfiúr na mná a ionsaíodh agus gur phós siad ina dhiaidh sin.

Thugadh sé cuairt go rialta ar theaghlach na mná agus bhíodh sise ina theach siúd chomh maith.

Mhaígh lucht an chúisimh go ndearna sé mí-úsáid ar an mbean ó bhí sí sé bliana d’aois go dtí go raibh sí 18 bliain d’aois.

Maidir le hachomharc an fhir, dúirt an Breitheamh Birmingham go bhféadfadh cúis ghearáin dhlisteanach a bheith ann faoin triail dá dtabharfaí le tuiscint don ghiúiré nach ndearnadh aon ghearán faoi na cionta go dtí le déanaí.

Dúirt an Breitheamh, áfach, nach bhféadfadh an Chúirt Achomhairc a chinneadh go ndeachaigh breitheamh na trialach thar a dhlínse nuair a cheadaigh sé don ghiúiré éisteacht lena ndúirt an bhean faoin mí-úsáid lena cara agus lena síciatraí.

Dúirt an Breitheamh Birmingham gurbh amhlaidh gur thacaigh fianaise an tseisear finnéithe, a ceadaíodh le linn na trialach, le fianaise na mná féin seachas leis an áiteamh gur gnáthchaidreamh folláin a bhí aici leis an gcúisí.

Bhí sé míchuí amach is amach, a dúirt sé, go mbeadh fear lánfhásta lomnocht in aon leaba le cailín óg 11 bliain d’aois agus é ag breathnú uirthi mbun ‘gleacaíochta’.

Bhí cinneadh an bhreithimh sa triail cuí agus ceart, a dúirt an Breitheamh Birmingham inniu, agus chaith sé amach an t-achomharc ar an mbonn sin.