Diúltaithe ag Harris do mholadh ceardchumann go dtabharfaí ar ais ‘liúntas Gaeltachta na n-altraí’

Deir urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, gur “buille” d’altraí agus don Ghaeltacht araon cinneadh an Aire

Diúltaithe ag Harris do mholadh ceardchumann go dtabharfaí ar ais ‘liúntas Gaeltachta na n-altraí’

Tá diúltaithe ag an Aire Sláinte Simon Harris do mholadh a rinne lucht ceardchumainn le déanaí go dtabharfaí ar ais an liúntas d’altraí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Cuireadh deireadh leis an liúntas Gaeltachta d’altraí mar chuid de na ciorruithe a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí i bhfeidhm ar an tseirbhís phoiblí in 2012.

Thug an tAire Harris le fios sa Dáil gur cuireadh deireadh leis an liúntas Gaeltachta toisc nach raibh “cás gnó” ann dá leithéid agus nach raibh sé i gceist aige é a thabhairt ar ais in ainneoin gur pléadh an cheist le déanaí leis an INMO agus SIPTU.

Le linn na gcainteanna sin, mhol lucht na gceardchumann go gceadófaí an liúntas athuair d’altraí nuacháilithe, moladh ar diúltaíodh dó.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, gur “buille” d’altraí agus don Ghaeltacht araon a bhí sa chinneadh fáil réidh leis an liúntas a d’íoctaí mar chéatadán dá bpá le haltraí le Gaeilge líofa a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht.

“Tá neamhghéilliúlacht an Rialtais sa chás seo ag cruthú an-chuid cruatain d’altraí atá lonnaithe faoin tuath i gceantar ina labhraítear Gaeilge, altraí atá lonnaithe anseo i nGaeltacht Dhún nan Gall san áireamh.

Bíonn go leor deacrachtaí go fóill sna ceantair tuaithe seo le hoibrithe sláinte a mhealladh agus tá seasamh an Rialtais maidir leis an gceist seo ag cur leis an bhfadhb seo,” a dúirt Pearse Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Harris do mholadh ceardchumann go dtabharfaí ar ais ‘liúntas Gaeltachta na n-altraí’'