Diúltaithe ag Conradh na Gaeilge táillí uisce a íoc mar gheall ar bhillí Béarla

Dúirt Uisce Éireann, i litir chuig an gConradh, gur i mBéarla amháin a eisítear “comhfhreagras uathoibrithe” agus gur “de bharr an chórais uathoibrithe” atá in úsáid ag an gcomhlacht, ní féidir billí agus fógraí eolais a eisiúint i nGaeilge

Diúltaithe ag Conradh na Gaeilge táillí uisce a íoc mar gheall ar bhillí Béarla

Tá diúltaithe ag Conradh na Gaeilge táillí uisce a íoc leis an gcomhlacht Uisce Éireann toisc gur i mBéarla amháin a eisítear na billí sin.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie nach mbeidh an Conradh ag íoc na mbillí, a thagann ón gcomhlacht i mBéarla amháin, agus go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil sé i gceist ag Uisce Éireann leaganacha Gaeilge de bhillí a chur ar fáil amach anseo.

“Go dtí seo, is leis an gComhairle Cathrach [Baile Átha Cliath] a bhíomar ag plé agus bhí billí dátheangacha acusan. Go hiondúil nuair a deirimid le comhlacht nach bpléifimid leo mar gheall ar easpa seirbhísí, billí, nó foirmeacha Gaeilge, deir siad linn go bhfuil siad ag obair ar an leagan Gaeilge.

“Ón méid atá ráite ag Uisce Éireann linn, áfach, tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil sé i gceist acu billí Gaeilge a eisiúint ar chor ar bith amach anseo. Tháinig na bileoga eolais i nGaeilge an chéad lá, ach nuair is rudaí tábhachtacha atá i gceist, níl aon Ghaeilge le feiceáil,” a dúirt sé.

Dúirt Uisce Éireann, i litir chuig an gConradh, gur i mBéarla amháin a eisítear “comhfhreagras uathoibrithe” agus “de bharr an chórais uathoibrithe” atá in úsáid ag an gcomhlacht, ní féidir billí agus fógraí eolais a eisiúint i nGaeilge.

Chuir Conradh na Gaeilge in iúl d’Uisce Éireann nach mbeidh an eagraíocht “sásta” billí a thagann chucu i mBéarla a íoc agus nach nglacfaidh siad le comhlacht stáit atá “ag brú Béarla” orthu.

“Nílimid sásta glacadh leis nach féidir le hUisce Éireann seirbhís a chur ar fáil i bpríomhtheanga oifigiúil an Stáit. Baineann aon fhadhb leis an gcóras uathoibrithe do bhillí libh féin mar nár cuireadh riachtanas Gaeilge san áireamh sa chóras.

“Ní féidir lenár gcearta teanga a bheith thíos leis mar gheall ar bhur bhfaillí agus níl sé inghlactha go mbeadh comhlacht stáit ag brú an Bhéarla orainn,” a dúradh sa litir a cuireadh chuig an gcomhlacht.

Ní thagann Uisce Éireann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla toisc gur comhlacht é a tháinig ar an saol i ndiaidh don Acht teacht i bhfeidhm os cionn deich mbliana ó shin.

Fágann sé sin nach bhfuil aon chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga sa chás seo agus níl aon cheangal reachtúil ar Uisce Éireann billí i nGaeilge a eisiúint.

Tá iarrtha ag an gCoimisinéir Teanga go dtabharfaí comhlachtaí stáit nuabhunaithe faoi scáth an Achta go huathoibríoch agus go gcuirfí foráil chuige seo san Acht nuair a leasófar é.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Conradh na Gaeilge táillí uisce a íoc mar gheall ar bhillí Béarla'