Diúltaithe ag an gComhairle Contae do chóras caidéalaithe agus píopaí ag Loch an Mhuillnn

Ba é an comhlacht Bradán Beo Teo a rinne an t-iarratas mar chuid den fhorbairt atá beartaithe acu i nGarmna i Leitir Móir

Diúltaithe ag an gComhairle Contae do chóras caidéalaithe agus píopaí ag Loch an Mhuillnn

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá díultaithe ag rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas a rinne comhlacht feirmeoireacht éisc ar chóras caidéalaithe agus píopaí a thógáil ag Loch an Mhuillnn ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Ba é an comhlacht Bradán Beo Teo a rinne an t-iarratas mar chuid den fhorbairt atá beartaithe acu i nGarmna i Leitir Móir.

Dúirt rannóg pleanála na Comhairle gur diúltaíodh an t-iarratas mar go dochar fadtéarmach don soláthar uisce ar oileán Gharmna, go háirithe le linn an tsamhraidh.

Bhí rún ag an gcomhlacht uisce a thabhairt as Loch an Mhuilinn le freastal ar a bhfeirmeacha éisc i gCuan Chill Chiaráin.

D’fhágfadh an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an soláthar uisce a lorg ar shláinte an phobail, a dúradh.

Maíodh freisin gur “drochfhasach” a bheadh d’fhorbairtí eile dá leithéid.

D’fháiltigh an grúpa feachtais Galway Bay Against Salmon Cages roimh chinneadh na Comhairle.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an gComhairle Contae do chóras caidéalaithe agus píopaí ag Loch an Mhuillnn'