Diúltaithe ag Aire na Gaeltachta d’iarracht stop a chur le haistriú Fhoras na Gaeilge go Sráid Amiens

Tá cead i bprionsabal tugtha ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Pobal do phlean an Fhorais aistriú go dtí tuaisceart Bhaile Átha Cliath

Diúltaithe ag Aire na Gaeltachta d’iarracht stop a chur le haistriú Fhoras na Gaeilge go Sráid Amiens

Tá diúltaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta d’iarratas ó Theachta Dála nach dtabharfaí cead d’Fhoras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Thug an tAire Stáit Seán Kyne le fios sa Dáil go bhfuil glactha ag an dá roinn a chuireann maoiniú ar fáil don Fhoras leis an “cás gnó cuimsitheach” a cuireadh faoina mbráid maidir le ceannáras na heagraíochta trasteorann a aistriú ó Chearnóg Mhuirfean.

D’iarr iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar an Aire Kyne gan cead a thabhairt don Fhoras léas fadtéarmach a dhéanamh maidir le cóiríocht oifige nua toisc go moltar i dTuarascáil Ghrúpa Comhairleach Sráid an Mhúraigh, a foilsíodh le déanaí, go mbunófaí lárionad Gaeilge nua ar an tsráid sin.

Tá ráite ag Ó Cuív cheana go mba é an “trua ghéar” dá síneodh an Foras léas fada ar Shráid Amiens nuair a ráineodh go mbeadh spás oifige ar fáil dóibh amach anseo ar an láthair “is fearr sa chathair”.

Dúirt an tAire Kyne, áfach, gur gnó don Fhoras féin cóiríocht oifige a chur ar fáil dá fhoireann agus go raibh “géarchéim” oifige ag an eagraíocht faoi láthair agus deireadh tagtha leis na léasanna fadtéarmacha a bhí acu ar a n-oifigí ar Chearnóg Mhuirfean agus ar Shráid Fhreidric.

Dúirt an tAire Stáit go raibh glactha ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Pobal ó thuaidh le cás gnó an Fhorais maidir le bogadh go Sráid Amiens an bhliain seo chugainn agus go raibh cead ‘i bprionsabal’ anois ag an eagraíocht sin a dhéanamh.

Tá an dá roinn anois i mbun machnaimh ar iarratas ón bhForas go ndéanfaí an plean a fhaomhadh go hiomlán.

Is ag 63-66 Sráid Amiens a bheidh ceannáras nua an Fhorais má fhaightear an cead sin.

Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir leis an gcinneadh go mbogfaí ceannáras na heagraíochta teanga ó Chearnóg Mhuirfean chuig Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.

séanta ag Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil aon bhunús le líomhaintí a rinne ball foirne faoin bpróiseas aistrithe oifige, líomhaintí a rinne an ball foirne faoi scáth na reachtaíochta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí.