‘D’ithinn package jellies agus d’fhágainn ceann glas agus ceann buí go dtí an deireadh!’ (le físeán)

Labhair Tuairisc.ie le Dara Ó Cinnéide faoi na piseoga agus na deasghnátha a bhíonn ag imreoirí roimh chluiche ceannais na hÉirean

Dara Ó Cinnéide

Bíonn a ndeasghnátha aite féin ag imreoirí seachtain chluiche ceannais na hÉireann agus b’amhlaidh an scéal ag Dara Ó Cinnéide, a d’imir i sé cinn de chluichí ceannais do Chiarraí, ag áireamh athimirt na bliana 2000.

Maidin an chluiche ceannais, ba bhéas leis an gCinnéideach ‘fruit pastilles’ a ithe agus a urraim a léiriú do dhathanna a chontae ag an am céanna.

“Maidir le piseoga, bhíodh a rud fhéinig ag gach éinne. Ba dheas liomsa i gcónaí package jellies a d’ithe– fruit pastilles – agus ceann uaithne agus agus ceann buí a dh’fhágaint go dtí an deireadh – rud beag neafaiseach ach bíonn a rud fhéinig ag gach éinne,” arsa iarchaptaen Chiarraí.

Is maith is cuimhin leis an gcraoltóir an t-am seo bliana idir cluiche leath ceannais agus cluiche ceannais na hÉireann. Cuirtear cluichí club ar athló, tosaíonn na bainisteoirí ag déanamh a marana ar an bhfreasúra a bheidh leo agus bíonn an t-imreoir féin ag cuimhneamh ar áit a bhaint amach ar an bhfoireann don lá mór. Is déine anois ná riamh an traenáil agus bíonn stracadh agus stolladh ar thicéidí.

Ní bhíonn le déanamh ansan ach an slaghdán a sheacaint.

“Athraíonn an-chuid rudaí an t-am so don mbliain, tús Mhéan Fómhair. Athraíonn an aimsir, téann na scoláirí thar n-ais ar na hollscoileanna, téann na múinteoirí thar n-ais ag obair. Tar éis an tsamhraidh ar fad a bheith caite agat ag caitheamh t-léinte, nuair a d’athraíonn an aimsir, ní theastaíonn ó éinne go mbeadh slaghdán orthu ag déanamh isteach ar chluiche ceannais na hÉireann.

“Agus tarlaíonn sé gach aon bhliain do, ar a laghad, imreoir – ana-mhinic beirt, triúr nó ceathrar. Toisc an t-athrú ar an aimsir, an fad a bhíodh ar an tráthnóna cúngaíonn sé sin isteach, agus na speechanna ar fad a bhíodh á dtabhairt amuigh ar pháirc na himeartha, ar pháirc na traenála, déantar iadsan ar fad laistigh de shomraí feistis agus seomraí cruinnithe ar eagla rudaí beaga neafaiseacha – go bpiocfadh duine éigint suas slaghdán. Sin iad na rudaí a bhíonn ag déanamh tinnis dos na himreoirí go háirithe, coicís, seachtain roimis cluiche ceannais na hÉireann.”

I gcás an imreora, ní bhíonn aon teitheadh ón gcaint faoin gcluiche mór. Nuair a bhíonn sé ag tiomáint na cairte bíonn sé ar an raidió.  Tabhair sracfhéacaint ar an bpáipéar agus tá na pictiúirí ann.

Ní dóigh leis an gCinnéideach gur fiú do dhuine iarracht rómhór a dhéanamh teitheadh ón gcaint chéanna.

“Stopfaí tú ana-mhinic. ‘An dóigh leat go mbuafaidh sibh?’ ‘An mbeidh sibh go breá?’ An bhfuil sé seo gortaithe, conas atá sé seo ag imirt? Cén sórt foireann a bheidh ag Baile Átha Cliath, mar shampla? Sin iad na ceisteanna ar fad.

“Bhíodh sé de nós ag an-chuid imreoirí fón póca a chur lena gcluas agus ligint orthu fhéin go rabhadar i mbun comhráití le duine éigint eile ar an dtaobh eile den líne. Ana-mhinic stopfaí ansan tú chomh maith, agus bheadh comhrá ann agus bheadh dea-thoil taobh thiar den gcomhrá. Thiocfadh sé ón gcroí ach, mar sin féin, bíonn na himreoirí ag iarraidh an sórt san rud a sheacaint agus éinne a bhí ag oibriú go poiblí – lucht freastail sna bainc agus mar sin, chuirtí siar iad agus ní bheidís taobh thiar den gcontúirt dá bhféadfaidís ina aon chor é.”

“Ach ní haon chabhair an iomarca iarracht’ a chur isteach ann; ba cheart duit fáilte a chur roimis na laethanta beaga roimis cluiche ceannais na hÉireann, is dóigh liomsa.”

An lá roimh an gcluiche ceannais, bhailíodh imreoirí Chiarraí le chéile agus bhíodh béile acu i gCill Airne sara mbuailidís bóthar.

“Pé neirbhis nó sceitimíní a bheadh ort, abair, bheadh sé imithe nuair a bheadh an grúpa ar fad le chéile meán lae nó a haon a chlog Dé Sathairn roimis cluiche ceannais na hÉireann,” a deir an Cinnéideach.

Thiocfadh na cartaí amach ar an dtraen agus léití na páipéirí chun an lá a chaitheamh. Nuair a bhainfí Baile Átha Cliath amach, bhíodh seisiún an-éadrom traenála ann “chun ábhar beag allais a shileadh”, ansan cith, b’fhéidir Match of the Day ar an dteiliís agus coladh sámh.

Níor éirigh leis an gCinnéideach codladh ceart a dhéanamh an oíche roimh a chéad chluiche ceannais i 1997, ach ina dhiaidh sin “ní raibh aon fhadhb fén spéir” aige codladh na hoíche a fháil.

Maidir leis an lá féin, dheintí iarracht an chaint agus an “razzamatazz” a sheacaint, ach tá sé tábhachtach chomh maith súp a bhaint as an ócáid, a deir fear RnaG.

“Sin é mar a deintear inniu agus feicim na earphones istigh acu ana-mhinic. Ach dáiríre, dar liomsa, ba cheart éisteacht leis na glórtha, éisteacht leis na guthanna agus cuid den atmaisféar a shú isteach agus taitneamh a bhaint as. Is dóigh liom go ndéanfaidh Ciarraí agus Áth Cliath é sin an tseachtain seo mar tá an oiread taithí acu ar an ócáid ná cuirfidh sé isteach orthu.”

Tar éis bricfeasta ar Dhomhnach an chluiche ceannais, bhíodh aifreann i gcónaí ag na foirne ar imir an Cinnéideach leo, ba chuma “Caitliceach nó Críostaí nó págánach thú”. Bhíodh baint ag caint an tsagairt le himirt an lae agus arís bhraithfeadh an Cinnéideach sólás “sa ghrúpa, sa chomhluadar, sa tarrac le chéile”.

Agus cúpla uair a’ chloig le meilt arís ina dhiaidh sin, b’fhada leis go dtiocfadh an neomat go mbeadh gach duine le chéile ar an mbus arís agus é ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh.

“An chumhacht sa ghrúpa, sa chomhluadar, sa chnuasach daoine bailithe le chéile – is ansan atá an draíocht dáiríre,” a deir an Duibhneach, a bhí ina chaptaen ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Cluiche Ceannais na hÉireann i 2004.

“Pé neirbhis nó sceitimíní a bheadh ort , déarfá i gcónaí go mb’fhearr leat go mór agus go fada a bheith laistigh den ngrúpa, laistigh den mbus san, seachas a bheith i do dhuine den lucht leanúna nach bhfuil aon tionchar agat ar an imirt agus go bhfuil do chroí ag bualadh ábhar beag níos tapúla. Ar a laghad, nuair is imreoir tú, tá seans agat rian a dh’fhágaint ar an imirt. Níl an deis sin ag an lucht leanúna.

“Agus is minic go gcuimhníos air ná beadh an lucht leanúna istigh leo fhéin chomh mór is bheimisne mar imreoirí. Mar, ar a laghad, ní bheadh aon leithscéal againne dá gcaillfí an cluiche – bhí seans againn rian a fhágaint ar an imirt – níl ag an 80,000 duine a bhí ag féachaint orainn. Sin ceann de na rudaí a chuirfeadh suaimhneas aigne ormsa i gcónaí agus glacaim leis go bhfuil a slite féin ag gach imreoir chun é sin a dhéanamh ar an dturas bus isteach.”

 

Fág freagra ar '‘D’ithinn package jellies agus d’fhágainn ceann glas agus ceann buí go dtí an deireadh!’ (le físeán)'