Dírímis ar na ceantair atá ‘substantially Irish Speaking’, nó ní bheidh ann ach cur i gcéill

Daonáireamh 2016: Má leantar leis an gcur chuige céanna sa phleanáil teanga is iad na ceantair láidre Ghaeltachta a bheidh thíos leis an gcur i gcéill

Dírímis ar na ceantair atá ‘substantially Irish Speaking’, nó ní bheidh ann ach cur i gcéill

Gach uair a fhoilsítear figiúirí daonáirimh faoi úsáid na Gaeilge, níor mhiste breathnú ar staid na Gaeilge sna ceantair is laige, na ceantair sin a bhfuil aitheantas oifigiúil ón stát acu mar cheantair Ghaeltachta. Tá 158 toghcheantar, nó codanna de thoghcheantair, sa Ghaeltacht. I gcás 91 de na toghcheantair sin, tá siad go hiomlán taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta. I gcás 67 acu, tá cuid den toghcheantar taobh istigh den Ghaeltacht agus cuid de taobh amuigh. Ní féidir aon bhreithiúnas ceart a thabhairt ar staid na teanga sna toghcheantair nach bhfuil go hiomlán taobh istigh den Ghaeltacht mar go laghdaíonn an chuid nach bhfuil sa Ghaeltacht na figiúirí. Mar shampla, i gcás Ghaeltacht Ráth Chairn tá trí thoghcheantar i gceist: An Ráth Mhór, Cill Bhríde agus Baile Átha Buí.

Níl aon cheann acu ina iomlán sa Ghaeltacht oifigiúil. Fágann sin nach féidir breithiúnas ceart a  thabhairt faoi staid na Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn ó na sonraí a foilsíodh an tseachtain seo caite. Tá roinnt áiteanna eile sa Ghaeltacht sa chás céanna: An Rinn i bPort Láirge, Bearna i nGaillimh agus oileán Chléire i gCorcaigh ina measc.

É sin ráite, tá 91 toghcheantar Gaeltachta inar féidir pictiúr cruinn go maith a fháil ar staid reatha na Gaeilge iontu. I gcás 31 acu sin, tá faoi bhun 10% den phobal (3 bliana nó os a chionn) a mhaíonn go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Ina measc tá bailte cosúil le Baile Chláir na Gaillimhe (2.7%), Mionlach (2.9%), Eanach Dhúin (3.1%), Ailt an Chorráin (3.1%), Béal an Mhuirthead (4.3%), An Clochán Liath (5.3%), Acaill (6.1%), Maigh Cuilinn (6.1%), An Fhairche (7.5%), Gleann Cholm Cille (8.0%), Cill Charthaigh (8.9%), Baile an Sceilg (9.4%).

Tá úsáid na Gaeilge i gcuid de na ceantair seo, níos ísle ná roinnt bailte beaga taobh amuigh den Ghaeltacht. In Uachtar Ard (Co na Gaillimhe), mar shampla, mhaígh 4.3% den daonra (3 bl. +) go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil, céatadán níos airde ná sráidbhailte a bhfuil aitheantas Gaeltachta acu, ar nós Bhaile  Chláir. (Chaill Uachtar Ard a stádas Gaeltachta i 1956 san athbhreithniú a rinneadh ar theorainneacha na Gaeltachta an uair sin.) 


Cainteoirí Gníomhacha (CG) i mbailte áirithe le haitheantas Gaeltachta (Catagóir A)

*Is ionann cainteoirí gníomhacha agus daoine a dúirt sa daonáireamh go labhraíonn siad Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. 


‘Substantially Irish Speaking’?

Le gairid, dúirt oifigeach sinsearach i Roinn na Gaeltachta liom, nach raibh aon chritéar teangeolaíoch in úsáid nuair a leagadh amach teorainneacha na Gaeltachta i 1956.

Bhí sé mícheart.

Nuair a leagadh amach teorainneacha na Gaeltachta i 1956, in ordú a rinneadh faoi Alt 2 d’Acht na nAirí is na Rúnaithe 1956, dúradh go bhféadfaí aitheantas Gaeltachta  a thabhairt do cheantair a bheadh ina ‘substantially Irish-speaking areas and areas contiguous thereto which, in the opinion of the Government, ought to be included in the Gaeltacht with a view to preserving and extending the use of Irish as a vernacular language’.

Tá go leor leor ceantar le stádas mar cheantair Ghaeltachta nach bhféadfaí a rá fúthu go bhfuil siad ina ‘substantially Irish-speaking areas’ ná ‘contiguous thereto’. Mar shampla, tá ceantar mór taobh thoir de Chathair na Gaillimhe, an tEachréidh, agus níl aon bhunús teangeolaíoch le haitheantas Gaeltachta a bheith aige. Tá faoin rialtas airgead poiblí a chaitheamh amú ar phleananna teanga a réiteach d’Eachréidh na Gaillimhe agus do bhruachbhailte Chathair na Gaillimhe, atá taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta, amhail is gur ceantair Ghaeltachta iad inar féidir an teanga a shlánú iontu mar theanga phobail. 

Ag an am céanna, tá géarchéim teanga sna ceantair láidre ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu, na croícheantair Ghaeltachta. Más spéis leis an rialtas an teanga a shlánú sna croícheantair, ní mór an próiseas pleanála teanga a mhaoiniú i gceart sna ceantair sin le gur féidir daoine proifisiúnta den scoth a earcú le dul i ngleic leis an gcreimeadh teanga, sna ceantair atá fós ‘substantially Irish-speaking’.  Ní bheidh sé éasca, ach is fiú tabhairt faoi ar bhonn pleanáilte agus má chuirtear dóthain acmhainní ar fáil, b’fhéidir go n-éireodh linn an taoide a chasadh.

Tharla an t-athrú teanga sna ceantair laga Ghaeltachta i bhfad ó shin. Is é an trua é, ach b’in mar a tharla.  Is beag creimeadh eile is féidir tarlú sna ceantair laga. Ní shileann mórán uisce amach as poll i mbairille atá beagnach folamh cheana.

Is próiseas é an t-athrú teanga, nach bhfuil aon dul siar air. Éinne a chreideann gur féidir an Ghaeilge a iompú ina teanga phobail arís i mBaile Chláir na Gaillimhe nó sa Chlochán Liath, nó i mBéal an Mhuirthead, tá siad ag dul in aghaidh na fianaise eolaíche. Tá an chuma air gurb amhlaidh atá le cur chuige an rialtais agus an bhéim chéanna acu ar phleanáil teanga sna ceantair laga agus sna ceantair láidre ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag sciar substaintiúil den phobal.   

Ní hionann sin is a rá nár cheart gach tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí sna pobail sin a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh i measc an mhionlaigh a bhfuil spéis acu í a úsáid níos minice, ar an gcaoi chéanna is a dhéanfaí tacaíocht a thabhairt don teanga in áit ar bith eile ar fud na tíre.  Ach tá faitíos orm má leantar ar aghaidh leis an bpleanáil teanga ar an gcaoi seo nach mbeidh ann ach cur i gcéill agus cur amú airgid agus ag cur le frustrachas na ndaoine sna ceantair láidre atá ag iarraidh teanga an phobail a thabhairt ar aghaidh ag an gcéad ghlúin eile. 

’Sé bun agus barr an scéil go léiríonn na sonraí ó Dhaonáireamh 2016, i gcuid mhaith mhaith de na ceantair a bhfuil stádas oifigiúil Gaeltachta sa Ghaeltacht oifigiúil acu, nach bhfuil dóthain Gaeilge á labhairt iontu le go bhféadfaí iad a aithint mar cheantair Ghaeltachta dá mbeadh critéar teangeolaíoch á úsáid leis na teorannacha a leagan amach. Is bréag é a rá go bhfuil gar do 100,000 duine ina gcónaí i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag sciar substaintiúil den phobal iontu. Cruthaíonn an bhréag oifigiúil sin soiniciúlacht i measc an phobail, cuireann sé staitisticí don Ghaeltacht as a riocht sna meáin náisiúnta agus, thar aon rud eile, ciallaíonn sé go bhfuil agus go mbeidh airgead poiblí substaintiúil á chur amú ag réiteach pleananna teanga do cheantair laga, ag an am céanna go bhfuil an chontúirt ann nach mbeidh a dhóthain acmhainní ar fáil do na ceantair sin ina bhfuil sciar substaintiúil den phobal ag labhairt na Gaeilge gach lá.