‘Díospóireachtaí’ Dála

Is dlúthchuid an Dáil dár gcóras daonlathach. Ach leiríodh a laigí an tseachtain seo, faoi dhó.

 

Mary Lou MacDonald ó Shinn Féin ag fágáil na Dála an tseachtain seo caite. Pictiúr: Photocall Ireland
Mary Lou MacDonald ó Shinn Féin ag fágáil na Dála an tseachtain seo caite. Pictiúr: Photocall Ireland

Seo mar a theip ar ár bparlaimint náisiúnta a gnó a dhéanamh i gceart dhá uair le seachtain anuas.

Dé Céadaoin: Seachaint Díospóireachta

Chaith Teachtaí Dála cúig uair an chloig i mbun óráidíochta faoin ábhar seo a leanas, a sonraíodh mar seo (i mBéarla) ar chlár na Dála agus srian á chur ar an gcaint.

‘ALLEGATIONS REGARDING SEXUAL ABUSES BY MEMBERS OF THE PROVISIONAL REPUBLICAN REPUBLICAN MOVEMENT: STATEMENTS’

Thug idir Theachtaí Dála agus na meáin ‘díospóireacht’ ar an seisiún seo. Níl an focal cruinn ná ceart. Le linn díospóireachta, nochtann cainteoirí a dtuairimí féin agus tugann siad aghaidh ar na tuairimí a nochtann cainteoirí eile.

Mar is eol do gach mac léinn a ghlac páirt i ndíospóireacht scoile, ní foláir iarracht a dhéanamh ina leithéid freagra a thabhairt ar chorrcheist ar a laghad ó chainteoirí ar an taobh eile.

Mar a dhéantar i Westminster – ní i gcónaí, ach uaireanta.

Ní fhéadfá díospóireacht, de réir ghnáthbhrí an fhocail, a thabhairt ar na ráitis ar éist Tuairisc.ie leo ó thús go deireadh tráthnóna Dé Céadaoin.

Bhí lán-chosc ar cheisteanna, mar is gnáth.

Níor thug ach corrchainteoir leath-fhreagra gan bhrí ar a ndúirt cainteoirí ar an taobh eile.

Aon uair ar dearnadh iarracht ceist dhíreach a chur ar chainteoir, mar is gnáth, dúirt an Ceann Comhairle leis an té a bhí ag cur na ceiste a bheith ina thost.

‘Ráitis’ a d’fhógair an ceannteideal thuas ó Chlár na Dála, agus b’shin a raibh ann.

Socrú a d’oir, mar a oireann sé i gcónaí, don dream atá faoi bhrú – Sinn Féin an iarraidh seo.

Thug na buanrialacha gach deis don pháirtí cruacheisteanna a sheachaint faoi dhíbirt daoine ar cuireadh mí-úsáid ghnéis ina leith thar teorainn ó dheas.

Déardaoin: Seachaint ceisteanna agus…

Chuir Mary Lou McDonald ceist shimplí ar Joan Burton. An dtabharfadh sí geallúint nach ngearrfaí luach tháillí uisce nár íocadh de thuarastail, de phinsin, nó de shochair leasa shóisialta?

Sheachain an Tánaiste an cheist go hiomlán. Ní raibh tagairt díreach ná fiú indíreach ina freagra ar ghné ar bith den cheist.

Chuir Mary Lou an cheist arís.

Arís, freagra ní bhfuair sí.

De réir rialacha na Dála, ní cheadaítear do cheannaire (bhí sí ag labhairt in ionad Gerry Adamas) ach príomhcheist agus ceist bhreise amháin a chur. Bhí a buille tugtha.

D’iarr an Ceann Comhairle Seán Barrett ar an Teachta Maureen O’ Sullivan ón nGrúpa Tecniúil a ceist a chur.

Choinnigh Mary Lou uirthi ag caint. Dúradh léi éirí as. Dhiúltaigh sí, agus dúradh léí imeacht. Níor bhog sí agus cuireadh gnó na Dála ar ceal ar feadh an lae.

Ar ndóigh, ní mar gheall ar neamhfhreagairt a ceiste amháin a shuígh leasCheannaire Shinn Féin fúithi ar feadh ceithre huaire chloig ina dhiaidh sin.

Bhí a páirtí faoi bhrú ag páirtithe eile ar an eite chlé maidir le cúrsaí uisce, agus ag gach páirtí eile maidir lenar chuir Maíria Cahill ina leith.

Tharraing a suí istigh aird ó dhá scéal achrannach.

Ach ní athraíonn ceachtar scéal bunchúis a míshásaimh.

In imeacht dhá lá, bhí dhá shampla againn ar mhíéifeacht na Dála, ar dholúbthacht a rialacha, agus ar neamhthoil an mhóraimh an córas – ár gcóras – a athrú chun ár leasa.

 

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland ar RTÉ

Fág freagra ar '‘Díospóireachtaí’ Dála'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    “agus ar neamhthoil an mhóraimh an córas – ár gcóras – a athú chun ár leasa”
    Sin an fadhb agus go dtí go ndéanfar athruithe ní bheidh aon bhaint ag cúrsaí sa Dáil ar ghnáth saol laethúil an cosmhuintir.
    Díospóireacht faoi mi-úsáid ghnéis fad atá an Rialtas ag déanamh gearradh siar ar sheirbhisí riachtanachta san earnáil seo.
    Gan ceist a fhreagairt go hionraic ag Joan Burton faoi cad atá I ndonn do dhaoine nách n-iochann an diabhail taille uisce agus taréis an diabhal muirear teaghlaigh gur dhein Josephine Fehilly sár obair chun é a bhailliú go mó mó o lucht pinseán agus daoine ag braith ar socar leasa soisialaigh agus post mór tugtha dí anois I gceannas na Gardaí, praiseach agus náire faoi chomóradh éiri amach na Cásca.Tá sé in am don Rialtas lofa seo imeacht go sciopthaí.