DÍOSPÓIREACHT NA gCEANNAIRÍ: Claire Byrne buaiteoir na hoíche agus an toghchánaíocht dhiúltach go mór sa treis

Taibhsíodh dár léirmheastóir go raibh codarsnacht ó thaobh stíle idir an seachtar a bhí ar an ardán do Dhíospóireacht na gCeannairí, ach ba é an seanscéal céanna agus meirg air a bhí ag a bhformhór

Toghchán Strap
Screen Shot 2016-02-16 at 00.04.34

Slaiseáil, bulcáil, trasnáil, buaileam sciath agus geallúintí; go leor geallúintí. Donald Trump, an spás fioscach, jabanna le dealramh, pá le dealramh, páipéar ag imeacht ar foluain ón seastán, ballraíocht Adams san IRA, na trí ‘amigos’, tralaithe na n-ospidéal, coiriúlacht, agus a lán ábhar eile nach iad. B’shin againn díospóireacht na gceannairí (Claire Byrne Live – Leaders Debate, RTÉ1, aréir).

Ach in ainneoin sin ar fad, níor tháinig aon ní aniar aduaidh orainn. An seanscéal agus meirg air.

‘I didn’t interrupt you…’ 

Den chéad uair riamh bhí seachtar ceannairí páirteach san allagar: Enda Kenny, Micheál Martin, Gerry Adams, Joan Burton, Stephen Donnelly, Richard Boyd Barrett agus Lucinda Creighton. Iad bailithe isteach san Áras Ceoil in Ollscoil Luimnigh mar a raibh an lucht féachana roghnaithe ag an gcomhlacht suirbhéireachta Red C. Ba í Claire Byrne máistreás an tsorcais agus is rí-léir anois gurb í ceann feadhna na gcúrsaí reatha in RTÉ. Ní haon dóithín í agus thug sí foláireamh do na rannpháirtithe ag tosach na himeartha gan a bheith ag teacht trasna ar a chéile go drochbhéasach agus droim láimhe a thabhairt don bhéarlagair. ‘Vae linn ansin.

‘Can I finish…’

Bhain an chéad cheist le soiniciúlacht an phobail maidir le gealltanais na bpolaiteoirí. Ba é Enda ba thúisce a labhair agus taibhsíodh dom go raibh sé ábhairín neirbhíseach. Ní fada nó gur thosaigh sé ag maíomh faoin téarnamh eacnamaíoch agus ní fada nó gur luadh an ‘Fiscal Space’, nó airgead sa mhodh coinníollach faoi mar a thug an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh air go deisbhéalach le déanaí. Tháinig conach ar Chlaire agus d’fhógair go raibh cosc ar an ‘fiscal space’ agus mise á rá leat go raibh na cainteoirí ar cipíní ag iarraidh an nath toirmiscthe a sheachaint. Go deimhin bhí sí breá in ann an díospóireacht mhírialta a cheansú nuair ba ghá.

Ní fada nó go raibh na sáiteáin á gcaitheamh. Fuair Micheál Martin faoin gcluais é do ról Fhianna Fáil sa chliseadh eacnamaíochta agus a thréimhse féin mar Aire Leighis. Chaith an Corcaíoch slais faoi Gerry Adams faoi bheith ag séanadh a bhallraíochta san IRA. Do ghoill seo ar Gerry agus d’éirigh sé mothúchánach ag caint faoi fhulaingt an phobail le blianta beaga anuas. Mhaígh Stephen Donnelly, a bhfuil dindiúirí eacnamaíochta aige, nach raibh bunús dá laghad le figiúirí agus tuairimí na bunaíochta (Fine Gael, Fianna Fáil agus an Lucht Oibre a bhí i gceist aige measaim). Carraig chliste ba an ráiteas gurb é a bhí uathu ná rátaí cánacha Mheiriceá agus seirbhísí poiblí na hEorpa.

Ba é Richard Boyd Barrett an chéad duine a fuair bualadh bos nuair a cháin sé na poist gan dealramh, le pá suarach, atáthar ag maíomh astu. Coiscéim coiligh ina dhiaidh sin bhí bualadh bos eile dá éilimh do mhúinteoirí agus altraí nuacháilithe.

Thosaigh Lucinda Creighton a cuid cainte leis an ngáir mhaíte gur éirigh sí as oifig le gealltanas a choimeád.

Mheasas go raibh ceannaire Renua ciúin go maith ina dhiaidh sin go dtí gur dhein sí cúpla pointe conspóideach faoi choiriúlacht – go mbeadh tuismitheoirí freagrach as coiriúlacht a gcuid leanaí agus polasaí ‘three strikes’ a thuillfeadh príosún saoil.

‘I will come to you in a moment…’

Taibhsíodh dom go raibh codarsnacht ó thaobh stíle agus cur chuige idir an seachtar a bhí ar an ardán. Bhí cinneadh déanta ag na piardaí móra, Kenny, Adams, Martin agus Burton, dul i bpíobáin a chéile agus an-chuid trasnála eatarthu. Is beag slais a caitheadh leis an triúr eile agus is beag carúl a chaitheadar féin ach a bpointí féin a dhéanamh.

Pé acu is áin leat iad nó nach áin is cainteoirí deisbhéalacha, paiseanta, cumasacha iad Richard Boyd Barrett agus Stephen Donnelly.

Rith sé liom chomh maith go raibh an toghchánaíocht dhiúltach go mór sa treis agus ba léir ar uairibh go raibh an obair bhaile déanta agus slaiseanna réamhdhéanta réidh chun caite.

Tar éis na cadrála sin ar fad bhí David McCullough sa Spin Room le labhairt le saineolaithe agus polaiteoirí ó na páirtithe difriúla leis an rud ar fad a chur trí chéile. Faoin tráth sin agus mo cheann ina roithleán mheasas go raibh sé in am soip.

 

Fág freagra ar 'DÍOSPÓIREACHT NA gCEANNAIRÍ: Claire Byrne buaiteoir na hoíche agus an toghchánaíocht dhiúltach go mór sa treis'