DÍOSPÓIREACHT DÁLA APPLE: ‘Dochar as cuimse’ déanta ag rialú an Choimisiúin, a deir an Taoiseach

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu nach dtugann Éire fabhar ar bith d’aon dream maidir le cúrsaí cánach ach mhaígh an freasúra go bhfuil ‘tearmann cánach’ d’ollchomhlachtaí déanta d’Éirinn ag uaisle na polaitíochta

DÍOSPÓIREACHT DÁLA APPLE: ‘Dochar as cuimse’ déanta ag rialú an Choimisiúin, a deir an Taoiseach

Pictiúr: Rollingnews.ie

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil inniu nár tugadh aon bhuntáiste do Apple ó thaobh cúrsaí cánach, gur cloíodh i gcónaí leis an dlí i gcás an chomhlachta agus gur íoc Apple a chuid cánach de réir an dlí.

Dúirt an Taoiseach nach dtugann Éire fabhar ar bith d’aon dream maidir le cúrsaí cánach agus nach ndéantar margadh ar bith le haon dream maidir le cúrsaí cánach.

Dúirt sé go raibh “dochar as cuimse” déanta ag rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh maidir le Apple agus “nach raibh fírinne ar bith ann”.

Bhí an Taoiseach ag caint le linn díospóireacht sa Dáil faoi chinneadh an Rialtais achomharc a dhéanamh maidir le rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht chánach.

Dúirt Kenny go raibh sé de cheart ag Éirinn gníomhú ina cáil cheannasach maidir le cúrsaí cánach.

Dúirt an Teachta Dála de chuid People Before Profit Richard Boyd Barret gur “cur i gcéill” a bhí sa díospóireacht Dála toisc nach raibh aon teacht ar rialú an Choimisiúin agus toisc go raibh cinneadh déanta cheana ag an Rialtas achomharc a dhéanamh ina leith. Mhaígh an Teachta Dála Paul Murphy ón AAA-PBP go raibh ‘tearmann cánach’ d’ollchomhlachtaí idirnáisiúnta déanta d’Éirinn ag uaisle na polaitíochta.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan go raibh “scigléiriú” díobhálach á dhéanamh ar chóras cánach na hÉireann agus nach raibh “fírinne ar bith” san áiteamh gur tugadh buntáiste míchuí do Apple ó thaobh cánach de.

Dúirt sé nach ndéanann Éire “margaí le cáiníocóirí”. Dúirt an tAire gur ag Éirinn a bhí an t-údarás deiridh maidir lena córas cánach agus gur iarracht baint den cheart sin a bhí i rialú an Choimisiúin Eorpaigh.

Mhaígh Noonan go raibh droch-cháil tarraingthe ag an scéal ar an tír agus nach raibh “aon ní as bealach” déanta ag Éirinn agus go raibh “cás soiléir, práinneach” ann ar son an achomhairc.

Ag labhairt dó as Gaeilge ag tús a óráide, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh rialú an Choimisiúin “dochreidte” agus go raibh sé “riachtanach” cur ina choinne. Dúirt Martin nach raibh polasaithe Shinn Féin maidir le comhlachtaí móra ag teacht le chéile agus go raibh an páirtí sin “ag iarraidh glacadh leis an airgead agus cáin ioncaim a ardú” ar lámh amháin, agus, ar an lámh eile, ag bailiú airgid ó lucht gnó “sa Waldorf Astoria”.

Dúirt Martin go gcaithfí gach rud ab fhéidir a dhéanamh chun cur i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, ach dúirt sé nach raibh “cuma ná caoi” ar an tslí ar láimhseáil an Rialtas an scéal.

Mhol ceannaire Fhianna Fáil tiomantas Apple do chruthú fostaíochta in Éirinn.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh gur thóg Apple airgead “ó Chorcaigh go dtí an ‘Bermuda Triangle’ a  bhí saor ó cháin”.

Bhí €13 billiún ag dul don tír seo in íocaíochtaí cánach tráth a raibh ciorruithe á ndéanamh agus polasaí déine á chur i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann, a dúirt sé. Dúirt sé gur “linne” an €13 billiún sin ar cháin é ar bhrabús de €104 billiún a rinne Apple ach nár íocadh aon cháin air “aon áit ar domhan”.

“Údar náire” ab ea é, a dúirt Ó Dochartaigh, gur fágadh faoi Choimisiún na hEorpa é an scéal a fhiosrú.

Rialaigh Coimisiún na hEorpa an tseachtain seo caite go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.