Díomá léirithe faoi ghearradh siar ar ábhar Gaeilge san Irish Times

Tá lucht teanga ag éileamh go ndéanfaí athmhachnamh ar chinneadh an nuachtáin laghdú ar an nGaeilge ar an bpáipéar

Díomá léirithe faoi ghearradh siar ar ábhar Gaeilge san Irish Times

Tá díomá léirithe ag scríbhneoirí, eagraíochtaí teanga, saineolaithe sna meáin agus polaiteoirí faoi chinneadh an Irish Times gearradh siar ar an spás a chuirtear ar fáil sa nuachtán d’ábhar Gaeilge gach seachtain.

Tá éilithe ag Conradh na Gaeilge ar The Irish Times “athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh” agus leathanach iomlán a chur ar fáil i nGaeilge arís “le freastal ar an bpobal ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga”.

I litir a chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, chuig Kevin O’Sullivan, eagarthóir an Irish Times, mhol sé an “dea-obair” atá déanta ag eagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Pól Ó Muirí, agus cháin sé an cinneadh an leathanach Bileog a ghearradh “tráth a bhfuil níos mó daoine ag úsáid na teanga ina ngnáthshaol”.

“Creideann Conradh na Gaeilge go láidir go gcuireann feiceálacht na teanga sa nuachtán náisiúnta seo go mór le stádas na Gaeilge i measc an phobail trí chéile. Is áit í Bileog chun scéalta an lae – agus ní cúrsaí teanga amháin – a chíoradh trí mheán na Gaeilge, ag leathnú na díospóireachta agus ag cur leis an gcur agus an cúiteamh ar na nithe is tábhachtaí don tír seo,” a scríobh de Spáinn.

Dúirt Cathal Póirtéir, cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, gur “mór an trua” an cinneadh an leathanach a ghearradh go leath-leathanach.

Tá Póirtéir den tuairim go laghdófar an tionchar a bhíonn ag colúin Ghaeilge an nuachtáin “ar an ngnáthléitheoir” mar thoradh ar an ngearradh siar.

“Tá go leor daoine ann atá in ann an Ghaeilge a léamh ach nach gcuirfeadh stró orthu féin ábhar Gaeilge a chuardach in áiteanna eile, ar líne nó in irisí clóite. B’fhuinneog agus ba dhoras é Bileog ar shaol na Gaeilge agus d’aithnítí tríthi gur ann don Ghaeilge agus do shaol na Gaeilge.

“Má bhíonn rud róbheag sa pháipéar, colún amháin síos ar thaobh leathanaigh, ní rachaidh sé sin i bhfeidhm leath chomh mór céanna ar dhaoine is a rachadh leathanach iomlán,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur thug an leathanach iomlán a bhíodh san Irish Times “seasamh níos feiceálaí” don Ghaeilge agus go raibh sé den tuairim go mba cheart go mbeadh an teanga chomh “sofheicthe céanna leis an mBéarla mar go mbaineann sí leis an bpobal iomlán”.

“Ba mhór an rud é go raibh muid in ann The Irish Times a oscailt agus leathanach iomlán Gaeilge a léamh. B’fhéidir go mbeadh alt faoi litríocht nó spórt ann a léifeadh duine amháin agus alt faoi chúrsaí Gaeltachta a léifeadh duine eile. Bhí seans éigin agat teacht ar ábhar a thaitneodh leat, ach tá an seans sin laghdaithe go mór anois,” a dúirt sé.

Dúirt Póirtéir gur minic a thugann The Irish Times leathanach iomlán do réimsí eile sainspéise agus go mba cheart go mbeadh an spás céanna ar fáil d’ábhar i nGaeilge.

Dúirt sé go raibh go leor scríbhneoirí Gaeilge ag plé leis an iriseoireacht agus go gcaillfí anois “leath de na deiseanna atá ann corrphingin a dhéanamh” agus go mbeadh “níos lú seans” go bhfaighfí poiblíocht do scríbhneoirí Gaeilge agus dá saothar ar an nuachtán.

PólÓMuirí2012
Eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Pól Ó Muirí

Mhol an t-iarléachtóir le cumarsáid, Íte Ní Chionnaith, “an méid atá déanta ag The Irish Times i gcaitheamh na mblianta” ar son na Gaeilge agus mhaígh go raibh “jab níos fearr déanta acu” ar son na teanga “ná ag aon nuachtán náisiúnta eile”. B’údar díomá do Ní Chionnaith, áfach, go raibh an nuachtán anois “ag cur deireadh leis an bhforbairt a bhí déanta acu”.

“Bhíomar buartha ag pointe amháin nuair a cuireadh gach rud ar leathanach amháin agus mheasamar gur cúlú a bhí ansin. Ansin athraíodh an lá ón gCéadaoin go dtí an Luan agus anois tá an leathanach gearrtha siar go leath-leathanach. Ní dóigh liom go gcabhraíonn sé nuair a bhíonn rudaí á n-athrú an t-am ar fad. Bristear an leanúnachas.

“Is trua gur tharla sé, mar bhí ardchaighdeán ann agus chuala mise go raibh The Irish Times féin den tuairim gur chuir na hailt Ghaeilge leis an díolachán. Bhí sárchaighdeán iriseoireachta ann, bhí an t-ábhar spéisiúil, agus scríbhneoirí thar a bheith spreagúil ann,” a dúirt Ní Chionnaith.

Dúirt sí go mbeadh tionchar ag an gcinneadh ar an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí Gaeilge agus gur “buille do shaoririseoirí agus iriseoirí páirt-aimseartha” a bhí i gceist.

“Chabhraigh sé go mór le cuid mhór iriseoirí go raibh an t-airgead a bhí ar fáil sách suntasach. Thug an Irish Times aitheantas d’iriseoirí Gaeilge agus Béarla. Ní raibh siad ag súil go scríobhfadh siad ar leathphingin,” a dúirt sí.

Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go raibh “an-díomá” air faoin gcinneadh a rinne an Irish Times agus go raibh súil aige “go mbeadh athrú intinne” ann, go gcuirfí lánleathanach ar fáil arís agus go mbeadh “níos mó nuachta ann”.

‘Atheagar”’ar líon na leathanach a fhoilsítear gach lá sa nuachtán ba  chúis leis an gcinneadh gearradh siar ar an spas a chuirtear ar fáil don Ghaeilge sa nuachtán, a tugadh le fios.

Tuarascáil seachas Bileog atá ar ábhar Gaeilge an Irish Times le roinnt seachtainí anuas agus leathleathanach seachas leathanach iomlán atá i gceist.