‘Díomá, frustrachas agus imní’ ar eagraíochtaí teanga faoi Airí nua an DUP i Stormont

Ceapadh an Comhalta Peter Weir (DUP) ina Aire Oideachais agus an an Comhalta Paul Givan (DUP) ina Aire Pobal

_78764111_paulgivan
An tAire Pobal, Paul Givan

Tá ‘díomá agus frustrachas’ ar Chonradh na Gaeilge nár ceapadh go Tionól Stormont inniu Airí a thacaigh lena gcuid éileamh réamhthoghcháin.

D’éiligh an Conradh le linn an fheachtais toghcháin go gceapfaí beirt Airí a bheadh báúil don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge – Aire Oideachais agus Aire Pobal. Is chuig an Aire Pobal, aireacht nua a cruthaíodh i mbliana, a aistríodh formhór na gcúraimí a bhíodh ar an Aire Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín.

Ceapadh an Comhalta Peter Weir ón DUP ina Aire Oideachais agus ceapadh an Comhalta Paul Givan ón DUP ina Aire Pobal. Tá cruinnithe á lorg ag an gConradh anois le Sinn Féin agus leis an DUP chun todhchaí na Gaeilge sa dá Roinn sin a phlé.

Mhaígh an tAire Oideachais nua níos túisce i mbliana go raibh an tiar-Aire Oideachais, John O’Dowd (SF) ‘ ‘obsessed’ le scoileanna lán-Ghaeilge. Dúirt Givan nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag scoileanna eile toisc gur tugadh 20% den £40 milliún a infheistíodh i ndeich scoil do Ghaelscoileanna.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhall, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur “ligeadh níos mó ná 80 grúpa Gaeilge síos” nuair a fógraíodh na hAirí nua inniu, agus gur “céim siar agus ábhar imní” a bhí sna ceapacháin.

“Tá díomá agus frustrachas ar Chonradh na Gaeilge nár ceapadh Airí a thacaigh le héilimh phobal na Gaeilge i gceannas ar an Roinn Oideachais agus ar an Roinn Pobail. Is cinnte gur ligeadh breis agus 80 grúpa Gaeilge síos a bhí ar lorg airí tiomanta don teanga sna haireachtaí ríthábhachtacha seo. 

“Ar a bharr sin, níl aon tagairt shonrach don Ghaeilge sna moltaí atá feicthe againn don chlár rialtais 2016-20 nó aon eolas breise maidir leis an tríú éileamh a bhí ag pobal na Gaeilge maidir le maoiniú breise. Is céim siar agus ábhar imní í seo. Ardaíonn sé ceisteanna bunúsacha faoi stádas na Gaeilge ó thuaidh trí chéile agus toil na bpolaiteoirí freastail ar an phobal seo,” a Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, gur “theip ar na páirtithe” agus na comhaltaí tofa na gealltanais a thug siad do phobal na Gaeilge roimh an toghchán a chomhlíonadh.

“Shínigh 43 Comhalta Tionóil na trí éilimh seo a d’aontaigh breis agus 80 grúpa pobail Gaeilge. Bhí muinín againn go ndéanfadh na páirtithe sin beart de réir briathair, ach léiríonn fógraí an lae inniu gur theip ar na páirtithe agus ar na hionadaithe sin a ngealltanas a chomhlíonadh i leith na n-éileamh seo.

“Tá cruinnithe éigeandála á lorg ag Conradh na Gaeilge le Sinn Féin agus an DUP chun todhchaí na réimsí seo, Oideachas agus Pobal, a fhiosrú agus chun seasamh na bpáirtithe i leith fhorbairt na Gaeilge san fheidhmeannas ó thuaidh a shoiléiriú,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Cháin an t-eagras POBAL na ceapacháin freisin inniu agus cheistigh siad an chun leas na Gaeilge ó thuaidh a bhí na socruithe nua polaitiúla, idir cheapachán na nAirí nua agus an córas nua atá i bhfeidhm i dTionól Stormont.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, go “mbeidh le feiceáil” cé chomh héifeachtach is a bheidh an córas nua faoina mbeidh ‘freasúra oifigiúil’ i Stormont den chéad uair ó bunaíodh na hinstitiúidí 16 bliain ó shin.

Ghuigh Muller “gach rath” ar na hAirí nua-cheaptha, ach dúirt nach ionann an “dea-ghuí” sin is a rá nach bhfuil POBAL “imníoch” faoi roinnt de na ceapacháin.

“Cé nach ábhar iontais é, is cúis imní dúinn nach bhfuil duine atá báúil d’fhorbairt an Ghaeloideachais i mbun an Roinn Oideachais. Ball den DUP atá i Peter Weir, agus dar ndóigh, d’ionsaigh a pháirtí caiteachas ar an Ghaeloideachas le linn an toghcháin.

“Go dtí seo, fiú agus áirí náisiúnacha i mbun na Roinne seo, ní fhaca muid príomhshruthú an Ghaeloideachais taobh istigh don chóras oideachais, agus ní dhearna go leor infheistíochta sa Ghaelscolaíocht ó thuaidh. Cúis buairimh atá ann, go mbeidh anois níos lú acmhainní agus níos lú tábhachta ar na ceisteanna seo,” a dúirt Muller.

Léirigh sí a himní faoin Aire Pobail Paul Givan freisin, agus luaigh sí go sonrach an méid a chreideann an tAire nua maidir le cruthú an domhain.

Is cruthaíochtaí é, díreach cosúil lena a réamhtheachtaí, Nelson McCausland. Ábhar conspóide a bhí ann nuair a rinne McCausland iarracht tionchar a imirt ar chur amach eolas turasóireachta agus geografacha le go dtitfeadh sé isteach le léamh s’aige ar an domhan, agus beidh sé suimiúil cad é an cur chuige a bheidh ag Givan,” a dúirt sí.

Dúirt Muller go raibh sé soiléir gur ar chúrsaí airgeadais a bhí Sinn Féin ag díriú an babhta seo agus go “mbeidh le feiceáil an imríonn sé sin tionchar dearfach nó díobhálach ar an teanga”.

Fág freagra ar '‘Díomá, frustrachas agus imní’ ar eagraíochtaí teanga faoi Airí nua an DUP i Stormont'

  • Colmán

    Tháinig na torthaí seo chun cinn toisc nach bhfuil go leor Gael ag vótáil. Is iomaí duine atá ag staonadh de vóta a chaitheamh ar bhun prionsabal. Nó níl chaithfidh siad vótaí ar son páirtithe atá son na Gaeilge. Ach beidh na daoine céanna ag gearán nuair nach mbeidh post acu nó nuair nach mbeidh Gaelscoil ann dá gcuid páistí. Tá sé in am dúinn dul amach agus vóta a chaitheamh agus deireadh a chur le ríogacht bheag an DUP.