‘Díomá’ ar Kyne le Donohoe faoi chomharthaí

Díomá ar Sheán Kyne le freagra a thug an tAire Iompair Paschal Donohoe dó ar cheist stádas na Gaeilge ar chomharthaí 'mar bhí sé leagtha amach ag Leo Varadkar go dtarlódh sé'.

27/8/2014 Road Safety Campaigns
An tAire Iompair Paschal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an-díoma ar an Teachta Dála ó Fhine Gael Seán Kyne nach bhfuil an tAire Iompair Paschal Donohoe ag cloí le hordú a thug a réamhtheachtaí Leo Varadkar don NRA tús a chur le crochadh comharthaí bóthair nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla.

D’ordaigh an tiar-Aire Iompair Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) anuraidh tús a chur le crochadh comharthaí nua a chuirfeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla, ach tá an t-ordú sin curtha ar ceal anois ag a chomharba, Paschal Donohoe.

Dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar úsaid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre seo.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, rinne an NRA cás láidir i gcoinne mholtaí Chonradh na Gaeilge, ach tá sé i gceist ag an Aire Iompair Paschal Donohoe dul i gcomhairle leis an Údarás faoin gceist arís.

An Teachta Dála Seán Kyne, Fine Gael
An Teachta Dála Seán Kyne, Fine Gael

I bhfreagra a thug sé ar cheist Dála ón dTeachta Dála ó Ghaillimh Thiar Seán Kyne, thug an tAire le fios go raibh an leagan amach ar na comharthaí bóthair dátheangacha ann ó 1978 agus go raibh sé bunaithe ar thaighde, ar shabháilteacht ar bhóithre agus ar “thuiscint phraiticiúil ar ghréasán bóithre na hÉireann.

“The primary motivation in relation to the display of text on road traffic signs is to ensure that the information they carry assists in the safe use of the road network and provides clarity for road users so as not to compromise road safety,” a dúirt Paschal Donohoe.

Dúirt Donohoe go raibh sé “feasach” ar an scéal gur cheap Leo Varadkar go ndéanfadh sé “maitheas éigin” plean Chonradh na Gaeilge a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach.

“The Deputy will appreciate that my priority at all times is focused on road safety and therefore before that suggestion can be advanced any further, I wish to review the position to ensure that any modification to the display of text on our road signs will not compromise road safety in any way,” a dúirt an tAire Donohoe.

Ach tá duine de chúlbhinseoirí á pháirtí féin, Seán Kyne, go mór in amhras faoi dhearcadh an Aire ar an scéal.

“Tá díomá orm leis an bhfreagra mar bhí sé leagtha amach ag Leo Varadkar go dtarlódh sé. Nílim cinnte faoin gceist sábháilteachta; bheidis in ann tástáil a dhéanamh ar na comharthaí go bhfeicfidh siad an mbeidh daoine in ann an dá theanga a léamh.

Ceapaim gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla agus go mbeadh sé sin sábháilte, ach b’fhiú taighde a dhéanamh – go háirithe ar sheandaoine,” a dúirt sé.

Tacaíonn Kyne go láidir leis an gcur chuige a bhí ag an Iar-Aire Varadkar nach n-athrófaí na comharthaí ar fad in éineacht ach go n-athrófaí iad de réir a chéile, de réir mar a theastaigh comharthaí nua.

“Tá a fhios agam go mbeadh fadhb ann na comharthaí go léir a athrú mar bheadh costas mór ag baint leis sin, ach na bóithre nua ar nós an bhóthair mhóir ó Ghort Inse Guaire go dtí Tuaim, bheadh sé níos simplí comharthaí nua a fháil ansin.”

Fág freagra ar '‘Díomá’ ar Kyne le Donohoe faoi chomharthaí'

  • Pádraic

    Caithfear brú a chur ar an Aire Donohoe faoi seo. Is féidir bheith ag cur is ag cúiteamh anseo faoi ach ní thiocfaidh tada as. Cuirigí ríomhphost chuig an Aire a rá go bhfuil sibh míshásta leis an gcinneadh:

    paschal.donohoe@oireachtas.ie agus cóip CC chuig info@nra.ie, info@labour.ie, fg.press.office@oireachtas.ie, sean.kyne@oir.ie, joe.mchugh@oir.ie.

    Is fiú an staidéar seo a chur ar a shúile dó:
    https://www.trl.co.uk/online_store/reports_publications/trl_reports/cat_road_user_safety/report_analyses_of_the_effects_of_bilingual_signs_on_road_safety_in_scotland.htm

    agus an phobalbhreith a rinne Tuairisc.ie cúpla seachtain ó shin:
    https://tuairisc.ie/61-ag-iarraidh-comhstadais-don-ghaeilge-ar-chomharthai/

    Ní leor na leithscéalta atá tugtha aige. Níl na comharthaí in Éirinn ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Tá córas seanchaite againn a fuaireamar ón mBreatain nach bhfeileann do cheachtar teanga. Is cosúil go bhfuil sé níos deacra ceannlitreacha a léamh – is beag úsáid a bhaintear astu ar chomharthaí tráchta i dtíortha eile. Níl bun ná barr leis an gcló iodálach – níor ceapadh an córas atá againn faoi láthair le déileáil leis agus sin an fáth a bhfuil cuma chiotach ar na comharthaí.

    Níl an NRA i bhfabhar na Gaeilge agus sin an fáth a bhfuil siad ag tarraingt na gcos agus ag cur in aghaidh mholtaí Chonradh na Gaeilge. Cén fhianaise atá acu faoi chúrsaí sábháilteachta? Rinneadh staidéar ar chomharthaí dátheangacha in Albain cúpla bliain ó shin (thar ceann Transport Scotland) agus fuarthas amach nach bhfuil aon chontúirt ag baint leo. Tá na comharthaí sin mórán mar a chéile leis na comharthaí atá molta ag an gConradh.

    Tá na comharthaí a chrochtar sa Ghaeltacht níos seafóidí fós – cló iodálach agus bíonn an Béarla fós in uachtar do cheantair atá taobh amuigh den Ghaeltacht! Crochadh go leor de na comharthaí sin i gConamara le linn an tsamhraidh.

    Téigí i dteagmháil leis an Aire. Ní neart go cur le chéile!

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    “Cén fhianaise atá acu faoi chúrsaí sábháilteachta?” Níl suim dá laghad acu i bhfianaise an taighde. Níl sa chaint faoi chúrsaí sábháilteachta ach leithscéal. Ach cloífidh siad (an NRA agus an abhlóir sin Donohoe) leis an leiithscéal sin.