Díomá ar iaruachtarán OÉ, Gaillimh faoin chinneadh maidir le riachtanas Gaeilge

Ag labhairt dó i dTithe an Oireachtais tráthnóna, dúirt Iognáid Ó Muircheartaigh ‘gur mór an trua’ an cinneadh conspóideach

Díomá ar iaruachtarán OÉ, Gaillimh faoin chinneadh maidir le riachtanas Gaeilge

Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Iognáid Ó Muircheartaigh

Údar “díomá” d’Iognáid Ó Muircheartaigh, iar-uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an Uachtaráin san Ollscoil sin.

Ag labhairt dó i dTithe an Oireachtais tráthnóna, dúirt iar-uachtarán na hOllscoile, “gur mór an trua” an cinneadh conspóideach nár ghá feasta Gaeilge a bheith ag uachtaráin an choláiste.

Thagair Ó Muircheartaigh don reachtaíocht a leagann cúram speisialta ar an Ollscoil ó thaobh na Gaeilge agus dúirt sé go raibh súil aige go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile, beag beann ar an gcinneadh a rinne údarás na hOllscoile ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí Ó Muircheartaigh ag labhairt thar ceann Gaillimh le Gaeilge ag cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais tráthnóna.

Ag an gcruinniú céanna cheistigh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, an tionchar a bheadh ag leithéid chinneadh na hOllscoile ar ‘stádas dátheangach’ chathair na Gaillimhe agus é buartha faoi institiúidí móra na cathrach a bheith ag baint de stádas na Gaeilge.

Bhí ionadaithe ón ngrúpa Cearta Oideachais os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chomh maith tráthnóna agus an Bille Iontrála Scoile á phlé acu.

Thug Éamon Ó Cuív le fios go raibh tacaíocht Fhianna Fáil ag éileamh Chearta Oideachais go ndéanfaí leasú ar an mbille chun go mbeadh cead ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do ghasúr arb í an Ghaeilge an teanga baile atá acu, sa chás go mbeadh ró-éileamh ar scoil. Dheimhnigh an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh go raibh tacaíocht an pháirtí sin ag Cearta Oideachais chomh maith. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag tacú chomh maith le héileamh an ghrúpa tuismitheoirí.

Is féidir tuairisc bheo ar chruinniú an lae inniu i dTithe an Oireachtais a léamh anseo.

Fág freagra ar 'Díomá ar iaruachtarán OÉ, Gaillimh faoin chinneadh maidir le riachtanas Gaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cé a bhí ina Uachtarán ar OÉG nuair a fuarthas réidh le hAcht Choláiste Phríomhscoile na Gaillimhe 1929?
    Cé a d’iarr ar an Rialtas fáil réidh leis?
    Ní fiú bheith ag caoineadh i ndiaidh na socraide.
    Ní bua acadúil é diúltú Gaeilge (nó teanga ar bith eile) a fhoghlaim.