Díomá ar Cunningham faoi ‘kangaroo court decision’ agus é ag éirí as mar bhainisteoir na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag Anthony Cunningham go bhfuil sé ag éirí as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe, agus tá cáineadh déanta aige ar na himreoirí a spreag an cinneadh

Bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham. INPHO/Lorraine O'Sullivan
Bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham. INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá sé fógartha anocht ag Anthony Cunningham go bhfuil sé ag éirí as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe. D’eisigh Cunningham ráiteas anocht mar mhíniú ar a chinneadh agus tá cáineadh déanta aige ar na himreoirí a bhí ag déanamh iarrachta fáil réidh leis.

Cé gur glacadh le Cunningham mar bhainisteoir na Gaillimhe do 2016 ag deireadh mí Mheán Fómhair, tháinig sé chun solais nach raibh na himreoirí sásta leis agus go raibh siad ag iarraidh go dtabharfaí fear nua isteach. Bhí iarrachtaí ar bun le mí anuas an scéal a réiteach ach ní raibh aon rath ar na hiarrachtaí sin agus bhí cruinniú eile le bheith ag bord an chontae anocht chun an scéal a phlé.

Ina ráiteas, dúirt Cunningham go raibh “díomá” air agus é ag éirí as an bpost, go háirithe nuair nach bhfuil, dar leis, míniú ceart tugtha ag na himreoirí ar céard iad na fadhbanna a bhí ag cur as dóibh. Is é tuairim Cunningham go bhfuil baicle imreoirí ag iarraidh a n-áiteanna a choinneáil ar fhoireann na Gaillimhe agus go bhfuil comhairle á cur orthu ag daoine taobh amuigh den chontae.

“I consider this a kangaroo court decision, led by a core group of players orchestrated with the help of others outside Galway, motivated by a desire to unjustly extend their lifespan as inter-county players placing their agendas above the greater good of Galway Hurling,” a dúirt Cunningham.

Deir Cunningham ina ráiteas go raibh na Gaillimhigh i bhfoisceacht 35 nóiméad de chraobh na hÉireann a bhuachan i mbliana agus, mar gheall air sin, go raibh sé míréasúnta a bheith ag iarraidh fáil réidh leis ag an bpointe seo. Dar le Cunningham féin gurb é féin agus a fhoireann bainistíochta is túisce a thabharfadh Corn Mhic Cárthaigh ar ais go Gaillimh.

Tá ceithre bliana caite ag Cunningham sa phost agus cluiche ceannais na hÉireann sroichte faoi dhó ag Gaillimh le linn an ama sin, chomh maith le Craobh Laighean a bhuachan i 2012.

Fág freagra ar 'Díomá ar Cunningham faoi ‘kangaroo court decision’ agus é ag éirí as mar bhainisteoir na Gaillimhe'