Díomá ar Choiste Oireachtais nár ghlac Bruton le cuireadh scrúdú cainte Gaeilge an Teastais Shóisearaigh a phlé

Beidh oifigigh de chuid na Roinne Oideachais i láthair an choiste Oireachtais tráthnóna chun an cinneadh deireadh a chur le scrúdú cainte an Teastais Shóisearaigh a phlé ach níor ghlac an tAire Oideachais féin le cuireadh a bheith i láthair

Díomá ar Choiste Oireachtais nár ghlac Bruton le cuireadh scrúdú cainte Gaeilge an Teastais Shóisearaigh a phlé

Tá díomá ar bhaill Choiste Gaeilge an Oireachtais nach mbeidh am tAire Oideachais i láthair inniu ag cruinniú chun plé a dhéanamh ar an gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú cainte don Teastas Sóisearach.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús ní bheidh aon scrúdú cainte Gaeilge ar shiollabas nua an Teastais Shóisearaigh a thabharfar isteach i mbliana.

Tá iarrtha ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais ar an Aire Oideachais Richard Bruton an cinneadh deireadh a chur leis an scrúdú roghnach Gaeilge don Teastas Sóisearach a chur siar ar feadh bliana le go bhféadfaí an cás a phlé.

Beidh oifigigh de chuid na Roinne Oideachais i láthair an choiste Oireachtais tráthnóna chun an cás a phlé ach níor ghlac an tAire Bruton féin le cuireadh a bheith i láthair.

Údar díomá do bhaill an choiste nach mbeidh an tAire ag cruinniú an lae inniu chun ceisteanna a fhreagairt.

“Cé go mbeidh oifigigh ón Roinn ag freastal ar an gcruinniú chun an t-ábhar seo a phlé, ní bheidh an tAire féin i láthair. Tá an-díomá ar an gCoiste nach mbeidh an tAire i láthair ag an gcruinniú.

“Ag an gcruinniú amárach, beimid ag iarraidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna na hathruithe atá socraithe maidir leis na scrúduithe béil sa Teastas Sóisearach a chur siar go dtí go mbeidh deis ag an gCoiste an cheist seo a athbhreithniú agus a thuairim a thabhairt maidir leis na socruithe,” a dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly.

Dar leis an Teachta Dála neamhspleách nach raibh “ciall” leis an gcinneadh deireadh a chur le scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach.

“Tá a fhios agam nach raibh gach uile scoil ag baint úsáid as ach bhain a lán scoileanna úsáid as an scrúdú béil. Níl ciall ná réasún leis an gcinneadh fáil réidh leis an scrúdú, go háirithe an scrúdú Gaeilge i gcomhthéacs an pholasaí nua oideachais don Ghaeltacht,” a dúirt sí.

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta le déanaí gur ‘botún’ mór a bhí ann fáil réidh le scrúdú cainte an Teastais Shóisearaigh, botún a dhéanfadh “dochar as cuimse d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chleachtadh na Gaeilge”.

Mhaígh ball amháin den toscaireacht, Máire Clár Nic Mhathúna, Príomhoide Scoil Naomh Colmcille, Oileán Thoraí, a bhí i láthair ag an gcruinniú go n-imeodh “Gaeilge dhúchasach” na Gaeltachta as “iontach gasta” mura dtabharfaí aitheantas don teanga labhartha sa chóras.

Ní bheidh aon scrúdú cainte sa Ghaeilge, ná i dteanga ar bith eile, le déanamh ag aon scoláire a bheidh ag tosú ar an meánscoil i bhfómhair na bliana seo.

Scrúdú roghnach a bhí sa scrúdú cainte a chuirtí ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach agus b’fhiú 40% den scrúdú iomlán é don té a dhéanfadh é.

Beidh dhá mheasúnú rangbhunaithe i gceist leis an scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach nua. Beidh an dá cheann le déanamh sa tríú bliain. Beidh an dara ceann bunaithe ar thasc/gníomhaíocht a bhaineann leis an teanga labhartha (drámaíocht, cur i láthair, agallamh, ról-imirt, comhrá).

Déanfaidh an múinteoir an dá cheann acu a mheas le tuairiscí (‘thar barr ar fad,’ ‘os cionn na n-ionchas,’ ‘ag teacht leis na hionchais’.)

Chomh maith leis an dá mheasúnú rangbhunaithe sin, beidh tasc measúnaithe eile i gceist agus cuirfear é seo ar aghaidh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit le marcáil. Beidh 10% den mharc iomlán le fáil ar an tasc sin.

Fág freagra ar 'Díomá ar Choiste Oireachtais nár ghlac Bruton le cuireadh scrúdú cainte Gaeilge an Teastais Shóisearaigh a phlé'

  • Liam Mac Lochlainn

    Cuirtear béim ar an éisteacht agus ar an chaint i bhfoghlaim teanga nua-aimseartha ar bith. Tá na dineasáir pholaitiúla beo beathach ar an dá thaobh den teorainn sa tír seo de réir cosúlachta.

  • Mánus

    Beatha teanga í a labhairt. Is é seo an buille marfach is measa fós do thodhchaí na Gaeilge. Tá na “ceanneagrais” ina dtost.

  • Braoin

    Bainfidh seo na bonnaí as faoi údar ar bith a ngabhfadh dalta chuig ranganna nó chuig ócáidí le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge labhartha… agus céard a bhéarfas air gabháil chomh fada leis an nGaeltacht nuair nach gá dó ach creat rialacha a chur de ghlanmheabhair sa mbaile!!