Díomá ar aisteoir Gaeltachta faoi chaint homafóbach ina cheantar dúchais

Bhí Seán Ó Baoill amuigh le cairde i nGaeltacht Thír Chonaill an deireadh seachtaine seo caite nuair a caitheadh maslaí leis faoina chlaonadh gnéis

Díomá ar aisteoir Gaeltachta faoi chaint homafóbach ina cheantar dúchais

Bhí díomá ar an iriseoir agus an t-aisteoir Gaeltachta Seán Ó Baoill, as Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill, faoi ráitis homafóbacha a dúradh leis agus é amuigh le cairde agus é sa bhaile an deireadh seachtaine seo caite.

Dúirt Ó Baoill le Tuairisc.ie gur chuma leis faoi rudaí gránna a bheith á rá leis féin go pearsanta ach go gcuireann sé díomá air go mbíonn ar dhaoine óga aeracha, atá leochaileach faoina ngnéasúlacht, cur suas lena leithéid sa lá atá inniu ann.

Bhí Ó Baoill amuigh le cairde Dé Sathairn seo caite i nGaoth Dobhair nuair a maslaíodh é mar gheall ar a chlaonadh gnéis. Chuir sé teachtaireacht amach ar Twitter an mhaidin dár gcionn faoin eachtra i ngiolc a tharraing go leor airde ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mhínigh Ó Baoill do Tuairisc.ie gur ardaíodh a chroí ag tús an deireadh seachtaine nuair a chonaic sé bratach LGBT ar foluain ina bhaile dúchais mar cheiliúradh ar lánúin aerach as an áit a phós ann an lá sin.

Bhí Ó Baoill sa bhaile agus é i mbun oibre mar fhís-iriseoir le Meon Eile ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bhí ar siúl i Rann na Feirste an deireadh seachtaine seo caite.

“Phós fear de bhunadh an cheantair a fhear ar an gClochán Liath. Bhí caint dhearfach go leor fá dtaobh de agus muintir an bhaile ag rá cé chomh sásta is a bhí daoine faoin dul chun cinn le blianta beaga anuas. Bhí brat LGBT i Loch an Iúir agus chuir sé lúcháir orm agus d’ardaigh mo chroí go raibh mo chomharsana ag iarraidh tacú leis an lánúin.

“Bhí an brat tábhachtach freisin mar tá go leor daoine óga ó na Sé Chontae anseo do chúrsaí Gaeilge agus tá troid ar siúl san áit sin do chearta pósta. Tá sé go deas do dhaoine óga aeracha a fheiceáil go bhfuil tacaíocht ann dóibh,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh ard-oíche ann i Loch an Iúir an oíche sin agus go raibh caint dhearfach go leor ann faoin “dul chun cinn” atá déanta ag sochaí na hÉireann maidir le cearta LGBT le blianta beaga anuas, go mór mór ó bhí an reifreann ar phósadh comhghnéis ann dhá bhliain ó shin.

“Bhí muid ag caint eadrainn féin faoin athrú atá tagtha ar chúrsaí le deich mbliana anuas ó bhí muidinne ar scoil, agus le daoine atá níos sine faoin dóigh a raibh an saol do dhaoine aeracha 20 agus 30 bliain ó shin. Dúirt muid gurbh é an reifreann dhá bhliain ó shin a chuir tús leis an athrú sin agus a chur na glúnta éagsúla ag caint lena chéile faoi,” a dúirt sé.

Nuair a bhí sé amuigh an oíche ina dhiaidh sin, áfach, ghoill caint bheirt fhear a bhí san áit chéanna le Ó Baoill agus a chuid cairde air.

“Chuaigh mé amach le cairde eile oíche Dé Sathairn, agus bhí muid ag baint sult as an oíche. Tuigim go mbíonn daoine ólta agus go dtig liomsa agus mo chuid a bheith beagán thar fóir leis an damhsa agus an chraic ach ní bhím ag iarraidh cur isteach ar dhuine ar bith.

“Bhí mé ag siúl amach as an leithreas agus dúirt beirt rud éigin maslach, cosúil le ‘queer’ nó ‘faggot’, agus dúirt mise ‘an bhfuil sibh ag caint liomsa?’. Thosaigh siad ag gáirí, thiontaigh mé thart agus d’imigh mé,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil “na maslaí uilig cloiste” aige i gcaitheamh na mblianta agus nach gcuireann a leithéid isteach nó amach air anois ach go bhfuil díomá air go bhfuil daoine aeracha ag fás aníos ar fud na tíre a thabharfadh aird ar a leithéid de chaint.

“Corruair is cuma faoi na cairde, an teaghlach agus na daoine maithe atá thart ort, bíonn sé iontach deacair glacadh leis tú féin go bhfuil tú aerach agus caithfidh tú dul i dtaithí ar na mothúcháin sin. Níl sé ceart go mbeadh orthu déileáil le caint mar sin fosta.

“Corruair ní bhíonn a fhios ag an duine féin go bhfuil sé aerach, agus caithfidh tú a bheith tuisceanach agus cúramach faoin téarmaíocht atá in úsáid agat,” a dúirt Ó Baoill.

Chuaigh Ó Baoill i dteagmháil le duine de na fir a chaith anuas air cúpla lá i ndiaidh an eachtra lena fháil amach cén fáth a ndúirt sé na rudaí gránna leis.

“Bhí sé ag cur isteach orm agus chuaigh mé i dteagmháil leis le fáil amach céard ba chúis leis — eagla? aineolas? easpa tuisceana? an ndearna mise rud éigin a chuir isteach air? Bím i gcónaí sásta labhairt le daoine má tá rud ann nach dtuigeann siad.

“Ghabh sé leithscéal liom agus dúirt go raibh barraíocht ólta aige an oíche sin, agus dúirt mise go raibh sé sin go breá agus ghlac mé leis an leithscéal ach mar sin féin níor cheart go dtarlódh a leithéid in 2017,” a dúirt sé.

Tugadh go leor leor freagraí ar an ngiolc a chuir Ó Baoill amach faoin eachtra an tseachtain seo, rud a chuir “iontas” air.

“Tá daoine iontach deas ar Twitter agus tá sé soiléir ó na freagraí sin go bhfuil an tsochaí bogtha ar aghaidh. Ní raibh duine ar bith ag gearán faoi mo tvuít, is tacaíocht uilig a bhí ann,” a dúirt sé.

Is iriseoir é Seán Ó Baoill leis an suíomh Meon Eile agus bíonn sé le feiceáil ar an sobalchlár Ros na Rún ar TG4 freisin.

Fág freagra ar 'Díomá ar aisteoir Gaeltachta faoi chaint homafóbach ina cheantar dúchais'

  • Mise Áine

    Ní maith li0m gur tharla a leithéidí do Sheán, ach tá go leor daoine aineolacha ar fud an domhain, agus is minic go nochtaítear a n-aineolas nuair a bhíonns an t-ól istigh. Is léir, ón méid atá léite agam thuas, gur fear uasal é Seán, agus d’fhéadfadh mo dhuine eile, a chaith go dona leis, ceacht iompair a fhoghlaim uaidh, b’fhéidir.

    Comhghairdeachas ó chroí leis an mbeirt a phós….mo bheannacht orthu,

    ‘Grá gan teorainn,
    grá gan crá,
    grá gan choinníoll,
    grá gan trá.’

  • tglurgan

    Togha fir a Sheáin, is inmholta agus cróga an rud é dúshlan a thabhairt don aineolas & dochracht pé áit as a dtagann sé.

  • Mánus

    Féinmharú leaids aeracha ina chuid des na staitisticí nach ríomhtar. In am ag na heaglaisí a theacht amach agus a admháil go bhfuil go leir feidhmeannaigh reiligiúnda, (ministèir, sagairt srl) aeracha in Éirinn.

  • colette ní ghallchóir

    buarthá gur tharla seo dhuit