‘Díomá agus imní’ ar POBAL mar gheall ar ráiteas Foster faoi Acht Gaeilge

Dúirt Foster gur “gníomhaithe polaitíochta” ba mhó a thug le fios gur theastaigh Acht Gaeilge uathu agus í ag casadh le grúpaí Gaeilge le cúpla seachtain anuas

‘Díomá agus imní’ ar POBAL mar gheall ar ráiteas Foster faoi Acht Gaeilge

Arlene Foster. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá “díomá agus imní” ar an eagraíocht POBAL mar gheall ar an méid a bhí le rá ag Arlene Foster faoi Acht Gaeilge ó thuaidh ar chlár de chuid an BBC le deireanas.

Dúirt ceannaire an DUP ar an gclár Inside Politics ar BBC Radio Ulster gur “beag duine nach gníomhaí polaitíochta é” a thug le fios di gur theastaigh Acht Gaeilge uaidh agus Foster ag casadh le grúpaí Gaeilge ó thuaidh le cúpla seachtain anuas.

Dúirt stiúrthóir POBAL, Janet Muller, gur “seafóid” é maíomh Foster agus gur léirigh an comhairliúchán rialtais a rinneadh maidir le hAcht Gaeilge go raibh éileamh i measc an ghnáthphobail ar an reachtaíocht teanga.

“Thug na mílte daoine freagra dearfach le linn do thrí chomhairliúchán rialtais agus dúirt go raibh siad ar son moltaí POBAL d’Acht na Gaeilge.

“Cuireadh na moltaí seo le chéile le comhairle ó na saineolaithe dlí agus teanga is iomráití ar domhan agus bhí siad comhaontaithe le pobal na Gaeilge thar thréimhse bliana trí chruinnithe agus comhairliúcháin phobail. Léirigh na comhairliúcháin ar fad tacaíocht ó níos mó ná 95% de na freagróirí do mholtaí POBAL,” a dúirt sí.

Thagair sí freisin don “tacaíocht shoiléir” a thug Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe d’Acht Gaeilge ó thuaidh.

“Chomh maith leis an tacaíocht seo ar fad, thar na mblianta, tháinig na mílte duine amach le tacú le moltaí POBAL don reachtaíocht ag mórshiúlta ollmhóra. Beidh deis eile ag an phobal tacaíocht a thaispeáint dúinn arís, an 20 Bealtaine nuair a bheidh an Dream Dearg ag reáchtáil mórshiúl ón gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál go Halla na Cathrach i mBéal Feirste, leis an Acht a éileamh arís,” a dúirt sí.

Tá caint Foster maidir le hAcht Gaeilge cáinte freisin ag iarrthóir toghcháin de chuid Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir. Dúirt Ó Muilleoir inniu go bhfuil “an chluas bhodhar” á tabhairt ag Foster do na grúpaí Gaeilge ar chas sí leo.

“I ndiaidh na gcruinnithe sin, thug ionadaithe na ngrúpaí Gaeilge le fios gur sheas siad céad faoin gcéad leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge – leoga sin an fáth ar chuir siad fáilte roimh an deis bualadh le hArlene Foster. 

“Dúirt siad gur ag labhairt ar son na mílte a thacaigh leis na comhairliúcháin éagsúla ar Acht Gaeilge a bhí siad agus ar son na gcéadta míle atá ag éileamh Achta,” a dúirt an t-iarAire Airgeadais.

Dúirt sé go bhfuil “áthas” air go bhfuil POBAL “ag seasamh go diongbháilte” lena n-éileamh ar Acht Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Díomá agus imní’ ar POBAL mar gheall ar ráiteas Foster faoi Acht Gaeilge'

  • miguel

    Níl ach comhcheilg agus camiléireacht ag siul ag Sinn fein faoin Ghaeilge sa tuaisceart
    Mar an gcéeanna leis an an ait seo níl an Ghaeilge in úsaid mar priomhtheanga agus ni bheidh go deo aris.
    Sin I an fhirinne!! Agus bionn si searbh.. Nil ann ach caitheamh aimsire anois, anseo agus o thuaidh.

  • Breathnóir

    Tá an DUP ag éirí níos fearr i dtaca le ‘optics’, sin an rud atá ar siúl. Dar liomsa gur sin an t-aon fháth a bhuail Foster leis na heagraíochtaí teanga srl. Mar an gcéanna le hAire Oideachais an DUP, Peter Weir, a thug cuairt ar Choláiste Feirste agus ansin a dhiúltaigh do chóir a bheith gach iarratas a bhain le gaelscoil, nó Paul Given ar tógadh cúpla grianghraf de le camán agus ansin a rinne iarracht deireadh a chur le scéim Líofa…